Author |
Message |
Liam Ó Briain (Unregistered Guest)
Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, January 09, 2006 - 03:41 pm: | |
Sé sainmhiniú tírghrá ná bród agus grá do do tír. Tá go leor bealaí éagsula chun tírghrá a thaispéaint,leithéidí bratach a chrochadh suas áit éicint sa tigh nó taobh amuigh de, bheith ábalta amhráin náisiúnta an tír a chanadh, eolas cruinn agat faoi stair na tíre agus go deimhin ghrá don chultúr-damhsa agus ceol ach go hairid. Ach, níl dabht ar bith agam gurbh é labhairt an teanga an príomh rud chun do bhród agus tírghrá a léiriú don domhan mhór. Ceapaim nach bhfuil an tírghrá chéana ag na hÉireannaigh is atá ag na Meiricéanaigh, na Rúisigh, tíortha na méan oirthear, An India ,An tSeapáín agus go leor áiteachaí eile. Freastalaím ar cluichí shinsir G.A.A. go minic agus níl formhór na ndaoine ag canadh Amhráin na Bhfiann toisc nach bhfuil eolas acu ar na bhfocail nó bhféidír níor mhaith leo Gaeilge a labhairt. Nuair a théim go dtí na cluichí rugbaí idirnáisíunta tá feabhas taghtha ar an scéal le níos mó daoine ag chanadh ach fós ba chóir níos mó bheith ag canadh. Léiríonn na hÉireannaigh náire don chultúr nuair nach labhrann siad Gaeilge. Cad a gceapann sibh faoi sin? |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 412 Registered: 06-2005
| Posted on Monday, January 09, 2006 - 03:59 pm: | |
Níl an grá céanna againne - Mar thír... Tá go leor tírghrá sa sé chontae toisc go bhfuil an dá dhream ag iarraidh na difríochtaí a bhainneann lena gcúltúr féin a chur in iúl. Sna 26 contae níl mórán ghá leis.. Tá go leor daoine sásta lena ‘cúpla focal’ agus sásta leis an mBéarla mar ‘ghnáththeanga’ acu. Tá sé tábhacht dóibh go mbeidh sí ‘ann.’ Tá meas acu don Ghaeilge féin ós rud é go bhfuil sí inár dteanga dúchais. Tá siad sásta go bhfuil a bpáistí ag foghlaim na teanga, go bhfuil seirbhísí nua ar nós TG4 ar fáil agus nach bhfuil sí ar tí báis. Ach teastaíonn uathu go mbeidh An Ghaeilge beo. Níl muintir na hEireann ag fáil go leor ar ais don airgead atá curtha isteach sa Ghaeilge. Meastar dá mba rud é gur úsáid cách cibé leibhéal atá acu ina saol go mbeadh Eire ina tír dátheangach cosúil le aon tír dátheangach eile. Is dóigh go bhfuil sé deacair Amhrán na bhFiann a fhoghlaim gan ghaeilge id cheann. Is ar an Rialtas atá ann locht. Alt 2 – Os í an Ghaeilge an chuid is dúchasaí de thraidisiúin agus de chultúr na hEireann, béidh sé de churam ar an Stát an teanga a chaomhnadh agus a h-úsáid a leathnú.’ (Foinse: Tuarascáil de ghrúpa Aithbhreithnithe an Bhunreachta , Rialtas na hEireann 1996, lch 15.) Ní mar sin a tharlaíonn. Is cuma faoi stair - tá an deis ag an Rialtas Gaeilge a chur ar ais i mbéil an phobail ach déantar tada! >:{ A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river |
|
Seán_mac_eochaidh
Member Username: Seán_mac_eochaidh
Post Number: 59 Registered: 11-2005
| Posted on Tuesday, January 10, 2006 - 05:05 pm: | |
Tá an ceart agat, Domhnall. Ná lig do dhaoine ar bith Bearla a bhrú ort, má's feidir. Seán Mac Eochaidh Béal Feirste Guthan: +442890507988 http://sean1925.tripod.com |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 419 Registered: 06-2005
| Posted on Wednesday, January 11, 2006 - 07:16 pm: | |
Agus ní ligim A Sheáin a chara! A mhalairt atá fíor agus táim bródúil as! A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river |
