Author |
Message |
Seán_mac_eochaidh
Member Username: Seán_mac_eochaidh
Post Number: 60 Registered: 11-2005
| Posted on Tuesday, January 10, 2006 - 05:07 pm: | |
Caide and doigh is fearr an Eaglais in Éireann a Gaeliú? Seán Mac Eochaidh Béal Feirste Guthan: +442890507988 http://sean1925.tripod.com |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2795 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, January 11, 2006 - 04:52 am: | |
Freastal ar na hAifreanntaí Gaeilge. Anamchara le Gaeilge a aimsiú Feidhm a bhaint as an Caiticosma Gaeilge Guí! |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 418 Registered: 06-2005
| Posted on Wednesday, January 11, 2006 - 07:14 pm: | |
Aontaím - "guí"! Scríobh litir chuig an easpag! Abair leis go bhfuil Aifreann i nGaeilge ag Paisley gach dara sheachtain ;) A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river |
|
Zico
Member Username: Zico
Post Number: 17 Registered: 12-2005
| Posted on Saturday, January 21, 2006 - 06:30 am: | |
Ni aontaim leis an polasai togtha ag an Eaglais ata againn anseo - 'se sin an Eaglais ina bhfuil an ollmhor ina bhaill. Nil aon rud cearr le bheith "queer", ba mhaith liomsa a fheiceail seachange, thabharfai na cinne daonna ceanna do chach "fiu" go bhfuil ar daoine beal dorais gay, traveller etc. Im' thuairimse bheadh se an dheacair mar ta daoine cosuil leis an DOC (Desmond O'C) ag siul timpeall na haite cosuil le ta an ait seo ina bhaill acu. Cannon law nios fearr na civil law (maidir leis na daoine a ghortaiodh ar bpaisti i gcaoi an uafasach) ? Hypocrisy, nilim ag ra "Sharia law" - taim ag ra "Justice" - caithfear an daoine is airde - na bishops,archbishops,pope nua etc ....tugadh aire do na abusers, bhi cead tugtha doibh bheith ag ionsai na bpaisti...ta an t-adh liom mar nil aon taithi agam le "athair" seo.DOC - excommunicate thu fein agus gach athair a chabhraigh leis an phroiseas immoral agus unbelievably evil.....nil agam ach guth amhain, an bhfuil fhios agat na go bhfuil BA (Bertie) ina chonai i All Hallows....is cuma liomsa Bertie....bain taitneamh as an 5 star treatment i Pairc Ui Chrocaigh agus gach ait.....meanwhile, nil daonie airithe abalta dul ina chodladh gan an solas fagtha "on" ina sheomra........F.E.A.R - Ian Brown "Falling Empires Are Ruining" |
|
Zico
Member Username: Zico
Post Number: 19 Registered: 12-2005
| Posted on Saturday, January 21, 2006 - 06:36 am: | |
ina sheilbh - botuin "ta an ait ina sheilbh ag DOC" not ina bhaill, caithfear |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 455 Registered: 06-2005
| Posted on Sunday, January 22, 2006 - 11:13 am: | |
Ní deireann an eaglais go bhfuil sé "mícheart" bheith i do Aerach (homognéasach). De réir na hEaglaise, tá roinnt rudaí (go bunúsach, Anal) mícheart. Saoirse cainte atá ann. A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2839 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, January 22, 2006 - 05:06 pm: | |
Sin léamh ró shimplí ar theagasc na hEaglaise, a Dhomhnall. Tá tuiscint na hEaglaise ar an gcollaíocht bunaithe ar oscailt don beatha nua tríd caidreamh idir fear agus bean. Diúltaíonn an Eaglais d'aon collaíocht atá seasc d'aon ghnó. Féach http://www.scborromeo.org/ccc/p3s2c2a6.htm#2357 http://www.scborromeo.org/ccc/p3s2c2a6.htm#2360 & rl. Ceist eile ar fad é gur theip go scannalach ar an Eaglais leanaí a chosaint. Táim dóchasach go bhfuil an ré sin thart go deo, chomh fada agus a bhaineann sé leis an Eaglais in Éirinn. Ach táim imníoch faoi cén eagraíocht atá anois a úsáid ag peidifiligh. |
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 60 Registered: 07-2005
| Posted on Sunday, January 22, 2006 - 09:31 pm: | |
