Author |
Message |
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 814 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, January 06, 2006 - 08:22 pm: | |
Ceist agam ort, ó bhí tú i do chónaí sa tSeapáin: an bhfuil Rashoomon léite agat fós i nGaeilge? Na gearrscéalta le Akutagawa Ryuunosuke, arna aistriú go Gaeilge ag Seán Ó Dúrois atá mé a rá. Shíl mé go ndearna sé an-jab leis an aistriúchán, ach níl aon Seapáinis agam. |
|
Caitrionasbcglobalnet
Member Username: Caitrionasbcglobalnet
Post Number: 25 Registered: 12-2005
| Posted on Friday, January 06, 2006 - 09:49 pm: | |
Níor léigh go fóill. Is aoibheann liom obair Kurosawa agus tá 'fhios agam go bhfuil a scannán bunaithe ar Rashoomon iontach amach is amach, mar is gnáth leis. Níor chuala mé trácht ar an leabhar i nGaeilge go dtí seo ach tá suim agam ann anois. Go raibh maith agat. Ar léigh tú nó an bhfaca tú 'Hotaru no Haka'? B'shin an chéad leabhar a léigh me i Seapáinis. Ceapaim go mba chóir do gach duine an scannán seo a fheiceáil (go mór, mór Senor Bush anseo againn). Tá an scannán le fáil i mBearla leis an tideal 'Grave of the Fireflies' ach faigh ceann le subtitles más féidir. Ba mhaith liom an leabhar sin a fheiceáil i nGaeilge freisin. Tá mé ag dul ag an leabharlann anseo anois a féachaint a’ bhfuil Rashoomon i nGaeilge le fáil ann. Muna bhfuil, gheobhaidh siad dom é.‘ maith agat! C |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 817 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, January 06, 2006 - 11:26 pm: | |
Ní fhaca mé an scannán sin... fós. ;-) Maidir leis an leabhar, Rashoomon an teideal atá air. Coiscéim a d'fhoilsigh é, sa bhliain 1995. Caithfidh go bhfuil sárleabharlann agat ansin, agus tú i gCalifornia! An leabharlann ollscoile atá i gceist? |
|
Harrison
Member Username: Harrison
Post Number: 32 Registered: 04-2005
| Posted on Saturday, January 07, 2006 - 12:50 am: | |
Hmmm cén áit a bhfuil tú i do chónaí i gCalifornia? Is mé as Orange County (ach tá mé i mo chónaí i Nebraska anois) |
|
Caitrionasbcglobalnet
Member Username: Caitrionasbcglobalnet
Post Number: 27 Registered: 12-2005
| Posted on Saturday, January 07, 2006 - 12:56 am: | |
Ní hea. Tá ár leabharlann poiblí i gCondae Na nAingeal (más féidir liom Los Angeles a aistriú ón Spáinís). B’fhéidir go raibh mé ag dul thar fóir ansin:). Tá seirbhís an-mhaith acu anseo ceart go leor. Cabhraíonn na leabharlainn go léir in LA le chéile. Muna bhfuil leabhar nó video nó DVD nó CD acu, faigheann said ó leabharlann eile é. Muna bhfuil an rud atá ag teastáil in aon leabharlann, ceannaíonn said é. Nuair a bhí mo Dhaid anseo ar cuairt, fuair said Rumpole ar video dó. Cheannaigh said téacsleabhar i Seapáinis domsa. Go dtí an pointe seo, aon rud a d’iarr mé, fuair said dom é. Ach tá seans ann go mbeidh an leabhar seo níos deacra dóibh. Feicimís. |
|
Caitrionasbcglobalnet
Member Username: Caitrionasbcglobalnet
Post Number: 28 Registered: 12-2005
| Posted on Saturday, January 07, 2006 - 12:57 am: | |
Harrison, I Westlake Village. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2780 Registered: 08-2004
| Posted on Saturday, January 07, 2006 - 08:17 am: | |
Cathair Ár mBantiarna na nAingeal, ó cheart! (Ciudad de Nuestra Senora de los Angeles) |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 819 Registered: 02-2005
| Posted on Saturday, January 07, 2006 - 11:16 am: | |
quote:Ach tá seans ann go mbeidh an leabhar seo níos deacra dóibh. Ádh mór ort! Ó litriocht.com a cheannaigh mise é. Dála an scéil, thaithin an t-úrscéal bleachtaireachta Crann Smola le Seán Ó Dúrois (Coiscéim 2001) go mór liom freisin. |
|
Caitrionasbcglobalnet
Member Username: Caitrionasbcglobalnet
Post Number: 29 Registered: 12-2005
| Posted on Saturday, January 07, 2006 - 07:25 pm: | |
Aonghus a chara, Ar chóir dúinn La Reina a cur isteach freisin? Ciudad de Nuestra Senora La Reina de los Angeles:) |
|
(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Sunday, January 08, 2006 - 01:48 am: | |