|
Fe arn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, July 10, 2006 - 11:36 am: | |
Tá roinnt agaibh nach bhfuil "tírghráúil" inniu. Ó, mo náire sibh! |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1593 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, July 10, 2006 - 01:20 pm: | |
Déarfainn, ón méid atá le feiceáil anseo agus ar an idirlíon i gcoitinne, gur rud idirnáisiúnta é an Ghaeilge a labhairt (nó a scríobh). Ní hÉireannaigh muid uilig, ach tá muid Gaelach, más fíor do Niall Ó Dónaill: quote:Gaelach, 1. Irish. 2. Attached to Irish, to Irish culture. Go raibh [do rogha meafar] leat! |
|
Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, July 10, 2006 - 02:09 pm: | |
Tagaim leat a Dhonncha. Is ait an rud é sin, mar i mo chás féin, thosaigh sé mar rud a bhain agus a bhaineann le féiniúlacht na hÉireann nuair a bhí mé an-an-óg. Castar dom daoine as tíortha eile go leor nach bhfuil baint dá laghad acu leis an tír seo agus baineann sé leosan chomh maith ach baineann sé leo ina mbealach féin ar leith chomh maith. Castar dom dream nach beag as na Sé Chontae, aontachtóirí agus corrdhílseoir chomh maith agus baineann sé leo ina mbealach féin ar leith arís. Is é an dála céanna é ag gach teanga ar ndóigh, go dtaobhaíonn daoine as taobh eile domhan í ar a n-údar éagsúil ar leith féin. Tá a fhios agam Seapáinigh a thagann go hÉirinn mar gheall ar Mac Giolla Gheata - W. B. Yeats. 'Willie B.' a thugtaí agus a thugtar air i mbólaí éagsúla i Sligeach. Tá a dhlisteanas ar leith féinig ag gach duine do gach teanga ar domhan. Aireoidh tú i ngiorracht duit nó i gcéin uait í. >> Ní hÉireannaigh muid uilig, ach tá muid Gaelach, más fíor do Niall Ó Dónaill ... -- Go díreach é. Tá tú in ann an tairne a bhualadh abhaile an-chruinn a Dhonncha. |
|
Pangur_dubh
Member Username: Pangur_dubh
Post Number: 83 Registered: 03-2006
| Posted on Monday, July 10, 2006 - 02:27 pm: | |
Ach céard is brí le tírghrá? Is mó dearcadh atá ag baint leis an bhfocal sin! Táim lán cinnte nach n-aontóinn go h-iomlán le cách faoi. Chun an fhírinne a rá, is focal "contúirteach", deighlteach é. Tá eagla orm roimhe. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 3395 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, July 10, 2006 - 04:48 pm: | |
Tá dhá leathanach mhaithe ag Eoin Pól II ina leabhar deiridh (Cuimhne agus Féiniúlacht) ar Tírghrá. Seo an alt deiridh (m'aistriúcháin bacachsa air, ar aon nós) "Séard atá i gceist le náisúnachas ná maith do náisún fhéin amháin a aithint agus a lorg, gan bacadh le cearta daoine eile; i gcodarsnacht, is grá atá i dtírghrá do do thír a thugann na cearta céanna a éilitear do do náisún fhéin do gach náisún eile. I bhfocal eile, leannan grá caoi soisialta as tírghrá"
Tagaim le Dennis freisin maidir leis na Gaeil muir scartha! Is iomaí Gael inniu nach de Chlannaibh Míle é. (Más ann do shliocht Míle in aon chor níos mó). |
|
Eoin
Member Username: Eoin
Post Number: 83 Registered: 10-2004
| Posted on Tuesday, July 11, 2006 - 02:26 am: | |
Is cuimhin liom gur cuireadh an chéist ar Heinrich Boell ar agallamh ar an mBBC. "Cén fath nach scríobhann tú i mBéarla?" (Bhí Béarla den scoth aige!) "Is Gearmánach mé," a dúirt sé, "Dá scríobhfainn i mBéarla bheinn níos Sasannaí ná an Príomh Aire" Tá neart le smaoineamh air san fhreagra sin. Eoin Nuacht Ghaeltacht na Gaillimhe agus Deisceart Mhuigheó http://anghaeltacht.net/ce |
