Nach íorónta an saol uaireannta!
Seans gur chuala sibh trácht ar dhuine darb ainm Mehmet Ali Agca, an Turcach a rinne iarracht an Pápa a mharú i 1981, a mharaigh duine eile sa Tuirc i 1979, agus a rinne dhá bhanc a robáil sa Tuirc freisin.
Inniu, rialaíodh sa Tuirc go bhfuil an duine seo mí-oiriúnach do sheirbhís mhíleata, seirbhís atá éigeantach sa tír ar gach fear.
Nach cur amú acmhainní daonna é seo? Is léir gur breá leis daoine a mharú...
An scéal ar láithreán BBC:
http://news.bbc.co.uk/2/hi/europe/4617928.stm