Tharla rud iontach ag an Aifreann ar maidin inniu. Tá an eaglais go mór, agus bhí mise is m’fhear inár ministrí Eocairiste ag coirnéal na haltóra. Chonaic mé cailín óg, timpeall is dhá bhliain déag d’aois, a tháinig chugainn agus thosaigh ag gabháil amhráin álainn. Bhí guth iontach maith aici. Thar éis cúpla nóiméid, d’aithin mé í. Is iníon í d’fhear a bhíodh ina cheoltóir ag an teach pobal gur chaill sé a phost dhá bhliain ó shin. Thug a íarbhean litir don pharóiste ag an am. D’inis an litir don sagart go raibh an fear ciontach in ionsaí mígheanasach ar pháiste cúig bliain is fiche ó shin. Ní bheith post aigesean san Eaglais Chaitliceach arís choíche. Chonaic mé an fear ina sheasamh sa dara líne de shuíocháin, ag féachaint ar a iníon. Bhí brón is cumha le feiceáil ina aghaidh. Bíonn m’iníon féin ina freastalaí ag an altóir. Nuair a chuireann sí a lámh in airde agus thúisíonn na daoine, tagann áthas is bród ar mo chroíse, fiú nach raibh cead ag na cailíní rudaí mar sin a dhéanamh ag aimsir m’óige féin sna seascaidí. Ní raibh cead againn dul gar don altóir mura raibh scuab inár lámha. Ba rud deasghnáthach banda é an scuab. |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 465 Registered: 06-2005
| Posted on Tuesday, January 24, 2006 - 08:15 pm: | |
Ní aontaím le sin. Fadhb a bhíonn agamsa le focal dé ná nuair a scríobh siad na focail síos d'éirigh sé claonta. Tá stádas na cothroime ag gach uile duine agus ní aontaím go bhfuil sé "objectively disordered" nó "They are contrary to the natural law. They close the sexual act to the gift of life" Ach grma as ucht an naisc sin.. Léamh an-spéisiúil a bhí a'am. Mo leithscéal as Béarla a úsáid A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 885 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, January 24, 2006 - 09:53 pm: | |
quote:They close the sexual act to the gift of life Na Caitlicigh uilig a úsáideann coiscíní? Nó iad siúd a tharraingíonn a mbod féin? |
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 956 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, January 25, 2006 - 10:17 am: | |
Maidir leis na péidifiligh san Eaglais Chaitliceach, ceist amháin a thagadh chugam i gcónaí ná: An dtagann sagart chun bheith ina phéidifileach, ná an dtagann péidifileach chun bheith ina shagart? Ceapaim gur gá do dhaoine, péidifiligh a thuiscint. Is heterosexual mise; tarraingítear mé go gnéasach go mná (arb aois timpeall fiche bliain go háirithe). Tá sé sin go hiomlán ó smacht orm. 'Sé an cás céanna le daoine aerach -- tarraingítear iad go gnéasach go daoine den ghnéas céanna, agus tá sé go hiomlán as smacht orthu. Anois machnaigh ar phéidifiligh. Tarraingítear iad go gnéasach go páistí -- agus tá sé go hiomlán as smacht orthu! Is fadhb í péidifiligh, ar ndóigh, má bhítear ag ionsaí páistí go gnéasach. Maidir le homosexuality, ní cheapaim gur fadhb í ar chor ar bith, mar níltear ag déanamh dochar d'éinne. Ach maidir le péidifiligh, is gá na páistí a chosaint uathu. Chun déileáil le fadhb na bpéidifileach (san Eaglais go háirithe), is gá iad a thuiscint. Feicimse dhá fhéidearthacht: A) Tosaímid le péidifileach. Téann sé go dtí an Eaglais Chaitliceach mar beidh deiseanna aige bheith ina aonar le páistí. Anseo tháinig an péidifileach roimh an sagart. B) Tosaímid le sagart. Cad é a thugann sagart chun bheith in a phéidifileach? Celibacy? Anseo tháinig an sagart roimh an bpéidifileach. Cén fáth nach bhfuil freagra tugtha ar an gceist seo... ? Mar tá eagla ar dhaoine gur féidir gurb é an dara féidearthacht -- go dtosáimíd le gnáthfhear agus go tugann celiacy é chun bheith ina phéidifileach. Tá eagla ar dhaoine gur féidir go dtarlódh sé seo d'fhear ar bith. Cuireann sin déistin ar dhaoine -- mise san áireamh. Mar fhear, is fuath liom an smaointe gur féidir go dtiocfainn chun bheith i mo phéidifileach dá mbeinn celibate. quote:Na Caitlicigh uilig a úsáideann coiscíní? Nó iad siúd a tharraingíonn a mbod féin? 'Sí an chuid is mó de Chaitlicigh a úsaídeann coiscíní agus a tharraingíonn a mbod féin! Fáilte Roimh Cheartúcháin |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2865 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, January 25, 2006 - 12:02 pm: | |
