Author |
Message |
(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, February 01, 2006 - 11:26 pm: | |
Lá Fhéile Bhríde. Cérbh í Bríd i ndáiríre? Tuairimí? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2916 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, February 02, 2006 - 04:59 am: | |
Cérbh iad! Bhí bandia ann roimh Bríd na Críostaíochta. Agus aistríodh roinnt tréithe ón mBandia chuig an naomh, rud a chuireann roinnt casadh sa scéal! |
|
Fear n (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, February 02, 2006 - 05:31 am: | |
Cad d'imigh ar na seandéithe agus na seanbhandéithe le teacht na naomh? Ar pinsean? Bhfuil teach altranais dóibh? Ag scríobh a gcuimhní cinn? |
|
Dalta
Member Username: Dalta
Post Number: 37 Registered: 12-2005
| Posted on Thursday, February 02, 2006 - 10:03 am: | |
Cuireadh 'Naomh' roimh a n-ainmneacha. |
|
Fear n (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, February 02, 2006 - 10:54 am: | |
Naomh Crom? Naomh Deiseal? Naomh Éire? Fágadh drong díobh gan a naomhaithe? Fábharachas? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 937 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, February 02, 2006 - 11:23 am: | |
quote:Cad d'imigh ar na seandéithe agus na seanbhandéithe le teacht na naomh? Ar pinsean? Is breá an smaoineamh é sin. Rith an smaoineamh céanna le Thornton Wilder agus rinne sé úrscéal de, The Cabala, thiar sa bhliain 1926. Tá na seandéithe Rómhánacha ina gcónaí sa Róimh fós, sa fichiú aois, i riocht "cabala" de dhaoine uaisle nach bhfuil mórán cumhachta acu. Is fada ó léigh mé an t-úrscéal, ach thaitin sé go mór liom. Caithfidh mé cóip de a fháil agus súil eile a thabhairt air! Ognuno sta solo sul cuor della terra trafitto da un raggio di sole: ed è subito sera. -- Salvatore Quasimodo |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2919 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, February 03, 2006 - 04:08 am: | |
Bhuel. Tarlaíonn sé gur Criostaí mise. Is dóigh liomsa gur aistríodh tréithe roinnt des na déithe réamhchríostaí chuig naoimh ag lucht scríofa na fínscéalta naofa. Ach go raibh fíor dhuine mar croí scéal na naoimh. Cuirtear síos a lán níthe diamhaire do Cholm Chill, mar shampla. Níor tharla amhlaidh i gcás na déith dorcha, ar chúiseanna a luíonn le reasún - cé go dtugtar Domhnach Crom Dubh ar an lá a théann duine ar mhullach Cruach Phádraig, mar shampla. |
|
Fear n (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, February 03, 2006 - 09:14 am: | |
"Rith an smaoineamh céanna le Thornton Wilder agus rinne sé úrscéal de...." Sea, rinne an-chuid daoine a marana ar an scéal thar na blianta. Is dóigh liom gur mheas Schiller go raibh siad ar fán tríd an tsaoil agus gan neamh ná ifreann i ndán dóibh " Tarlaíonn sé gur Criostaí mise". Nach bhfuil ann ach tarlú, a aonghuis? "Is dóigh liomsa gur aistríodh tréithe...." Tagaim leat anseo. " Cuirtear síos a lán níthe diamhaire do Cholm Chill, mar shampla." Bhuel, nárbh é An Céiteannach a dúirt go raibh 22 Cholm Cille ann - Foras Feasa ar Éirinn. "Níor tharla amhlaidh i gcás na déith dorcha, ar chúiseanna a luíonn le reasún - cé go dtugtar Domhnach Crom Dubh ar an lá a théann duine ar mhullach Cruach Phádraig, mar shampla." Bhuel, ba é sin áit chónaithe Chroim, dar Chrom! |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 946 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, February 03, 2006 - 11:10 am: | |
