Author |
Message |
Zico
Member Username: Zico
Post Number: 13 Registered: 12-2005
| Posted on Thursday, December 29, 2005 - 07:16 pm: | |
Is brea liom "The Field" le Richard Harris, Sean Bean, Tom Berenger.... Cad a smaoineann sibh ? |
|
Dalta
Member Username: Dalta
Post Number: 22 Registered: 12-2005
| Posted on Sunday, January 01, 2006 - 03:52 pm: | |
Tá 'Michael Collins' an-mhaith ar fad. Ní fhéachaim ar scannáin a lán, cad iad na cinn Éireannacha eile? |
|
TSJ (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Sunday, January 01, 2006 - 06:20 pm: | |
Ta " Aisling " le fail ar DVD o Litriocht.com. Maireann an scannan seo dha uair a chloig. Ta Gaeilge a labhairt ag na h-aisteoiri uilig. Cloistear guth an trachtaire sa gculra ag tabhairt aistriuchain as Bearla. Drama e seo a leiriodh in amharclann mor i Meiricea agus rinneadh scannan de ag an am ceanna. Ceapaim go gcosnaionn se Euro 15 no mar sin. |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 401 Registered: 06-2005
| Posted on Monday, January 02, 2006 - 05:32 pm: | |
The field!? Nah... Micheal Collins - ní thugtar cur síos sách mhaith ar Michael Collins nó ar De Valera. Ag cur síos ar Eirinn ag am cinniúnach ar cheannaraí na hEireann a bhí an scannán. Mar sin, ní maith liom féin é. Déarfainn "Into the West" nó b'fhéidir "The Quiet Man" .. Begorra n bejayzus agus "top o'the mornin" agus araile. Ní dhéantar iad mar sin a thuilleadh!! ;) A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river |
|
Zico
Member Username: Zico
Post Number: 14 Registered: 12-2005
| Posted on Monday, January 02, 2006 - 08:17 pm: | |
A Dhomhnall, Cinnte, Tayto, Ollie agus an charactair a thugadh do Ghabriel Byrne - ta iontas an domhain orm nach bhfuair siad Oscar no dho ! Is feidir "Far and Away" a chur isteach leis - ceapaim go bhfuil Tom Cruise nios fearr ann na i Jerry Maguire no Born on the Fourth of July ....! Michael Collins ? Leigh me an leabhair scriobtha faoi (Tim Pat Coogan an scriobhneoir) roimh an scannan...bheadh se an dheacair a shaol go leir a leiriu go chruinn ach is scannan an mhaith e im' thuraimse.Rickman in ait Dev ? Ar fheabhas, is fearr le Dev cumhacht na an bottom line - saoirse (ag an am sin). Michael leis fein (Liam Neeson) ? An mhaith, - is cuimhin liom an abairt deartha ag a athair , de reir dealraimh (..one day you'll(he'll) be a great man,he'll do great things for Ireland.) mas fior e an abairt seo, an speisialta... kitty Kiernan, is cuma - eye candy ! Ach.....is fearr liom an Treaty - buigead nios lu ach an-eigeantach. I ndairire - Chun an fhirinne a ra - is fearr liom scannain greannmhire - Big Lebowski, Anchorman,Old School agus an clar teilifise "Extras"....."a hug or just a normal" ! |
|
Dalta
Member Username: Dalta
Post Number: 24 Registered: 12-2005
| Posted on Wednesday, January 04, 2006 - 11:18 am: | |
Níor thug an scánann cothrom na féinne go dtí DeV. Ní dhearna sé rudaí chomh dona leis na rudaí a léiríodh sa scannán. Is dócha go raibh 'bad guy' ag teastáil ó na bodaigh Hollywood. Ní raibh DeV chomh dona le sin in aon chor. Rinne an leabhar an rud chéanna, tá an scannán bunaithe ar an leabhar. A Zico, an fhacha tú Dodgeball? An-scannán, ach tá sé níos greannmhaire sna scannáin gan amhras. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 808 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, January 04, 2006 - 12:40 pm: | |
Tá dhá scannán, agus iad an-éagsúil lena chéile, a bhfanann blas díobh i mo chuimhne go fóill: "Dancing at Lughnasa" agus "The Commitments". |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 267 Registered: 11-2004
