Author |
Message |
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 872 Registered: 02-2005
| Posted on Sunday, January 22, 2006 - 07:49 pm: | |
Tuigtear dom nach bhfuil an bhrí chéanna ag an focal "quite" i Meiriceá agus i mBreatain. Nuair a deir Meiriceánach "it was quite interesting", ciallaíonn sé sin "bhí sé an-suimiúil". Nuair a deir Sasanach an rud céanna, níl sé chomh moltach céanna ná baol air. "Ní raibh sé an-suimiúil dáiríre" an bhrí atá leis go hiondúil. So, conas a úsáidtear "quite" i mBÁC na laethanta seo? |
|
(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Sunday, January 22, 2006 - 09:33 pm: | |
An bhrí Meiriceánach an cuid is mó den t-am, déarfainn, ach braitheann sé go mór ar an gcomhthéacs agus ar mothú an cainteoir. Níl na hÉireannaigh chomh hoscailte is atá na Meiriceánaigh agus níl siad chomh dúnárasach is atá na Sasanaigh. Bíonn úsáid an Béarla níos doiléire in Éirinn ná i dtíortha eile. B'fhéidir gur é sin an fáth go bhfuil saibhreas litríochta chomh mór sin againn. Ag an am céanna, leis an dream nua nouveau riche atá ag teacht chun cinn faoi láthair, is deacair a thuiscint cad tá ag titim amach. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2842 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, January 23, 2006 - 05:12 am: | |
Brí idir eatharthu a bheadh ag an jaicín seo! |
|
Fear n (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, January 23, 2006 - 10:51 am: | |
Bhí sé sin mós suimiúil!!!! |
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 947 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, January 23, 2006 - 02:17 pm: | |
Nuair a chloisim "It was quite interesting", smaoinaím "Bhí sé an-suimiúil". Ní fhaca mé riamh an bhrí eile faoina bhfuil tú ag caint. Nuair a theastaíonn ó Shasannach rud olc a rá faoi rud, úsáideann siad é le diúltach an bhriathair: The food was quite bad. Thankfully though, the music was quite good. Fáilte Roimh Cheartúcháin |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 874 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, January 23, 2006 - 08:06 pm: | |
Go raibh maith agaibh as an aiseolas! |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 879 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, January 24, 2006 - 12:46 pm: | |
Seo an míniú a fuair mé inné ó chara liom i bPerth, Australia. QUITE good = réasúnta maith, gan a bheith ar fheabhas quite GOOD = iontach maith Deir seisean go mbraitheann sé ar bhéim an ghutha. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2853 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, January 24, 2006 - 03:29 pm: | |
Hmm. Agus an amhlaidh nach bhfuil scríobh acu níos mó sna frithphóil? ( Quite!, mar a deir lucht a' Bhéarla!) |
|
Dalta
Member Username: Dalta
Post Number: 29 Registered: 12-2005
| Posted on Wednesday, January 25, 2006 - 12:26 pm: | |
Domsa, ciallíonn 'quite good' sách maith an t-am ar fad. |
|