Tá fianaise laidir ann gurbh (A) a bhí i gceist - ach níor bhain gach cás mí-usáide le peidifiligh. Bhí deagoirí agus daoine fásta leochaileacha i gceist freisin. Beidh peaca ann i gconaí, agus ní hionann a rá go bhfuil an teagasc cruinn agus go cloíonn gach ball den Eaglais leis i gconaí, agus go foirfe. Tá cúis maith ann go bhfuil an faoistin ann! |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 470 Registered: 06-2005
| Posted on Saturday, January 28, 2006 - 02:49 pm: | |
"They close the sexual act to the gift of life" 'Sé an freagra sa chás seo..An freagra ón nasc ná: Homoghnéasaigh. Daoine Aerach. Daoine Aeracha. - - Cad é an bealach ceart len é sin a chur? Ní féidir 'Aerach' a úsáid mar thréithe dhuine an féidir? A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2885 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, January 29, 2006 - 09:27 am: | |
Tá brí eile, nach mbaineann a bheag na mór le collaíocht, ag aerach i ngaeilge. Go bhfios dom, thaining "gay" mar giorrúcháin ar "good as you", mar sin, ní fhreagraíonn aerach dhó.
aerach [aidiacht den chéad díochlaonadh] a bhfuil aer breá ann; éadrom sa chroí agus san aigne; giodamach. |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 477 Registered: 06-2005
| Posted on Wednesday, February 01, 2006 - 12:56 pm: | |
Tá b&b i nGaeltacht na Rinne darb ainm 'Teach an Aeraigh' Sea, duine saghas as a m(h)eabhair atá i gceist leis an mbrí sin.. A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2907 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, February 01, 2006 - 04:23 pm: | |
Ní hea. Duine gealgáireach, a bhaineann sult as an saol, atá i gceist. |
|
(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Saturday, February 04, 2006 - 04:56 pm: | |
Molaim do gach duine éisteach le amhrán iontach ó lucht Monty Python. Tá an tideal ‘Every sperm is sacred” air. Nuair a chuala mé é, chuir sé ag gáire mé agus ní raibh mé buartha faoi cheisteanna móra an tsaoil, cosúil leis na cinn anseo, níos mó. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 958 Registered: 02-2005
| Posted on Saturday, February 04, 2006 - 08:38 pm: | |
Is cuimhin liom ón scannán é! "... every sperm is good. Every sperm is wanted, in your neighborhood." Meas tú an bhfuil sé le cloisteáil ar an idirlíon? Rachaidh mé á chuardach anois díreach. OK, is cosúil go bhfuil sampla de ar fáil ó Amazon, cé nach raibh mé in ann éisteacht leis: http://www.amazon.com/gp/product/B0000080MW/104-5416405-8870338?v=glance&n=5174 (Message edited by dennis on February 04, 2006) Ognuno sta solo sul cuor della terra trafitto da un raggio di sole: ed è subito sera. -- Salvatore Quasimodo |
|
(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Saturday, February 04, 2006 - 09:42 pm: | |
Bheadh sé níos fearr fós é a fheiceáil. Monty Python’s The Meaning of Life (1983). Freagra ar an gceist is mó is un raggio di sole. |
|
(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Saturday, February 04, 2006 - 09:56 pm: | |
http://www.devilducky.com/media/35655/ Video agus amhrán ar an idirlíon. Bain taitneamh as! |
|
(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Saturday, February 04, 2006 - 10:39 pm: | |
Ar ais ag an gceist: “Caide and doigh is fearr an Eaglais in Éireann a Gaeliú?” Freagra: Tabhair meas do mná. Is ní ionann meas agus a rá, 'Níl cead agaibh bheith i bhúr sagairt mar is mná sibh.' Ag smaoineamh ar Naomh Bríd agus ‘Bhí bandia ann roimh Bríd na Críostaíochta’ agus ‘Bríd an file, Bríd an bhean leighis, agus Bríd bean na gaibhneachta, iníonacha an Daghda’, tá sé in am don Eaglais athrú go hiomlán ina deacra mar bhí meas ar mná i gcultúr na nGael. Mar sin, leis an Eaglais a ghaeliú, faigh reidh le patriarchy, misogyny agus phobias seafóideacha eile. Sin é mo thuairim. |
|
(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Sunday, February 05, 2006 - 02:29 am: | |
