Author |
Message |
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 895 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, January 25, 2006 - 02:25 pm: | |
Téann fear isteach sa seomra leapa agus caora faoina ascaill leis. "A chroí," a deir sé, "seo an mhuc a mbuailim craiceann léi nuair a bhíonn tinneas cinn ort." Tá a bhean ina luí ar an leaba agus deir sí "Bíodh a fhios agat gur caora í sin, a phleota." "Bíodh a fhios agat nach leatsa a bhí mé ag caint," a deir seisean. (Message edited by dennis on January 25, 2006) |
|
Criostóir
Member Username: Criostóir
Post Number: 6 Registered: 07-2005
| Posted on Wednesday, January 25, 2006 - 07:53 pm: | |
Agus bíodh fhios agat, freisin, go bhfuil an 250ú Lá breithe Mozart ag teacht, ag an Aoine seo chugainn, an 27ú lá de mhí Eanáir. Beidh go leor imeachtaí ar siul i Salzburg an tseachtain seo. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 898 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, January 25, 2006 - 10:26 pm: | |
Sin non sequitur má chonaic mé ceann riamh! So, an féidir é sin a rá i nGaeilge? Deirtear "sin scéal thairis", ach "scéal eile" nó "digression" a chiallaíonn sé sin, ar feadh gur feasach mé. Abairt gan choinne, nach bhfuil ceangailte leis an gcomhrá, is ea an non sequitur. 'Bhfuil aon fhocal mar sin againn? |
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 959 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, January 25, 2006 - 11:02 pm: | |
As Béarla, bainim úsáid as "tangent". Ma smaoiníonn tú ar an gcomhrá mar chiorcal, téann an abairt "off on a tangent". Fáilte Roimh Cheartúcháin |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2875 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, January 26, 2006 - 04:59 am: | |
"Ní bhaineann sin le hábhar" a bheadh agam ar non sequitur. Seans nach eol do Chriostóir conas snáth nua a thosnú? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 901 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, January 26, 2006 - 10:42 am: | |
Seans. Bíodh geall gur ceoltóir é, pé scéal é. Dála an scéil, tá an leagan Béarla den scéal grinn seo ar fáil ag: http://www.allotments4all.co.uk/joomla/component/option,com_smf/Itemid,28/topic, 16316.msg167824 B'fhéidir go bhfuil sé níos fearr (nó níos terrible!) sa bhunleagan. An bhfuil éinne anseo as Oz? (Message edited by dennis on January 26, 2006) |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 271 Registered: 11-2004
| Posted on Thursday, January 26, 2006 - 03:42 pm: | |
Conas a deirtear non sequitur as Laidin? ;-) |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2880 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, January 26, 2006 - 05:01 pm: | |
Má bhí béarla an Rí maith go leor do Caesar, tá sé maith go leor domhsa! |
|