Go raibh maith agat Dennis. Níl a fhios agam an mbeidh morán ama agam mar tá ceithre phost agam, mé ag staidéar ag an am céanna agus tá mo ghasúir fós ag dul ar scoil. Muna gcloiseann sibh uaim ar feadh tamaillín, beidh mé ró chrúgach nó ag léamh. B’fhearr liom bheith ag léamh. Ach anois, oíche mhaith, codladh sámh, sláinte an bhradáin agus araile. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2782 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, January 08, 2006 - 04:45 pm: | |
A Chaitríona, is dócha é. Rinne mé dearmad ar sin, ach tá ciall leis. Mar sin: Cathair Ár mBantiarna, Banríon na nAingeal (Message edited by aonghus on January 08, 2006) |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2787 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, January 09, 2006 - 08:40 am: | |
Fan. Tá Breis ann! El Pueblo de Nuestra Senora La Reina de Los Angeles de Porciuncula Baile ár mBantiarna, Banríon Aingil an Fhearann Bhig Tá Dinnseanchas SAM casta go maith! http://www.findarticles.com/p/articles/mi_m0FWK/is_n4_v19/ai_21260636 http://www.newadvent.org/cathen/12286a.htm |
|
Fear n (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, January 09, 2006 - 08:45 am: | |
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2788 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, January 09, 2006 - 11:29 am: | |
Senora = Bantiarna sa chás seo, dar liom. Smaoineoidh mé arís air - nuair atá mo leabhair agam. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2790 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, January 09, 2006 - 04:00 pm: | |
Seasaim le Bantiarna. Sampla anseo: Cuirim m'intinn le h-intinn an Aifrinn, Mo chroidhe, mo smaointe is m'aigne, Trí impí na Ban-Tiarna beannuighthe Ceanta Críostaí a thabhairt dom de'n Aifreann. http://www.masterit.ie/paidir.htm |
|
Fear n (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, January 12, 2006 - 09:44 am: | |
Tá a chónach sin ort, a aonghuis. Dar ndóigh, ní eolaí mé. Ach fuair mé blas shotal na mban rialta ar an bhfocal "bantiarna" - sotal chinseal na hEaglaise sa 19ú Aois le tionchar na Fraincise is an Bhéarla .i. Lady nó Dame : bean a bhfuil céimíocht lei. Ach sa Ghaeilge agus sa chultúr Gaelach, ní léir dom go raibh an chéim sin sa teanga .i. woman/lady; femme/dame. Cá bhfios b'fhéidir go raibh. Ach dar liom, do na Gaeil, ní raibh Muire acu ach mar ghnáthdhuine ar leith, ní duine den chinseal. Seans go bhfuil glacadh leis an focal anois. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2802 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, January 12, 2006 - 09:57 am: | |
Ní eolaí mise ach oiread, ach ó tharla Senora a bheith ann sa spáinnís, is dóigh liome go dtagann Bantiarna níos gaire dhó na aon leagan eile. Bheadh ainm eile ar fad ar an áit dá mba gael a chuir air é! |
|
Fear n (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, January 12, 2006 - 11:05 am: | |
Thuigfinn duit más as bhean den chinseal a ainmníodh an fearann seo. Ach ainmníodh é as máthair mhic Dé. Lig a bhfoclaíocht ag na Spáinniseorí, ach más mian leat Gaeilge a chur air, cuir Gaeilge cheart air |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2804 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, January 12, 2006 - 11:55 am: | |
Cad a mholann tusa, mar sin? |
|
Fear n (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, January 13, 2006 - 11:02 am: | |
Sea! Thug mé méaradradh tríd an Chaitiociosma aréir; agus tagairt dá laghad níl ann do bhantiarna ach Muire +, m.sh. Muire Óigh, Muire Bheannaithe, 7rl. Luaitear banríon lei áfach. Mar sin: seo mo mholadh: Baile Mhuire, Banríon Aingil an Fhearann Bhig |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2807 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, January 13, 2006 - 11:51 am: | |
Hmm. Níl mé cinnte. Is dóigh liom gur cheart an sotal spáinneach a bhreith leat san aistriú, má tá tú chun aistriú! Mar ainm Ghaelach, thiocfainn go hiomlán leat. |
|
fear n (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, January 13, 2006 - 01:18 pm: | |
Sea, ceist chigilteach do lucht teanga i dtólamh agus is dóigh nach bhfuil aon fhreagra amháin ceart ann. Sa chás seo áfach, thabharfinn (buille le thuairim ) gur thabhachtaí an urraim le Mhuire ná sotal duine an ainmnithe ná a chine |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 832 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, January 13, 2006 - 09:01 pm: | |