Ní féidir linn fíon a dhéanamh, mar sin póitín san eaglais ghaelach? |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 491 Registered: 06-2005
| Posted on Monday, February 06, 2006 - 07:18 am: | |
Ara stop! Os rud é gur tharla a leithéid bheadh chuile duine páirteach! Aontaím go huile is go hiomlán led thuairim.. Ach ceapaim nach dtéann tú fada go leor.. Ba chóir go mbeadh cead ag Daoine Aeracha páirt a ghlacadh &rl A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2930 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, February 06, 2006 - 08:20 am: | |
Tá focail le rá ar na habháir úd ag ceann na hEaglaise. Fch Matha 5:17 agus Matha 10:34 Ní dúirt Sé go mbeadh rudaí éasca Dá Eaglais. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2931 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, February 06, 2006 - 08:33 am: | |
Agus maidir le "gaelú" na hEaglaise: fch mar shampla Rómhánaigh 10:12 Is ionann gach cine i súile an Tiarna. |
|
(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, February 06, 2006 - 01:19 pm: | |
Ach Aonghus, Ní ionann an méid atá scríofa sa bhíobla agus an méid a scríobhtar sa Vatican. Agus is maith an rud é. Mar tá rudaí uafásacha scríofa ins an mBíobla agus ag an Róimh. Is brea liom teachtaireacht Iosa: Déan maitheas. Ná gortaigh daoine agus ná bí ag caitheamh clocha. Ach caitheann an Eaglais clocha go minic agus gortaíonn siad daoine. Bhí meas ag Iosa ar dhaoine nach bhfuair meas go minic ins an am sin. Níl an meas sin le feiceáil i dteachtaireachtaí ón Vatican. A Dhomhnaill, Is féidir liom dul i bhfad níos faide ach nílim ag iarraidh daoine a ghortú. Tá an-damáiste go deo déanta ag an eaglais. Tuigim go gcabhraíonn an eaglais le go leor daoine agus ní mhaitheann sé sin an dochar uafásach déanta maidir le pedophiles agus staid na mban, daoine ‘aerach’ agus araile. Agus níl deireadh leis sin Aonghus. Leanann sé ar aghaidh agus milleann sé saolta. Mar sin guímis go mbeidh solas ag teacht ón spéir agus go bhfeicfidh an Pápa e agus go tuigfidh sé. Ach ná bíodh ár súile dúnta mar tá daoine ag fulaingt go géar. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2935 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, February 06, 2006 - 04:33 pm: | |
Ní mór éisteacht leis an teachtaireacht iomlán. Ní féidir píosaí a phiocadh as. Tuigim go gcuireann teagasc na heaglaise olc ar dhaoine, agus go bhfuil peacaigh i measc lucht na heaglaise i gconaí, agus beidh. Ní raibh Peadar féin gan locht. Ach léigh an teagasc iomlán. Níl faic sa teagasc nach bhfuil fréamacha doimhne aige i dteagasc Chríost. Tá an meas le feiscint, toisc go bhfuil an meas ann: má chuireann tú an dua ort fhéin an méid a scríobh an Phápa a léamh, seachas claoninsint air. http://www.vatican.va/holy_father/benedict_xvi/encyclicals/index_en.htm |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 492 Registered: 06-2005
| Posted on Tuesday, February 07, 2006 - 06:44 am: | |
Ceart agat Agus léigheann mé an teagasc iomlán.. sin an fáth nach dtéann cúpla rud a deireann an róimh isteach orm.. A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2943 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, February 07, 2006 - 10:56 am: | |
Bhuel. Fch Matha 5:27-28, 5:32, 7:21 agus, agus. Tá teagasc na heaglaise ann; tá drochgníomhartha roinnt baill den eaglais ann. Ní hionann iad. Agus maidir le clocha a chaitheamh, féach Eoin 8: Ní dúirt sé "imigh agus déan do rogha rud" dúirt sé "imigh, agus ná peacaigh arís". Is fíor gur gá don eaglais leorgníomh a dhéanamh i bpeacaí a mbaill, agus go hairithe a cuid aoirí. Ach ní hionann sin agus a rá nach bhfuil bunús leis an dteagasc. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 980 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, February 07, 2006 - 12:24 pm: | |
