Author |
Message |
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 908 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, January 27, 2006 - 07:53 pm: | |
Ba mhaith liom an scéal grinn seo a thiomnú don tSiúr Topaza. Tá beirt bhroc ina suí ag an mbeár, ag tabhairt masla cainte dá chéile. Béiceann duine acu go tobann in ard a chinn "Bhuail mé craiceann le do mháthair!" Tagann tost ar an teach tábhairne, chuile dhuine ag fanacht leis an bhfreagra. Béiceann an chéad bhroc arís, "Bhuail mé craiceann le do mháthair!" "Gabh abhaile, a dhaid. Tá tú ar meisce." |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 472 Registered: 06-2005
| Posted on Saturday, January 28, 2006 - 03:11 pm: | |
An-mhaith :D A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2886 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, January 29, 2006 - 09:28 am: | |
Is maith an chasadh gan choinne. |
|
Fear n (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, January 30, 2006 - 10:48 am: | |
Um! Ní mé cad a thiomnaigh an tSiúr Topaza duitse, a raispín! |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 916 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, January 30, 2006 - 12:06 pm: | |
An rud iondúil, gan dabt: damnú síoraí! |
|
Fear n (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, January 30, 2006 - 02:00 pm: | |
ambaist ! ba mhaith liom a taobh sise den damnú síoraí seo a chluinstin, ní ag ceasacht ar do chuimhne atáim!-;) |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 275 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, January 30, 2006 - 03:29 pm: | |
Cé sise? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2895 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, January 30, 2006 - 04:50 pm: | |
|
|
Fear n (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, February 01, 2006 - 10:15 am: | |
Á! Tuigim anois. Ar do shúile fhéin atá an damnú síoraí! agat, a Dhe'n Fhios. Agus shíl mé go raibh tú mór le mná rialta! |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 928 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, February 01, 2006 - 10:44 am: | |
Bhíodh aithne agam ar chúpla bean rialta Búdaíoch tráth den saol (duine acu mar housemate agam i gCalifornia beagnach fiche bliain ó shin), agus feicim mná rialta eile mar iad ansiúd is anseo sa chathair ó am go ham (duine díobh ag siopadóireacht san ollmhargadh Uwajimaya an lá cheana). Tá siad i bhfad níos sofheicthe ná na mná rialta RC na laethanta seo. Agus is cuid den Phacific Rim é Seattle, ar ndóigh. |
|
Fear n (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, February 01, 2006 - 11:04 am: | |
mná rialta PC , is dóigh! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2902 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, February 01, 2006 - 11:05 am: | |
Toisc go bhfuil mná (agus fir) rialta RC (nó an cirte CR?)tar éis fáil réidh lena sainéide. Botún, i'm thuairimse. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2903 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, February 01, 2006 - 11:06 am: | |
PC - an é sin "iar chaitliceacha" (post catholic)? |
|
Fear n (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, February 01, 2006 - 02:27 pm: | |
"Tá siad i bhfad níos sofheicthe ná na mná rialta RC na laethanta seo. Agus is cuid den Phacific Rim é Seattle, ar ndóigh." Cé go bhfuil sé amuigh le hÉirinn go raibh sí ina thír Chaitilíoch, is ar éigean atá sí le leathchéad bliain. Tá níos mó daoine ag gabháil le saol rialta Búdaíoch ná le saol rialta Caitilíoch le blianta beaga. Agus ní den Phacific Rim é Éire! |
|