| Posted on Wednesday, January 04, 2006 - 03:45 pm: | |
Is maith liomsa The Secret of Roan Inish. Ach is dócha gur scannán Meiriceánach é, cé go ndearnadh in Éirinn é. Agus na cinn seo san áireamh, níl aon sárú ar The Quiet Man, dar liomsa! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2756 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, January 04, 2006 - 04:31 pm: | |
Tá gaeilge níos fearr ag Roan Inish! Agus Mick Lally, go bhfóire Dia orainn. (leagan Gearmáinise againn sa bhaile) |
|
Zico
Member Username: Zico
Post Number: 15 Registered: 12-2005
| Posted on Wednesday, January 04, 2006 - 06:34 pm: | |
A dhalta (vocative, ach litrithe ceart), Nil an eolas orm faoi Dev - nil aon leabhar spieisialta (biog) leite agam faoi....thog me mo bharuil o mo thuismitheoiri (cad a tharla ma ta do chuid t ag imirt ar an thaobh dorcha - leanbh dorcha(morally - nilim claonta i gcoinne einne....ta fainiaise agam, ta MLK an briongloid-er againn 100%, creid e no na creid e - sea, mharaiodh an fear macanta de thoradh an thaobh dorcha ag oibriu go dian leis an Indian - ach i bpreab na sul ,paiste de De ag madrai an bhaile e.....ach ta se ann domsa anois....agus ta an ochtar a mharaiodh gan aon seanghas dul faoi na cuirte (ach ni bheadh se i "cuirte" airithe....mar a fhios agat). |
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 52 Registered: 07-2005
| Posted on Thursday, January 05, 2006 - 01:54 am: | |
Bhain mise an-sult as an scannán "Michael Collins". Rinne siad an-jab, i mo bharúil, go háirithe sa tús. Thosaigh an scannán le scéal 1916 oifig an phoist i mBAC, le ceo draíochta is ceol neamhaí. Cuireadh sin cuma an mhiotais ar an scéal, agus, ar ndóigh is miotas anois iad na himeachtaí cáiliúla sin. Cé gur scéalta bochta iad, le bás is anró, bhain mé sult freisin as "The Field" agus as "Dancing at Lúnasa". Is scéal breá é "Into the West" chomh maith. Ní maith liom "The Quiet Man", mar gheall ar an mímheas is drochúsáid a tugadh don bhean. Agus ná déan dearmad ar "Darby O'Gill and the Little People". Is é sin an scannán Éireannach is fearr liomsa. Tá seancóip agam ar fístéip. Séan Connery ag gabháil amhráin ghrá, agus é óg, dathúil. |
|
Fear n (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, January 05, 2006 - 07:33 am: | |
Na fógráin scannánaíochta a ndearna muintir Guinness(muintir an leanna duibh)nuair a bhí siad ag déanamh a gcuid fógraíochta i nGaeilge. Cé gur gearrscannáin iad, bhí siad Gaelach, i nGaeilge agus thug siad croí is meanma an phobail go paiteanta is go samhlaíoch. "Tá siad ag teacht" |
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 53 Registered: 07-2005
| Posted on Thursday, January 05, 2006 - 01:00 pm: | |
Chonaic mé an ceann sin nuair a bhí mé in Éirinn in Mí Lúnasa --- na fir ina gcurach agus Guinness mar lasta sa bhád. An-deas. |
|
Fear n (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, January 09, 2006 - 07:22 am: | |
Sin é, a Liz. Is maith go bhfuil siad fós a thaispeáint! |
|
Angearaltach
Member Username: Angearaltach
Post Number: 4 Registered: 02-2006
| Posted on Saturday, February 25, 2006 - 08:13 pm: | |
An chuimhneoin aon duine an scannán Poitín? Le Niall Toibín, d'fhoilsigh sé fadó ach rinne TG4 athrú leis ar feadh an Nollaig |
|
F earn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, February 27, 2006 - 08:06 am: | |