quote:Ceart agat Sin ár gcara Caitríona, aka caitrionasbcglobalnet, ag scríobh óna ríomhaire tánaisteach. A Chaitríona, a chroí, déan gar dúinn agus cuir d'ainm le do chuid teachtaireachtaí uilig. Aithním do ghuth agus d'uimhir faoin am seo, ach ní hamhlaidh do na Daltaí eile a léann thú. Ognuno sta solo sul cuor della terra trafitto da un raggio di sole: ed è subito sera. -- Salvatore Quasimodo |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 981 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, February 07, 2006 - 12:33 pm: | |
Léigh mé ar an New York Times ar maidin go mbeidh an scannán The Da Vinci Code ar an scáileán mór ar an 19ú lá de mhí na Bealtaine. Ognuno sta solo sul cuor della terra trafitto da un raggio di sole: ed è subito sera. -- Salvatore Quasimodo |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 280 Registered: 11-2004
| Posted on Tuesday, February 07, 2006 - 01:48 pm: | |
Beidh racán i measc na gCaitliceach, muise. Beidh siad ag éileamh go mbainfear na cinn de na daoine a mhaslaigh iad (agus gach duine dá gcomharsana), agus ag dó ambasáidí, agus araile. Cinnte. |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 496 Registered: 06-2005
| Posted on Tuesday, February 07, 2006 - 03:27 pm: | |
Níor chuala mé aon rud faoin Róimh agus iad i gcoinne 'Brokeback Mountain' Ach é sin ráite níl a ghlór chomh láidir is a bhí sí. A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river |
|
caitriona (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Tuesday, February 07, 2006 - 10:10 pm: | |
A Dennis, a chara, Níl mé in ann m’ainm a chur isteach ar cheathtar acu anois. Sin é an fath a scríobh mé le ainm difriúil uair amháin ( Síofra) ach mhothaigh mé seafóideach dá dhéanamh. Déanfaidh mé iarracht arís ach ceapaim go gcaithfidh mé ainm eile a úsáid. Maidir leis an Da Vinci Code, tá na páistí insan méanscoil anseo an-tógtha leis. Caithfidh mé a adhmháil gur thaitin sé go mór liom freisin. A Dhomhnaill, a chara, Go raibh maith agat agus go néirí an tadh leat. Meas tú an rabhamar ar an gCeathrú Rua ag an am céanna? A Aonghus, a chara, Is brea liom go bhfuil creideamh láidir agat agus go bhfaigheann tú sólas ann. Is maith an rud é sin. Tá bóthar eile agam agus faighim sólas in áiteachaí eile agus tá sé sin ceart go leor freisin agus ní dóigh liom go bhfuil mé in ann an domhan a athrú chomh heasca sin. Gach dea-ghuí ( b’fhéidir ó áit eile ach dea-ghuí mar sin féin), Caitríona |
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 67 Registered: 07-2005
| Posted on Tuesday, February 07, 2006 - 11:23 pm: | |
quote:Níor chuala mé aon rud faoin Róimh agus iad i gcoinne 'Brokeback Mountain' An ndéanann Róimh ráitis oifigiúla in aghaidh scannán? Níor chuala mé rud mar sin riamh. Dá dtosóidís ar liosta mar seo, bheadh sé an-fhada. Tá eascainí ina bhéal ag beagnach gach aisteoir na laethanta seo. Breis agus cúig bliana ó shin léigh mé liosta de scannáin a mhol an Vaiticean. Tá cuid acu an-mhaith. Bhain mé sult as Jeremy Irons sa scannán "The Mission", mar shampla. Ach ní fhaca mé "8 1/2" nó "Lavender Hill Mob." Seo an liosta má tá suim agat ann: http://www.aggiecatholic.org/movies.html |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2945 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, February 08, 2006 - 04:25 am: | |
A Chaitríona, Tuigim duit. An rud a bhí mé ag cuir ina aghaidh ná iarrachtaí an creideamh s'agamsa a lúbadh, nó rudaí a chuir síos dó nach bhfuil ann. Tá meas agam ar chreideamh dhaoine eile, ach éilím an meas chéanna ar mo chreideamhsa - sé sin, níl mé sásta glacadh le claoninsint air, nó eolas míchruinn faoi, má tá sé ar mo chumas an rud a chuir ina cheart. Tá an tuairim forleathan go raibh an creideamh a chraobhscaoil Íosa bog lách, agus go ndearna an Eaglais rud docht daingean frith dhaonna de. Ní dóigh liom gur fíor ceachtar ní - is chuige sin a bhí mé. Aithním go bhfuil leorgníomh le déanamh agamsa agus ag an eaglais inár bpeacaí. Mar fhocail scoir, iarraim pardún más rud é gur mhaslaigh mé aoinne anseo - bhíos teasaí go maith i roinnt des na snáthanna. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 281 Registered: 11-2004
