Author |
Message |
Suantrai
Member Username: Suantrai
Post Number: 5 Registered: 11-2005
| Posted on Wednesday, February 01, 2006 - 12:42 pm: | |
Cad é an difear sa chiall idir Teifeach agus Dídeanaí? Nílim féin róchinnte! |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 478 Registered: 06-2005
| Posted on Wednesday, February 01, 2006 - 01:09 pm: | |
Dídeanaí - Refugee Teifeach - Fugitive Sin faighte ó wingléacht.. A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river |
|
Fear n (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, February 01, 2006 - 02:49 pm: | |
Agus cén difear idir Refugee agus Fugitive ? |
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 982 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, February 01, 2006 - 04:13 pm: | |
Tosaíonn tú le duine a bhfuil cosc air áit áirithe a fhágáil. Fágann sé an áit d'aineoinn an choisc. Teitheann sé go háit eile atá sásta é a chosaint (tír eile b'fhéidir?). I súile na chéad áite, is "fugitive" é an duine; i súile na dara háite, is "refugee" é an duine. Braitheann sé ar dhéarcadh duine. Fáilte Roimh Cheartúcháin |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2906 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, February 01, 2006 - 04:22 pm: | |
Tá dídean faighte ag dídeanaí, mar sin tá sé intuigthe go bhfuil sé slán (go fóill). Níl teifeach! |
|
Fear n (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, February 02, 2006 - 05:27 am: | |
Maith sibh! |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 277 Registered: 11-2004
| Posted on Thursday, February 02, 2006 - 03:20 pm: | |
Ní aontaím leis na sainmhínithe thuas. Dídeanaí, sin duine a raibh faoi leatrom sa bhaile, agus d'imigh chun bheith saor uaidh. Teitheach, sin corpach, nó duine ar a bhfuil sé dul roimh chúirt éigin. Uaireanta, is ionann iad, mar aon duine a theith ó chúirt Stalin, mar shampla, bhí sé ina theitheach sa Rúis, ach ina dhídeanaí áit ar bith eile. Má ghlactar leis an mBéarla a chuir Domhnall ar na tearmaí seo. Ach freisin, is féidir a rá gur teitheach an duine agus é ag rith, agus dídeanaí an duine céana nuair atá tír eile dá chosaint. |
|