Leoga, a angearaltaigh, cad d'imigh air? " ach rinne TG4 athrú leis " Ag déanamh mo mharana ar a dúirt séamas thuas "Is maith liomsa The Secret of Roan Inish. Ach is dócha gur scannán Meiriceánach é, cé go ndearnadh in Éirinn é. ", is dóigh liom nach raibh scannán "Éireannach" riamh ann .i. ceann a nocht aigne is meon na nGael. Aithris a mbíonn ann, idir lag is láidir, ar scannánaíocht thíortha eile. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 302 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, February 27, 2006 - 01:12 pm: | |
Cad faoi 'Waking Ned Devine?' |
|
Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, February 27, 2006 - 01:42 pm: | |
Caithfidh sibh 'Cosa Nite' a fheiceáil am éigin a chairde. Scannán an-chasta a rinneadh an-snasta! Darach Ó Scolaí a scríobh agus ba é Rosg a rinne: http://www.rosg.ie/oba4.htm Is cineál pulp fiction é .i. míle murdar! |
|
TSJ (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, February 27, 2006 - 02:08 pm: | |
A FHEARN Ma theastaionn scannan uait a nochtaion aigne agus meon na nGael, mholfainn dhuit " Aisling " a fheiceail. Sin e an teideal ata ar DVD ata le fail faoi lathair ag Litriocht.com. Rinneadh i Meiricea e. Labhraionn na h-aisteoiri go leir as Gaeilge an t-am ar fad, nil Bearlachas ar bith ann agus maireann an scannan seo dha uair a chluig. Ta go leor damhsa ann agus ceol agus amhrain Ghaelacha i rith an drama. Bain triail as. B'fheidir go mbainfidh tu taitneamh as. Adh mor ort |
|
F earn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, March 02, 2006 - 09:03 am: | |
A TJS, GRMA. Coinneoidh mé súil amach dó. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1056 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, March 02, 2006 - 10:29 am: | |
F, Feicim go bhfuil an mant i d'ainm cleite tar éis aistriú. Ognuno sta solo sul cuor della terra trafitto da un raggio di sole: ed è subito sera. -- Salvatore Quasimodo |
|
TSJ (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, March 02, 2006 - 02:32 pm: | |
Ta failte romhat, A Fhearn. |
|
F earn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Saturday, March 04, 2006 - 09:14 am: | |
"Feicim go bhfuil an mant i d'ainm cleite tar éis aistriú." A Dhe'n Fhios, Is dóigh go bhfuil sé mar mhana Bhus Bhaile Átha Cliath : seal anseo , go tapaidh ansiúd ( nó rud éigin ). Níor luaigh éinne Licheen Pavee mar scannán. Ar bhfaca éinne é? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1067 Registered: 02-2005
| Posted on Saturday, March 04, 2006 - 11:52 am: | |
quote:Licheen Pavee Hmh?? Ognuno sta solo sul cuor della terra trafitto da un raggio di sole: ed è subito sera. -- Salvatore Quasimodo |
|
F earn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, March 09, 2006 - 07:47 am: | |
http://www.tiscali.co.uk/entertainment/film/reviews/pavee_lackeen_the_traveller_ girl.html Agus cad faoi http://www.imdb.com/title/tt0425458/? D'ainneoin a úafásaigh is a ciotaí a bhí an aisteoireacht, an scriopt, an léiriú is an scéal, bhain sé scairt gháire nó dhó asam. Ar bhain sé oscar éigin le déanaí? |
|
Fea rn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, March 20, 2006 - 08:22 am: | |
Agus tá Corpáin ann! http://www.showcasecinemas.co.uk/films/deadbodies.fhtml Scathán d'Éire na linne seo: dímhorálta, gustalach, leithleasach, truaillithe agus a súil in airde aice. An-ghrannmhar |
|
Fiacc (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, March 20, 2006 - 10:13 am: | |
An bhfaca éinne 'Bodawanny', bunaithe ar an úrscéal 'Súil le Breith' le Pádraig Standúin? |
|
Fe arn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, March 20, 2006 - 10:33 am: | |
Ní fhaca mé Bod Manaigh riamh! |