|
Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Tuesday, July 11, 2006 - 04:57 am: | |
>> ... dhá leathanach mhaithe ag Eoin Pól II ina leabhar deiridh ... Sea, is iomaí cineál náisiúnachais ar an saol. Mheas Séamas Ó Conghaile go raibh an náisiúnachas le dealú ina dhá leath idir náisiúnachas an chos ar bolg agus n. an fhrithchos ar bolg - the nationalism of imperialism agus the nat. of anti-imperialism - agus ba é a bharúil, más buan mo chuimhne, go mbíonn blaiseadh den dá ghné sin i mórán chaon duine, ag brath ar an gcaoi a smachtóimid ceann amháin thar an gceann eile. |
|
Fe arn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, July 13, 2006 - 08:13 am: | |
"tírghráúil"? Nach iontach gur ghlac gach duine agaibh gur Éire an tír? |
|
Pangur_dubh
Member Username: Pangur_dubh
Post Number: 86 Registered: 03-2006
| Posted on Thursday, July 13, 2006 - 01:10 pm: | |
Déarfainn nach bhfuil sin fíor go h-iomlán i dtaobh an mhéid a scríobh mise. D'fhéadfadh sé bheith i dtaobh Èireann, nó i dtaobh tíre eile. |
|
Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, July 13, 2006 - 02:39 pm: | |
>> Nach iontach gur ghlac gach duine agaibh gur Éire an tír? -- Ní iontach ar bhealach amháin ná droim ar ais é. Féach arís ar ar scríobh an té a leag amach an scéal i dtosach an tsnáithe thuas. Molfainn duit an scéal a chíoradh le Fearn ar feadh tamaill! |
|
Fe arn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, July 14, 2006 - 08:52 am: | |
A Sheosaimh, Níl mé dearbha caidé atá a maíomh agat nó tá do ráiteas thar acmhainn mo loighce. Ar mhiste leat é a rá ar simplíocht (domsa?)! |
|
Jamie
Member Username: Jamie
Post Number: 12 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, July 17, 2006 - 05:53 am: | |
Aontaím go mór leis an rud a dúirt D0omhnall thuas. Tá Gaeilge ag gach duine in Éirinn cé go ndeireann cuid mhaith daoine nach bhfuil Gaeilge ar bith acu nuair a iarrtar orthu. Thabharfainn an leabhar go mbeadh gach duine in Éirinn a chuaigh tríd an gcóras oideachais sa tír seo ábalta bunchomhrá a dhéanamh i nGaeilge fiú muna mbíonn ann ach ceisteanna bunúsacha ar nós 'conas atá tú' 'an bhfuil tú go maith' 'an raibh tú ag féachaint ar an gcluiche' srl...a fhreagairt. Sin ráite tá go leor daoine a bhfuil gráin acu ar an teanga nach mbeadh sásta a leithéad a admháil. |
|
Fe arn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Tuesday, July 18, 2006 - 07:09 am: | |
Ceist: Más tírghráúil Eilbhéiseach, cé'n teanga a labhrann sé? |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 424 Registered: 11-2004
| Posted on Tuesday, July 18, 2006 - 09:35 am: | |
Elvis? |
|
Fe arn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Tuesday, July 18, 2006 - 09:40 am: | |
Níor chaill tú riamh é, a shéamais! ;) |
|
Gaeilgeoir
Member Username: Gaeilgeoir
Post Number: 8 Registered: 04-2005
| Posted on Wednesday, October 04, 2006 - 06:51 pm: | |
Rätoromansch. :-) Aithnítear cara i gcruatán. |
|
Fe_arn
Member Username: Fe_arn
Post Number: 105 Registered: 08-2006
| Posted on Thursday, October 05, 2006 - 06:36 am: | |
Fágann sin formhór na nEilbhíseach gan a bheith tírghráúil. |
|