Author |
Message |
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 841 Registered: 02-2005
| Posted on Sunday, January 15, 2006 - 12:54 pm: | |
Bhí manach ann fadó. Bhí sé ina shaineolaí ar Shútra an Diamaint. Ní raibh ach cóip amháin den leabhar luachmhar sin sna bólaí úd, agus is aige a bhí sé. Thug sé leis é ar feadh na tíre, á mhíniú agus á mhúineadh don chléir agus do na tuataí. Lá amháin bhí sé ag siúl trí na sléibhte ar chonair chúng nuair a chonaic sé seanbhean ag díol tae agus cácaí ar thaobh an bhóthair. Bhí tart agus ocras ar an manach, ach ní raibh aon airgead aige. "Tá seoid ríluachmhar agam ar mo dhroim, Sútra an Diamaint," a dúirt sé. "Má thabharfaidh tú tae agus cácaí dom, inseoidh duit cuid dá mhíorúiltí." Ní raibh an tseanbhean seo dall ar fad ar Shútra an Diamaint, mar a tharla. Thairg sí margadh dó. "Más féidir leatsa, a mhanaigh léannta, ceist shimplí amháin a fhreagairt, beidh tae agus cácaí agat." Bhí seisean sásta agus an-sásta leis sin. "Má itheann tú na cácaí seo," a dúirt sí, "an leis an intinn a bhí agat, leis an intinn atá agat, nó leis an intinn a bheas agat a íosfaidh tú iad?" Ní raibh freagra ag an manach. Thug sé an leabhar luachmhar as a phaca agus thosaigh ag póirseáil tríd, ag iarraidh treorach. Rinne sé staidéar agus machnamh. Bhí an lá ag diúltú dá sholas nuair a thóg an tseanbhean an tae agus na cácaí agus a cuid trealaimh uilig. "Nach amaideach an manach thú!" a dúirt sí leis an bhfear bocht ocrach. "Is le do bhéal a itheann tú cácaí agus tae." Thug sí a droim leis agus thug sí aghaidh ar a teach. (Message edited by dennis on January 15, 2006) |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2813 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, January 15, 2006 - 03:18 pm: | |
Go deas, go deimhin. |
|
Fear n (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, January 16, 2006 - 10:43 am: | |
Soilsiú! |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 426 Registered: 06-2005
| Posted on Monday, January 16, 2006 - 10:45 am: | |
Go maith A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 148 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, January 25, 2007 - 11:19 am: | |
Má fhaigheann Budaíoch bás le gáirí, an dtagann sé ar ais mar aoibh? |
|
Suaimhneas
Member Username: Suaimhneas
Post Number: 201 Registered: 08-2006
| Posted on Thursday, January 25, 2007 - 12:03 pm: | |
Go domhain |
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 221 Registered: 07-2005
| Posted on Thursday, January 25, 2007 - 12:11 pm: | |
Scéal breá. Tá a fhios agam go maith go mbíonn na mná níos cliste ná na fir, go hiondúil. |
|
Suaimhneas
Member Username: Suaimhneas
Post Number: 202 Registered: 08-2006
| Posted on Thursday, January 25, 2007 - 12:17 pm: | |
níos cliste ná na manaigh ar aon nós |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 149 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, January 25, 2007 - 12:29 pm: | |
Bhal, tá duine éigin níos cliste ná duine eile; is dócha.;-) |
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 1422 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, January 28, 2007 - 11:00 pm: | |
quote:Tá a fhios agam go maith go mbíonn na mná níos cliste ná na fir, go hiondúil. Cén sórt freagartha a gheobhfaí dá ndéarfaí an contrary? Caighdeán dúbailte? ; ) (bhFuil ainmfhocal ar bith i nGaeilge ar féidir é a úsáid mar "contrary"?) -- Fáilte Roimh Cheartú -- Ná húsáidigí focail Béarla agus sibh ag labhairt Gaeilge liom, le bhur dtoil. Ní thabharfaidh mé freagra do theachtaireacht ar bith a bhfuil "Gaeilge" neamhghlan inti. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2460 Registered: 02-2005
| Posted on Sunday, January 28, 2007 - 11:07 pm: | |
quote:"contrary"? "a mhalairt" Dúirt mé "bán" ach dúirt seisean a mhalairt (ghlan), .i. "dubh". "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|