|
Fiacc (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, March 20, 2006 - 12:12 pm: | |
Sílim gur tháinig 'Budawanny' ó 'Bod an Mhanaigh'. Más buan mo chuimhne, craolaíodh é sna hochtóidí ar RTÉ, roimh na díospóireachtaí móra faoi ginmhilleadh agus roimh titim amach na scanaill faoi an tEasbog Eamonn Casey, agus go leor eile. Bhí sé an nua-aimseartha agus réadúil ach ní raibh móran trácht faoi mar bhí sé as Gaeilge ó thuas go deireadh. |
|
Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, March 20, 2006 - 02:24 pm: | |
Chonac féin Bud an Weisser in ionad poiblí in am amháin ach níorbh ionadh ar bith liom é! Mhíníos do stócach amháin an chontúirt abhus a bhain lena t-léine a raibh nath faoi 'Bud' breactha air. Chonac lá eile triúr nó mar san ag breathnú thart go tapa tar éis do mhac léinn ar study abroad 'Hey Bud' a bhéiceadh lena leathbhádóir i nGaillimh. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 337 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, March 20, 2006 - 03:28 pm: | |
Chuala go raibh sé ar intinn ag Budweiser feachtas fógraíochta a úsáid in Éirinn mar a dhéantar anseo: This Bud's for you - ach gur stad siad nuair a insíodh dóbh go raibh brí eile ann de. |
|
Pangur_dubh
Member Username: Pangur_dubh
Post Number: 14 Registered: 03-2006
| Posted on Tuesday, March 21, 2006 - 04:49 am: | |
An fhadhb céanna leis an deoch Irish Mist sa Ghearmáin. Brí fé leith ag Mist ansin nach noirfeadh don tairgeadh ar chorr ar bith. Agus cén bhrí a bheadh ann? Caithfidh sibh é sin a fháil amch daoibh féin! :-) |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 340 Registered: 11-2004
| Posted on Tuesday, March 21, 2006 - 03:44 pm: | |
Cac! Die Lage ist wie immer: Alles Mist! = SNAFU (Message edited by séamas_Ó_neachtain on March 21, 2006) |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1169 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, March 21, 2006 - 08:07 pm: | |
An cac a fhaightear i gclós feirme go háirithe: tuar nó aoileach. Chuala mé gur chuir daoine sna Stáit pacáistí le bia iontu chuig na Gearmánaigh tar éis an Dara Cogadh Domhanda. Scríobh na Meiriceánaigh "Gift" orthu, le nach mbeadh aon dleacht orthu. Agus céard a chiallaíonn an focal sin i nGearmáinis? |
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 78 Registered: 07-2005
| Posted on Tuesday, March 21, 2006 - 08:33 pm: | |
Nuair a bhí mé i mo chailín bheag sna caogaidí, bhí cró cearc againn agus bhí seanmhálaí plúir follmha istigh a dúirt -- "A Gift From the People of the United States". Cé a thug na mála siúd ansin? Diabhail a fhios agamsa. Is dócha go bhfuil na focail chéanna ar gach rud a thugann rialtas Mheiriceá do tíortha eile na laethanta seo freisin, más soláthar bia in aimsir chrúachais é. Maidir leis an focal 'gift' sa Ghearmáinis, dúirt m'iníon liom anuraidh gur 'nimh' é an chiall atá leis sa teanga sin. |
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 79 Registered: 07-2005
| Posted on Tuesday, March 21, 2006 - 08:42 pm: | |
Agus maidir leis an rud sin nach bhfaca Fearn riamh... Is dochtúir mé, agus chonaic mé ceann roinnt bliana ó shin. Bhí sé chomh beag le m'ordóg, cé go raibh an fear sin go mór. |
|
Fe arn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, March 23, 2006 - 09:06 am: | |
A Liz, ní dochtúir mé agus gach manach a chonaic bhí sé faoin a aibíd. Cad a thug a laghad dó, meas tú? |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 341 Registered: 11-2004
| Posted on Thursday, March 23, 2006 - 10:12 am: | |