| Posted on Wednesday, February 08, 2006 - 10:37 am: | |
Gach uair is cuimhin liom go ndúirt an t-easpag rud i gcoinne cláir nó scannáin, is cuimhin liom go raibh tóir níos mó air mar gheall air sin. Tharla leis The Life of Brian. Tharla le clár agus duine aerach ann den chéad uair (ní cuimhin liom teidil an chláir). Ní fhaca mé iad, mar atá - d'éist mé leis an easpaig. Ach amháin, chonaic mé Agnes of God (agus aiféala orm anois). Nuair a bhí an cultúir ag dul in olcas sna seachtóidí, tugadh treoir don deoise. Ní deireann Róimh rud ina gcoinne, mar a dúirt tú, mar bheadh an iomarca ann. Agus ní féidir a leithéid a sheachaint níos mó, in aon chor. Ní mór dúinn bheith cinnte faoin bhfírinne mar a thuigimidne í (mar a bhíonn Aonghus ag iarraidh a dhéanamh - treise leat, a Aonghuis). Tá diféar ann idir rud nach maith linn, agus rud atá ag sceapadh bréag fúinn. Tá mórán daoine ag bréagnú The Da Vinci Code, mar shampla. Ní gá leis an bPápa sin a dhéanamh! |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 988 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, February 08, 2006 - 11:22 am: | |
Céard a tharla don "imprimatur"? An bhfuil sé ann fós? Tá seanleabhar agam (1937), Flóisíní Shain Próinsias, leagan Gaeilge de I Fioretti di San Francesco, agus tá an méid seo ar an dara leathanach: Nihil Obstat: Dionysius O'Floinn, Censor Theol. Deput. Imprimi potest: +Eduardus, Archiep. Dublinen., Hiberniae Primas Dublini, die 8a Maii anno 1937 Tá an Laidin sách éasca, ach.. an fossil é seo? Ognuno sta solo sul cuor della terra trafitto da un raggio di sole: ed è subito sera. -- Salvatore Quasimodo |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 282 Registered: 11-2004
| Posted on Wednesday, February 08, 2006 - 11:33 am: | |
Tá sé ann fós, gan dabht. Sin atá ann chun cur in iúl nach bhfuil aon rud mícheart sa leabhar sin maidir leis an gcreideamh. Nílim rí-chinnte faoin difear idir Nihil Obstat agus Imprimatur. Sílim go bhfuil an Imprimatur níos tábhachtaí, ach nach féidir sin a fháil gan an Nihil Obstat. A Aonghuis? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 989 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, February 08, 2006 - 11:39 am: | |
quote:Tá mórán daoine ag bréagnú The Da Vinci Code Sheachain mé é go dtí le déanaí, ach caithfidh mé admháil anois gur bhain an-taitneamh as mar phage-turner. Rinne an t-údar fíor-éacht sa ghenre a bhfuil sé ag scríobh ann, mar atá an mystery/thriller (mistéir/scéinséir?). Tá a lán rudaí NACH bhfuil ann: carachtair dodhearmadta, castacht shíceolaíoch, scríbhneoireacht fhileata, agus... fírinne stairiúil. Ach is FICSEAN é, tar éis an tsaoil. Is féidir an-sult a bhaint as an bplota corraitheach má chuimhnítear gur scéalaíocht atá ann, ní stair. Ognuno sta solo sul cuor della terra trafitto da un raggio di sole: ed è subito sera. -- Salvatore Quasimodo |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 991 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, February 08, 2006 - 12:32 pm: | |
Thug mé faoi deara go ndearna mé cúpla botún sa teachtaireacht roimhe seo. Tá ceann acu sách greannmhar -- domsa, ar aon nós. Shéimhigh mé an focal Francach genre go meicniúil. Ach conas a shéimhítear an fhuaim zh? Thug mé iarracht ar "sa ghenre" a rá agus phléasc mé amach ag gáire! Ognuno sta solo sul cuor della terra trafitto da un raggio di sole: ed è subito sera. -- Salvatore Quasimodo |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 283 Registered: 11-2004
| Posted on Wednesday, February 08, 2006 - 12:59 pm: | |
