mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) » Táillí ollscoile « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

áiséirí_an_aineolaí
Member
Username: áiséirí_an_aineolaí

Post Number: 40
Registered: 08-2005
Posted on Sunday, January 15, 2006 - 06:20 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

An bhfuil a fhios ag duine ar bith, an gcaithfidh mic léinn o thuaisceart Éireanna táillí a íoc, agus iad ag déanamh stáidéir ar ollscoil sa Deisceart? GRMA.

FRC

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 2814
Registered: 08-2004


Posted on Sunday, January 15, 2006 - 03:22 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Is cosúil nach gá:

http://www.oasis.gov.ie/education/third_level_education/fees.html.ga

quote:

Caithfidh tú a bheith i do shaoránach Éireannach nó i do shaoránach de bhallstáit eile de chuid an AE



Glacaim leis go bhfuil saorantacht Éireannach agat, agus fiú muna bhfuil, tá an Ríocht Easaontaithe ina bhall den Easaontas Eorpach.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Mbm
Member
Username: Mbm

Post Number: 4
Registered: 01-2006


Posted on Monday, January 16, 2006 - 07:08 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

De réir m'eolais ní gá d'éinne a bhfuil cónaí fadtéarmach air nó uirthi san Aontas Eorpach táillí fochéime (BA, etc.) a íoc i bPoblacht na hÉireann - rud a chlúdaíonn daoine ó Thuaisceart Éireann freisin, dar ndóigh.

I gcás táillí iarchéime (MA, etc.) tá an scéal difriúil. Bíonn ar gach duine táille a íoc, cúpla míle euro in adhaigh na bliana. Agus anuas air sin, bíonn na táillí thart ar trí huaire níos airde ar dhaoine ó thaobh amuigh den Aontas Eorpach.

An fáth a bhfuil an stuif seo ar eolas agam ná go bhfuil mé féin ag machnamh ar chúrsa máistreachta a dhéanamh luath nó mall áit éigin. Tá mo shúile ar an Ghearmáin mar, murab ionann í agus Éire, níl aon táillí ollscoile i gceist sa tír sin, fiú mas eachtrannach thú, fiú ar leibhéal na hiarchéime.

Michal

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Domhnall
Member
Username: Domhnall

Post Number: 427
Registered: 06-2005


Posted on Monday, January 16, 2006 - 10:50 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ní gá,
Cairde liom im Ollscoil ó Thír Eoghain agus níl orthu!

A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

áiséirí_an_aineolaí
Member
Username: áiséirí_an_aineolaí

Post Number: 41
Registered: 08-2005
Posted on Monday, January 16, 2006 - 11:29 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

GRMA. Cad é mar atá an cúrsa Gaeilge in ollscoil na Gaillimhe?

FRC

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Domhnall
Member
Username: Domhnall

Post Number: 428
Registered: 06-2005


Posted on Monday, January 16, 2006 - 04:03 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Tá cúpla ceann ann? Teanga na Gaeilge nó Cumarsáid agus Geilleagar nó céard?

Pé scéal é, is é Gaillimh an áit is fearr ar domhan.. Na daoine is deise.. Cathair dátheangach *go hoifigiúil*.. Duine as beirt ina Gaeilgeoir..Gaeltacht den scoth.. Saol sóisialta den scoth..

Leanann an liosta ar aghaidh!

A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

áiséirí_an_aineolaí
Member
Username: áiséirí_an_aineolaí

Post Number: 42
Registered: 08-2005
Posted on Tuesday, January 17, 2006 - 10:38 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

an dtig leat léann an áistriúcháin a dhéanamh leis an Ghaeilge, no an mbeadh ort léann an áistriúcháin agus fraincis cuir i gcás a dhéanamh? Tá mé ag smaointiú ar an Ghaeilge a dhéanamh ansin.

FRC

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Domhnall
Member
Username: Domhnall

Post Number: 431
Registered: 06-2005


Posted on Tuesday, January 17, 2006 - 04:29 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Féach thíos do liosta cúrsaí le / trí Ghaeilge ;

http://www.smo.uhi.ac.uk/gaeilge/gaeilge.html#leann

Chun an fhírinne a rá, nílim cinnte faoi aon chúrsa aistriúcháin seachas an ceann a dhéanann mo chúrsa - http://www.dcu.ie/prospective/degrees.php?school=56&prog_type=post

Táimse féin ag déanamh stáidéir ar an nGaeilge í féin, du francais, chomh maith leis an dtaobh ghnó &rl.
Cúrsa den scoth atá idir lámh agam!

A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

áiséirí_an_aineolaí
Member
Username: áiséirí_an_aineolaí

Post Number: 43
Registered: 08-2005
Posted on Wednesday, January 18, 2006 - 06:01 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

An dtiocfadh leat spléacadh beag gasta a thabhairt dom ar na himeachtaí a eagraíonn Cumann Gaelach s'agat? M.sh. céillithe, tráth na gceist srl?

FRC

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Domhnall
Member
Username: Domhnall

Post Number: 438
Registered: 06-2005


Posted on Thursday, January 19, 2006 - 12:24 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Tráth na gceist ó am go h-am le téama iontu ar nós Father Ted / Family Guy.

An Fhéile Cheilteach - "Ball" an-mhór a eagraítear do na céadta mic léinn im Ollscoil. I mbliana béile cúig chúrsa, Republic of Loose, agus Daithí O'Daibhín (a chuireann top40 oifigiúil na hEireann i láthair) mar DJ don oíche.

Ranganna d'fhoghlaimeoirí.

Oícheanta amach sa chólaiste ar dtús agus ansin isteach linn chuig Club an Chonartha i gcomhair dí nó 20!

Stalla a díoltar geansaí an chumainn, eolas fúinn, sticéirí 'grá don ghaeilge' , an fáinne,

Tursaí timpeall na háite.. An ceann seo caite ná turas go Cathair agus Gaeltacht na Gaillimhe.

Imeachtaí 'intervarsity' m.sh. tá oíche ag an gCumann Gaelach, TCD ar dé Céadaoin seo chugainn..

Díospóireachtaí maidir leis an nGaeilge.

Oíche Paisean Faisean / Speed Dating...

Cuirtear sár-obair isteach ach faightear íomha den scoth den Chumann / Gaeilgeoirí.

A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Domhnall
Member
Username: Domhnall

Post Number: 456
Registered: 06-2005


Posted on Sunday, January 22, 2006 - 11:20 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Is sóisialach mé agus aontaím leat Zico gur cóir go mbeadh saor oideachas ar fáil do chách.

Ach níl páirtí sóisialach i gcumhacht in Eirinn faoi láthair so a mhalairt atá ar siúl.

A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river

Add Your Message Here
Posting is currently disabled in this topic. Contact your discussion moderator for more information.


©Daltaí na Gaeilge