Dobair gur scríobh mé inné 'bhí sé sa linn snámha!' |
|
Fe arn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, March 23, 2006 - 10:16 am: | |
Cuireann sé dealbh Dháibhí le Michelangelo i gcuimhne dom |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1177 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, March 23, 2006 - 12:25 pm: | |
Nó Ádhamh sa phictiúr den chruthú sa séipéal Sistine! Fear mór téagartha mar sin agus pilibín bídeach mar sin air, an créatúir! Steroids ba chúis leis, is dócha. |
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 80 Registered: 07-2005
| Posted on Thursday, March 23, 2006 - 04:35 pm: | |
Nuair a bhí mé i mo mhac léinn sa scoil leighis, dúradh linn go mbeadh "disuse atrophy" ag gach aon pháirt den chorp mura bhfuil sé curtha in úsáid ag an duine. Cén Ghaeilge atá ar "disuse atrophy"? |
|
Fiacc (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, March 23, 2006 - 05:51 pm: | |
Cén Ghaeilge atá ar "disuse atrophy"? 'Sé "cnaí" an focal atá ag Taisce Téarmaíochta (An Gúm) ar 'atrophy'. Mar sin, céard faoi 'cnaí an neamhchleachtaidh'? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1179 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, March 23, 2006 - 07:14 pm: | |
Nó i nglan-Ghaeilge: Shearg é cheal úsáide. |
|
Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, March 24, 2006 - 06:39 am: | |
Agus d'fhéadfadh an dá chiall a bheith le 'húsáid' i gcás mar so a chairde. |
|
Fiacc (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, March 24, 2006 - 07:13 am: | |
Ach, a Sheosaimh, ní bheadh cnaí i gceist leis an chiall eile. |
|
Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, March 24, 2006 - 08:00 am: | |
Tá le 'cheal úsáide' a Fhéich. |
|
Fe arn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, March 24, 2006 - 10:46 am: | |
"Nó Ádhamh sa phictiúr den chruthú sa séipéal Sistine! Fear mór téagartha mar sin agus pilibín bídeach mar sin air, an créatúir! Steroids ba chúis leis, is dócha." Seans go raibh an t-ealaíontóir ar ealaín na mbréag. Ar dhíon an tséipéil Shístínigh, tá mo dhuine ina sheargluí agus gan foladh air. Dhéarfadh ealaíontóir ar bith leat nach bhfuil an riocht ina bhfuil an corp ag teacht le toisí an choirp .i. uillinn na ngéaga, a dtomhas le hais a chéile, a dtoirt. Dar ndóigh, bollscaireacht a ba chúis leis an díol ealaíne seo. Seans nach raibh a bhall fearga ina mhír bollscaireachta. Ach cogar, nach raibh sliocht sleachta aige mar ghraí? |
|
Fiacc (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, March 24, 2006 - 12:36 pm: | |
"Tá le 'cheal úsáide' a Fhéich." Is léir go raibh an manach a bhí faoi scrúdú Liz thar a bheith cráifeach mar sin. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1190 Registered: 02-2005
| Posted on Saturday, March 25, 2006 - 10:06 pm: | |
quote:Seans go raibh an t-ealaíontóir ar ealaín na mbréag Is féidir é. Ach tá míniú eile ann, ceann cultúrtha a théann siar go dtí an saol clasaiceach. Shíl na Gréagaigh agus na Rómhánaigh go raibh bod beag go hálainn agus go raibh bod mór gránna nó greannmhar. Tá an bharúil seo le feiceáil go soiléir ar na soithigh Ghréagacha a bhfuil pictiúir de lúthchleasaithe lomnochta orthu; agus tá an taobh eile den scéal le feiceáil ar phictiúr áiféiseach de Phriapus ón gCasa Vetti i bPompeii. Maidir le barúil na Sean-Ghael, féach an laoch ithyphallic i Leabhar Cheanannais. Tá sciath bheag chruinn i láimh amháin aige, sleá ghairid sa láimh eile, agus adharc réasúnta mór air! Tá grianghraf de ar fáil ag: http://www.pictavia.org/A&S/weapons/weapons.html |