Is fíor duit gur ficsean é. Ach nach ndúirt an t-údar go bhfuil sé bunaithe ar an stair? I bhfírinne, tá sé buanaithe ar leabhar bréagach Francach ón naoiú aois déag (más buan mo chuimhne). Tá sé cosúil le leabhar bunaithe ar The Protocols of the Elders of Zion. Is masla sin, a thugann meas do fhuil-leabhal. Ní fheadar an amhlaidh leis The Satanic Verses. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 992 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, February 08, 2006 - 01:09 pm: | |
quote:do fhuil-leabhal Níl an focal sin agam; blood-libel ? Ognuno sta solo sul cuor della terra trafitto da un raggio di sole: ed è subito sera. -- Salvatore Quasimodo |
|
caitriona (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, February 08, 2006 - 01:15 pm: | |
Aonghus GRMT Re: gur mhaslaigh mé aoinne anseo - bhíos teasaí go maith i roinnt des na snáthanna. Níor mhaslaigh agus níor airigh mé é. Is tá meas agam ort mar feicim an chaoi a chabhraíonn sibh le daoine anseo. Tá tuairimí láidre agatsa agus agamsa agus tá siad dirfiúil mar táimid at teacht ó áiteachaí eile. Ach is maith an rud é sin i díospóireacht ach mar is gnáth tá sé deacair caint a dhéanamh ar ábhair cosúil le creideamh agus cúrsaí polaitíochta ( nó an GAA –creideamh eile) gan mothucháin láidre. Mar sin fágfaidh mé an ábhar seo. Slán go fóill. A Sheáin Re: Beidh siad ag éileamh go mbainfear na cinn de na daoine a mhaslaigh iad. Ní raibh, níl, is ní bheidh. Níl siad ag iarraidh damáiste a dhéanamh; tá siad ag iarraidh daoine a chosaint agus foreigean a stopadh. Caitríona |
|
caitriona (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, February 08, 2006 - 01:18 pm: | |
Gabh mo leithscéal. Cuir ‘A Sheamais’ in áit ‘A Sheáin’ thuas. C |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 284 Registered: 11-2004
| Posted on Wednesday, February 08, 2006 - 01:59 pm: | |
A Chaitríona - bíonn an íoróin ann nuair a scríobhaim. Tá a fhios ag gach éinne nach ndéanann Caitlicigh a leithéid. A Dhonnachaidh, se, blood libel. Droch-bhréag a spreagann daoine chun daoine eile a mharú - sna pogrom(anna?), mar shampla. (Message edited by séamas_Ó_neachtain on February 08, 2006) |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 993 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, February 08, 2006 - 03:13 pm: | |
quote:blood libel. Droch-bhréag a spreagann daoine chun daoine eile a mharú Tá sé sin beagán láidir! Ar léigh tú an leabhar? Tá aisiompú tar éis aisiompaithe ann. Ní mar a shíltear a bhítear arís is arís eile san úrscéal seo. Níor mhaith liom an scéal a mhilleadh ar aon duine nár léigh fós é... ach deirtear go neamhbhalbh go raibh an Eaglais agus Opus Dei "neamhchiontach" i ndeireadh na dála, agus is moltach an íomhá dheireanach a fhaigheann muid den Easpag Aringarosa. Ognuno sta solo sul cuor della terra trafitto da un raggio di sole: ed è subito sera. -- Salvatore Quasimodo |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2949 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, February 08, 2006 - 03:22 pm: | |
Maidir leis an Nihil Obstat agus Imprimatur, dha céim atá ann, go bhfios dom. Fch an méid a sciob mé ó áit éigin eile anseo: http://www.daltai.com/cgi-sys/cgiwrap/daltai/discus/show.pl?tpc=13510&post=32367 #POST32367 Tá siad fós in úsáid i leabhra a bhaineann leis an gcreideamh. A Chaitríona, grma. Is deas gur féidir linn an cheist a phlé go sibhialta! Cé nach dóigh liom go dtiocfaidh ceachtar againn ar mhalairt tuairim. Rinne an Eaglais beachtú ar cheist an saoirse creidimh ag Vatacáin II http://www.scborromeo.org/ccc/p3s1c1a3.htm#1738 |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2950 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, February 08, 2006 - 03:26 pm: | |
|
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 285 Registered: 11-2004
| Posted on Wednesday, February 08, 2006 - 04:43 pm: | |
