Author |
Message |
Mbm
Member Username: Mbm
Post Number: 5 Registered: 01-2006
| Posted on Monday, January 16, 2006 - 09:53 am: | |
Tá cara liom tar éis ceist shuimiúil a ardú liom. Cén fhuaim a dhéanann cait, agus daoine ag déanamh aithrise orthu as Gaeilge? Tá meow nó miaow sa Bhéarla, mnau sa tSeicis, ... Cad é an focal Gaeilge? Ní bhfuair mé an t-eolas seo in aon fhoclóir. Seans go bhfuil muintir na Gaeltachta faoi thionchar an Bhéarla chomh mór sin inniu go ndeir siad meow an Bhéarla, freisin. Más amhlaidh atá, cad a deirtí fadó? Michal (Message edited by mbm on January 16, 2006) |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2824 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, January 16, 2006 - 10:46 am: | |
Tá "míabh" nó rud cosúil leis feicthe agam. Ní maith liom cait, ... Beidh mé i bhfad ó mo leabhargán go ceann seachtaine. Ach seans go smaoineoidh mé air nuair a thagaim thar nais. |
|
Fear n (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, January 16, 2006 - 10:52 am: | |
Deirtear: Bíonn an cat ag meabhlach! |
|
Mbm
Member Username: Mbm
Post Number: 6 Registered: 01-2006
| Posted on Monday, January 16, 2006 - 11:10 am: | |
Suimiúil! Ach ceapaim gur meamhlach agus ní meabhlach atá i gceist. De réir Uí Dhónaill, is aidiacht é meabhlach agus ciallaíonn sé shameful, disgraceful, deceiptful, treacherous, deceptive, illusory, seductive, beguiling! In Ó Dónaill, meamhlach = (act of) mewing. Focal eile air ná meamhaíl, dar leis. Más é meamhlach an gníomh, an réadúil a rá gurb é meamh an fhuaim? Is mise, Michal Boleslav Mechura |
|
Fear n (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, January 16, 2006 - 11:20 am: | |
Tá cathú orm, a Mhichil. Fágaim ró-bheachtaíocht faoi dhaoine eile!!! |
|
Mbm
Member Username: Mbm
Post Number: 7 Registered: 01-2006
| Posted on Monday, January 16, 2006 - 11:36 am: | |
Ní chun tú a cháineadh a bhí mé, Fear n! Chuir tú ar an bhóthar ceart mé agus go raibh maith agat as sin. Táim breá sásta glacadh le freagracht na beachtaíochta! :-) Is mise, Michal Boleslav Mechura |
|
Fear n (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, January 16, 2006 - 01:04 pm: | |
Ná lig thar do bhéal é, a mhic!!!! |
|
i gcoinne na gcat (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Tuesday, January 17, 2006 - 06:55 am: | |
Cé go mbíonn na cait ag meamhlach go meabhlach ní féidir liom mo lámha a chuir orthu mar gheall ar na háiléirge. |
|
Mbm
Member Username: Mbm
Post Number: 9 Registered: 01-2006
| Posted on Tuesday, January 17, 2006 - 07:09 am: | |
Mo léan thú! Is mise, Michal Boleslav Mechura |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 848 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, January 17, 2006 - 12:13 pm: | |
Tá seanchat agam,17 mbliana d'aois. Bhí sé cainteach i gcónaí, ach de réir mar a theip ar a lúth (ní féidir leis léim anois) mhéadaigh ar a ghuth. In áit "miabh, miabh" séimh simplí, bíonn gach maamiaaaabhh ilsiollach iltónach in ard a chinn aige, go háirithe ar maidin agus a bhabhla folamh. |
|
Fear n (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, January 18, 2006 - 11:18 am: | |
Cuir Gaeilge ar "maamiaaaabhh"! Freagra: Tá na diabhal daitheacha seo mo chrá! |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 853 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, January 18, 2006 - 11:50 am: | |
quote:Freagra: Tá na diabhal daitheacha seo mo chrá! Gan dabht. Faigheann an créatúr 2.5 mg prednisolone chuile lá! |
|
Fear n (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, January 18, 2006 - 01:22 pm: | |
Dheara, a dhinnis, tusa i do mhangaire drugaí d'andiúlach cait? Mo náire thú! |
|
Robert (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, January 25, 2006 - 12:09 pm: | |
tá tú go holc! Tá siad is deasa, go háirithe, nuair a bhíonn siad ramhar! Míabh leat, A /r/oberit Míabh agat, Uasal Pusóg! |
|
(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, January 25, 2006 - 12:10 pm: | |
Aonghus: Ní maith liom cait, ... |
|
Ciarán_mór
Member Username: Ciarán_mór
Post Number: 2 Registered: 10-2005
| Posted on Monday, January 30, 2006 - 05:16 am: | |
To call a cat or attract its attention I have noticed that Irish people for some reason instinctively say the word ' Pis...pis' pronounced ''peeesh..peesh'or sometimes 'pish..pish' To call a calf the word 'soc' is used. To call ducks the word 'huít' is used. To call dogs the words 'hula' or 'hula hairc' are used. Other animals have different words. Dineen's Irish Dictionary has many of these. As regards the sound made by an 'Irish' cat it would be a variation of the English - something like 'míiaú' |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2891 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, January 30, 2006 - 06:32 am: | |
A Chiarán, tá tú sa chúinne do Gaeilge amháin! |
|
Fear n (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, January 30, 2006 - 10:50 am: | |
Ní mé cad a dheireann sioraf as Gaeilge! |
|
Seán_mac_eochaidh
Member Username: Seán_mac_eochaidh
Post Number: 70 Registered: 11-2005
| Posted on Friday, February 10, 2006 - 11:02 am: | |
Seán Mac Eochaidh Béal Feirste Guthan: +442890507988 http://sean1925.tripod.com |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1004 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, February 10, 2006 - 11:50 am: | |
Ba cheart dúinn an cheist a chur ar chat a tógadh le Gaeilge. Is dóigh liom go dtuigeann mo chatsa "An bhfuil tú ag iarraidh amach arís?", ach sin an méid! Ognuno sta solo sul cuor della terra trafitto da un raggio di sole: ed è subito sera. -- Salvatore Quasimodo |
|
Fear n (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, February 16, 2006 - 10:20 am: | |
Deirtear faoi chait gur muidne a bhíonns traeneáilte acu. Is maith a léann tú intinn do chait chun an cheist a chur uirthi |
|