|
Fe arn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, March 27, 2006 - 05:20 am: | |
" Shíl na Gréagaigh agus na Rómhánaigh go raibh bod beag go hálainn agus go raibh bod mór gránna nó greannmhar." Nach bhfuil an ráiteas seo rud beag suibíochtach? ;) |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 348 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, March 27, 2006 - 11:10 am: | |
Conas a tharla gur Fe arn tú arís? |
|
Fe arn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, March 31, 2006 - 07:54 am: | |
Ach bím in éad le scannánaíocht thíortha eile agus iad ina dteanga fhéin gan chuthaileacht: Féach: http://www.tsotsi.com/english/index.php Tá an scannán in "tsotsai-taal" ar meascán de Bhéarla, Afraiceánais, agur trí theanga eile é. Ros na Rún: Níl sé sin ach meascán de dhá theanga! |
|
Fe arn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Tuesday, April 18, 2006 - 10:22 am: | |
An scannán Éireannach is cumhachtaí? http://www.rambles.net/inname_father93.html In The Name of the Father le Jim Sheridan |
|
Criostóir
Member Username: Criostóir
Post Number: 8 Registered: 07-2005
| Posted on Tuesday, April 18, 2006 - 07:40 pm: | |
Ní maith liom scannáin. |
|
Fe arn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, April 20, 2006 - 06:37 am: | |
An maith le scannáin thú, a Chriostóir! |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1289 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, April 20, 2006 - 02:15 pm: | |
Ceist eile fealsúnachta: an maith le salachar cúirtíní? |
|
Fe arn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, April 20, 2006 - 02:28 pm: | |
"The Wind that shook the Barley" le Ken Loach. Beidh sé á thaispeáint in Cannes i mbliana. An rud is gaire do scannán Éireannach: i gCorcaigh a nuaidh a ndearna an scannánú |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1290 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, April 20, 2006 - 08:21 pm: | |
Recte: "that SHAKES" Fuair mé an suíomh seo nuair a rinne mé cuardach le "Ken Loach" agus "wind": http://www.mcdonaldrutter.com/Films/UKDist/windthatshakesthebarley/windthatshake sthebarley.htm |
|
Fe arn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, April 21, 2006 - 10:40 am: | |
Dar ndóigh, rith sé liom ina dhiadh go mbíonn eorna riamh ann, is go mbíonn an ghaoth riamh ann, agus má thuineann an ghaoth damhsa ar an eorna, go mbíonn sí a croitheadh aici fad na gaoithe, fad an eorna. Dar liom, cailleann an tideal fraincise an fhileateacht "Le vent se leve" |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1291 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, April 21, 2006 - 10:53 am: | |
"Le vent se leve" Leamh. |
|
fe arn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, April 21, 2006 - 11:04 am: | |
Agus sula rugann Taliban na gramadaí orm: "fad na heorna" a shíl mé a scríobh. Leamh? A Dhe'n Fhios? Agus is dóchaide go labhrann tú as aineolas? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1292 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, April 21, 2006 - 11:17 am: | |
quote:Leamh? A Dhe'n Fhios? An teideal Fraincise atá mé a rá, mar a dúirt tú féin... le himeartas focal (sách lag) ann: se lève ~ leamh. |
|
Fe arn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, April 21, 2006 - 11:30 am: | |
J'ai pensé que vous avez voulu dire "un navet". Excuses! Mon copain! |
|
Fearn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, May 29, 2006 - 08:37 am: | |
"An Ghaoth a chroitheann an Eorna" Comhghairdeas! Bhuaigh sé "Pailm an Óir" i bhFéile Cannes |