******* quote:blood libel. Droch-bhréag a spreagann daoine chun daoine eile a mharú Tá sé sin beagán láidir! Ar léigh tú an leabhar? Tá aisiompú tar éis aisiompaithe ann. Ní mar a shíltear a bhítear arís is arís eile san úrscéal seo. Níor mhaith liom an scéal a mhilleadh ar aon duine nár léigh fós é... ach deirtear go neamhbhalbh go raibh an Eaglais agus Opus Dei "neamhchiontach" i ndeireadh na dála, agus is moltach an íomhá dheireanach a fhaigheann muid den Easpag Aringarosa. ****** Bhí mé ag tagairt dá fhoinse, agus an leabhar frithghiúdach sin. Ní chreidim sin faoin DVC. Conas a dhéantar 'quote' anseo? P.S. Pierre Plantard an duine a thosaigh mórán dá bhfuil sa DVC: http://www.staycatholic.com/debunking_the_da_vinci_code.htm (Message edited by séamas_Ó_neachtain on February 08, 2006) |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2951 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, February 08, 2006 - 05:45 pm: | |
quote:mar seo cuir \ quote { an tagairt } gan na spásanna. Nuair a dhéanann tú leasú, cuir \ newurl { url, ainm } thart ar nascanna - arís gan na spásanna. |
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 68 Registered: 07-2005
| Posted on Wednesday, February 08, 2006 - 07:16 pm: | |
quote:Tá mórán daoine ag bréagnú The Da Vinci Code, mar shampla. Nuair a bhíomar in Éirinn i Mí Lúnasa, fuair m'iníon leabhar dar teideal "The Va Dinci Cod". Tá iasc ar an gclúdach. Is leabhar aoire é. Dúirt sise go bhfuil sé an-ghreannmhar. Ach caithfidh mé an leabhar eile a léamh ar dtús, nó ní thuigfeadh mé na scéalta grinn. Is dócha nach bhfuil an leabhar ar fáil i siopaí i Meiriceá fós. Seo an nasc, má tá suim ag duine ar bith ann. http://www.amazon.co.uk/exec/obidos/tg/stores/detail/-/books/0575077190/reviews/ 026-4198328-2567641 |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 994 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, February 08, 2006 - 07:43 pm: | |
quote:Bhí mé ag tagairt dá fhoinse, agus an leabhar frithghiúdach sin. Ní chreidim sin faoin DVC. Ah, tuigim anois. Ar an dea-uair domsa, is sa scéalaíocht amháin a bhí spéis agam, ní sna "teoiricí" -- an t-uisce faoi thalamh agus mar sin de. Ní gá dom am ná airgead a chur amú ar na leabhair uilig a foilsíodh faoi. Ognuno sta solo sul cuor della terra trafitto da un raggio di sole: ed è subito sera. -- Salvatore Quasimodo |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 995 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, February 08, 2006 - 07:51 pm: | |
quote:"The Va Dinci Cod" Féirplé dó! Séard ba mhaith liomsa a léamh, áfach, ná scigaithris air ón máistir é féin, Terry Pratchett. Ognuno sta solo sul cuor della terra trafitto da un raggio di sole: ed è subito sera. -- Salvatore Quasimodo |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2954 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, February 09, 2006 - 04:02 am: | |
Ceist ama! Ar léigh tú "Thud" fós? Tagann sin gar dó, ó thaobh mí usáid creidimh chun críche cogaidh. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 286 Registered: 11-2004
| Posted on Thursday, February 09, 2006 - 09:27 am: | |
Is breá liom Terry Pratchett. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1016 Registered: 02-2005
| Posted on Saturday, February 11, 2006 - 10:45 pm: | |
quote:Ar léigh tú "Thud" fós? Níor léigh. Níl sé ar fáil i gclúdach bog fós abhus anseo. quote:ó thaobh mí usáid creidimh chun críche cogaidh Feictear dom gur maith le Pratchett a bheith ag séideadh faoi lucht creidimh i gcoitinne. In The Truth ceapann William, an príomhcharactar, nach bhfuil in urnaí ach "dóigh shofaisticiúil le hachainí ar stoirmeacha toirní" ( a sophisticated way of pleading with thunderstorms). Ognuno sta solo sul cuor della terra trafitto da un raggio di sole: ed è subito sera. -- Salvatore Quasimodo |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2961 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, February 12, 2006 - 05:43 pm: | |
Is maith leis séideadh faoi lucht na fimínteachta, feictear dom. Bhí an-léargas ar sin i "Small Gods". (Fuair mé Thud i gclúdach crua ar iasacht ó mo dheirfiúr, is fearr liomsa an éagrán póca freisin). |
|