quote:mheas Schiller go raibh siad ar fán tríd an tsaoil agus gan neamh ná ifreann i ndán dóibh Bhí an míniú céanna ag ár sinsir maidir leis an Aos Sí / Tuatha Dé Danann. Scríobh John Carey alt fíor-shuimiúil faoi seo, "The Baptism of the Gods", sa leabhar A Single Ray of the Sun: Religious Speculation in Early Ireland. Leabhar sách gairid atá ann, 123 leathanach, ach is seoid é! (Message edited by dennis on February 03, 2006) Ognuno sta solo sul cuor della terra trafitto da un raggio di sole: ed è subito sera. -- Salvatore Quasimodo |
|
Fear n (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, February 03, 2006 - 11:22 am: | |
Siad na buaiteoirí a scríobhann an Stair |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 947 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, February 03, 2006 - 11:37 am: | |
Sa chás seo is léir ó na téacsanna, áfach, go raibh cuid de na buaiteoirí sách báúil leis na seandéithe. Bhí cuid eile ag iarraidh iad a demonizeáil amach is amach. Ognuno sta solo sul cuor della terra trafitto da un raggio di sole: ed è subito sera. -- Salvatore Quasimodo |
|
(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, February 03, 2006 - 05:34 pm: | |
Os rus é go bhfuil a féile ag tús Imbolg agus lena áit beannaithe i gCill Dara (is crann darach ann) nach féidir go raibh sí cosúil le Demeter agus a crann speisialta agus a baint le torthúlacht? Agus an bhfuil sé fíor gur dhóigh Naomh Pádraig leabhair scríofa i nGaeilge nó an ráfla é? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2925 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, February 03, 2006 - 05:47 pm: | |
Ráfla. Níor úsáid na Gael scribhinní roimh Phádraig! Gach seans gur dhóigh sé gallán ogham nó dhó. (Message edited by aonghus on February 03, 2006) |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 951 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, February 03, 2006 - 06:46 pm: | |
Tá iomrá ar fhleasca adhmaid a raibh téacsanna scríofa orthu in ogham le fáil ansiúd is anseo sna seanscéalta, ach níl a fhios againn an raibh aon bhunús leis an bhfianaise sin. Mar shampla, ó Immram Brain: ocus scríbais inna rundnu-so tre ogum, ocus celebrais dóib íar sin = agus scríobh sé na ranna seo trí ogham, agus cheiliúir sé dóibh ina dhiaidh sin (Message edited by dennis on February 03, 2006) Ognuno sta solo sul cuor della terra trafitto da un raggio di sole: ed è subito sera. -- Salvatore Quasimodo |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 952 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, February 03, 2006 - 07:07 pm: | |
Dúirt Aonghus: Cérbh iad! Bhí bandia ann roimh Bríd na Críostaíochta. Bhí triúr ann roimh theacht na Críostaíochta de réir Shanas Chormaic (ca. 900 AD), mar atá: Brigit .i. banfile ingen in Dagdae... cuius sorores erant Brigit bé legis 7 Brigit bé goibne, ingena in Dagda... Is é sin, Bríd an file, Bríd an bhean leighis, agus Bríd bean na gaibhneachta, iníonacha an Daghda. Ognuno sta solo sul cuor della terra trafitto da un raggio di sole: ed è subito sera. -- Salvatore Quasimodo |
|
fear n (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, February 06, 2006 - 02:10 pm: | |
Má deir an Céitinneach go raibh 22 Cholm Cille ann, an bhfuil fhios ag éinne cé mhéad Brídeachaí a bhí ann? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 972 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, February 06, 2006 - 03:36 pm: | |
Deir Ó Corráin & Maguire in Irish Names go raibh cúigear naomh déag ann leis an aimn Brigit, de réir "foinsí eaglasta". Ognuno sta solo sul cuor della terra trafitto da un raggio di sole: ed è subito sera. -- Salvatore Quasimodo |
|
Fear n (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, February 09, 2006 - 10:24 am: | |
"foinsí eaglasta". Luí an Spioraid Naoimh, is dócha, nó dóirseoir na Vatacáine! |
|