|
Criostóir
Member Username: Criostóir
Post Number: 10 Registered: 07-2005
| Posted on Wednesday, May 31, 2006 - 07:33 pm: | |
Ach ní maith liom scannáin. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1418 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, May 31, 2006 - 10:03 pm: | |
Tá's againn, a mhic. Ní gá é a rá faoi dhó. Ní chuirfear iallach ort breathnú ar aon eorna á croitheadh! Más fíor do do phrofle, is fearr leat sú na heorna anyway. Sláinte! Maidir liom féin, fanfaidh mé leis an DVD, mar is iondúil. (Message edited by dennis on May 31, 2006) |
|
Caitriona (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Tuesday, June 19, 2007 - 04:34 pm: | |
Once |
|
Diolun
Member Username: Diolun
Post Number: 7 Registered: 07-2007
| Posted on Monday, July 16, 2007 - 12:45 am: | |
Dia dhaoibh, agas conas ta sibh? is mise matt agas ta me i mo chonai i gCeanada,agas taim ag foghliam na gaelige anois, go raib maith agat agas slan go foill. |
|
Caitriona (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, July 18, 2007 - 04:12 pm: | |
Dia is Muire duit, Diolun. Tá áthas orm go bhfuil tú ag foghlaim Gaeilge agus tá fáilte romhat anseo. |
|
Caitriona (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, July 18, 2007 - 04:19 pm: | |
Tá ag éirí go geal le Once. Scéalta ó Rotten Tomatoes agus ó Metacritic. Ag roghnú na scannáin is fearr i mbliana, cuireann RT Once ag uimhir a trí agus Metacritic, ag a dó. Féach http://www.rottentomatoes.com/features/special/2007/midyeareport/?r=3&mid=117813 4 agus http://wireless.metacritic.com/avantgo/high.html Cuirim fhéin Once ag uimhir a haon. |
|
Diolun
Member Username: Diolun
Post Number: 15 Registered: 07-2007
| Posted on Wednesday, July 18, 2007 - 05:08 pm: | |
go raibh maith agat, a Caitriona conas ata tu anois? ta me ag dul anois.. ach, beigh me ag caint leat aris slan go foill agas go raibh maith agat aris. |
|
Diolun
Member Username: Diolun
Post Number: 16 Registered: 07-2007
| Posted on Wednesday, July 18, 2007 - 05:15 pm: | |
go mo leithsceal a caitriona is mise aris.umm ta ceist agam ort, an bhfuil tu i do chonai i ireland? |
|
caitriona (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Sunday, July 22, 2007 - 02:40 pm: | |
Níl. I gCalifornia atá mé. Agus tusa? |
|
Diolun
Member Username: Diolun
Post Number: 19 Registered: 07-2007
| Posted on Sunday, July 22, 2007 - 09:56 pm: | |
go raibh maith agat a caitriona,ta me i do chonai i gCeanada.. is as newfoundland dom,ach ta me i do chonai i gCalgary anois, |
|
Paddyplaisteach
Member Username: Paddyplaisteach
Post Number: 5 Registered: 02-2007
| Posted on Wednesday, July 25, 2007 - 07:41 pm: | |
Cheannaigh mé cóip den DVD "Mise Éire" le Seoirse Mac Giolla Mhuire tamall ó shin. Ansin d'iarr mé an tráchtaireacht a athscríobh, ach bhí cúpla páirt ann nár éirigh liom bheith róchinnte an raibh an fíor-cheart agam leis. An bhfuil an scannán sin ag éinne eile? Má tá, bheadh spéis agam a t(h)uairim siúd a fháil, nó 'nótaí a chur i gcomparáid' faoi. Thaithin 'The Wind that Shakes the Barley' liomsa freisin, dála an scéil (aisteoir óg maith is ea é Cillian Murphy, dar liom - an bhfaca sibh 28 Days Later?), agus bhí ana-shuim agam fosta sa bhailiúchán "Gearrscannáin" a bhí á léiriú ag Bord Scannáin na hÉireann agus TG4. |
|
caitriona (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, July 26, 2007 - 06:26 pm: | |