An chéad ainm a bhí ar Los Angeles ná El Pueblo de Nuestra Señora la Reina de los Ángeles del Río de Porciúncula. Ach is é an t-ainm oifigiúil a bhí ar áit faoi na Spáinnigh ná El Pueblo de la Reina de los Ángeles (no señora). An t-ainm oifigiúil atá ar an gcathair anois ná The City of Los Angeles. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 834 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, January 13, 2006 - 09:41 pm: | |
Seo scéilín daoibh ó dhinnseanchas mo chathrach féin. Nuair a chuir daoine geala fúthu den chéad uair sna bólaí seo sa bhliain 1851, thogh siad áit ar a dtugtar West Seattle anois. An t-ainm a bhaist siad go dóchasach ar an mbaile beag nua ná "New York Alki". Ciallaíonn "alki" /alqi:/ "ar ball" nó "roimh i bhfad" sa teanga Chinook (pidgen nó trade jargon a bhí ann, dáiríre). Tá an t-ainm sin ann fós, ach é ciorraithe go "Alki", ar an trá ansin: Alki Beach. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2810 Registered: 08-2004
| Posted on Saturday, January 14, 2006 - 05:38 am: | |
Trá in am tráth? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 838 Registered: 02-2005
| Posted on Saturday, January 14, 2006 - 01:37 pm: | |
Feicim go bhfuil De Bhaldraithe ar aon intinn le FearFleiscínEn: "Ecc.:Our Lady, Muire; an Mhaighdean Mhuire" (Ní thuigim an séimhiú ar "Mhuire", ach sin ceist eile.) So, dá mbeadh oraibh "Notre Dame de Paris" nó "Our Lady of Perpetual Indulgence" a aistriú go Gaeilge....? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2815 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, January 15, 2006 - 03:31 pm: | |
Ní thuigimse an seimhiú ach oiread. Chuas sa tóir ar leaganacha, agus tá an dá leagan (séimhithe agus gan a bheith) feicthe agam. Ní aistreoinn Notre Dame, agus níl freagra na ceiste eile agam! (An teideal é pé scéal é, nó an "perpetual Succour" a bhí i gceist agat? - buille faoi thuairim - Muire na Foirthinte Sioraí) |
|
Caitrionasbcglobalnet
Member Username: Caitrionasbcglobalnet
Post Number: 32 Registered: 12-2005
| Posted on Sunday, January 15, 2006 - 09:48 pm: | |
Cé go gceapaim go bhfuil an díospóireacht ar an ábhar seo spéisiúl, caithfidh mé a adhmháil nach bhfuil fonn ar bith orm tideal fada a scríobh agus mé ag déanamh trácht ar L.A. Leigh mé an tideal, 'El Pueblo de Nuestra Senora La Reina de Los Angeles' i Sráid Olvera anseo, ach ag caint le daoine i Spáinis anseo, níor chuala mé éinne ag úsáid aon ainm seachas 'Los Angeles.' Fiú i scannán ó blianta ó shin ‘El Norte,’ agus mé ag breathnú air oíche aréir, 'Los Angeles' amháin a bhí in úsáid acu. Mar sin b’fhearr liom féin an tideal 'Cathair na nAingeal.' Freisin, ní féidir 'El Peublo' (an baile) a úsáid anois mar is cathair mór anois í. Agus ní féidir 'El Pueblo' a úsáid ag caint faoi condae. Ach thar aon rud eile, tá 'Cathair na nAingeal' simplí agus gearr. Seo an téarma atá in úsáid faoi láthair ag roinnt mhaith daoine anseo. Ta sé in úsáid ag rinceoirí seit 'The Los Angeles Set Dancers' freisin. D’aistrigh duine amháin acu ó Chathair na Mart go Cathair na nAingeal. Mar sin fanfaidh mé le Cathair na nAingeal:) C |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 843 Registered: 02-2005
| Posted on Sunday, January 15, 2006 - 10:06 pm: | |
Tá "Cathair na Mart" eile i dtuaisceart Chalifornia: Vacaville! (Is an-scannán é "El Norte", dála an scéil -- tá súil agam gur thaitin sé leat.) |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2819 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, January 16, 2006 - 06:27 am: | |
A Chaitríona, píosa spraoi a bhí ann. Tá Cathair na nAingeal togha. (ach ní Cathair Ainglí é Cathair na nAingeal, an ea? Ritheann an nath úd "Non Angli, sed Angeli" liom - fch http://www.bartleby.com/81/12158.html) |
|
Fear n (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, January 16, 2006 - 10:48 am: | |
Sea! píosa spraoi a bhí ann! |
|
Caitrionasbcglobalnet
Member Username: Caitrionasbcglobalnet
Post Number: 35 Registered: 12-2005
| Posted on Wednesday, January 18, 2006 - 03:28 pm: | |
...agus ceart agaibh! Bain taitneamh as an saol. Lean ar aghaidh leis an gcraic ach tá mé a ceapadh amantaí go mbeidh se deacair dom coinneáil suas libh!:) C |
|