A Phaddy... Chonaic. Agus chonaic mé Cillian in On The Edge freisin ach ceapaim gur maith a rud é gur dhiúltaigh sé an páirt i Once. Ní fhéadfadh éinne eile bheith chomh maith le Hansard ann. Tá Cillian i Sunshine anois, scannán eile ó Danny Boyle an fear a thug Trainspotting dúinn ach ní fhaca mé é fós. Mar sin féin, tá Once níos fearr ná na scannáin seo go léir, ceapaim. An bhfaca éinne eile anseo Once? http://www.foxsearchlight.com/once/ Tá Mise Éire ag cara liom. An tseachtain seo chugainn, d'fhéadfainn féachaint air arís agus caint leat faoi más mian leat |
|
Paddyplaisteach
Member Username: Paddyplaisteach
Post Number: 9 Registered: 02-2007
| Posted on Thursday, July 26, 2007 - 09:58 pm: | |
maith go leor |
|
Bearn
Member Username: Bearn
Post Number: 193 Registered: 06-2007
| Posted on Friday, July 27, 2007 - 07:15 am: | |
Ba mhaih liom déanamh scéal nua mar cur 'sunshine' trí 'once'. Is mise tinn Bi-labial inside ® |
|
Patrick 14 (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, October 12, 2007 - 11:45 am: | |
Pádraig anseo.Is breá liom "The Field" le Richard Harris (An tarbh),"Into the West" agus "Michael Collins" tá siad go léir scannán den gcéad scoth dar liom. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 748 Registered: 11-2004
| Posted on Friday, October 12, 2007 - 02:26 pm: | |
Chonaic mé The Wind That Shakes The Barley an tseachtain seo. Cheap mé go raibh sé go maith. Ní raibh mé chomh tógtha leis agus a bhí mo chara a thug dom é, ach is duine frith-chonradh é fós... Sílim go bhfuair mé botún beag staire ann. Chan siad Amhrán na bhFiann as Gaeilge in 1920 - dhá bhliain sular chuireadh Gaeilge air. Tuairim ag éinne anseo faoin scannán seo? An bhfuil sé ró-dheacair d'Éireannach féachaint air? |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 582 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, October 15, 2007 - 11:12 am: | |
Ní fhaca go fóill é. tá ráchairt ar scannán Éireannach eile sna SA anois. "Once"! aon scéal ag éinne ina thaboh? |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 303 Registered: 11-2006
| Posted on Monday, October 15, 2007 - 11:24 am: | |
Once níor chuala mé mórán faoi, seachas an gnáth caitheamh anuas óna hÉireannaigh do rud eicínt déanta in Éirinn |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 583 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, October 15, 2007 - 11:56 am: | |
Bhuel, bhuaigh sé duais ag sundance, más buan mo chuimhne, agus baineann sé le hÉire na linne seo, mar atá sí seachas mar a mheasann daoine a ba chóir í a bheith. Sráidéigsín BhÁCach ag buaileadh le inimiriceoir Seiceach agus iad ag déanamh ceoil le chéile. tá aoibhneas ann, deirtear. |
|
CaitríonaW (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Saturday, October 27, 2007 - 07:47 pm: | |
Tá aoibhneas ann ceart go leor. Haló arís, a chairde. Chonaic mé an bheirt (The Swell Season atá orthu mar ghrúpa) ón scannán Once san El Rey anseo i gCathair na nAingeal. I measc an slua bhí Matthew Perry, James Spader, Claire Danes,Fran Drescher, Alanis Morissette, Ian Gomez ó Lost agus a bhean céile Nia Vardalos. Ní raibh ach $24 ar na ticéidí agus ceapaim go raibh ionadh ar an mbeirt nuair a chonaic siad an slua. Níl thuigeann siad chomh maith is atá siad. Bhí cuid acu sa slua ag glaoch amach "Oscar, Oscar." Bhí Damien Rice i measc an lucht éisteachta freisin agus chuaigh sé ar an stáidse is chas sé amhrán dúinn. Dóibh súid a bhí ag fanacht taobh amuigh nach raibh in ann ticéidí a fháil, chas Glen agus Markéta amhráin dóibh ar an gcosán taobh amuigh den amharclann sula ndeachaigh siad isteach ann. Sin é an chaoi 'bhfuil siad - an-nádúrtha go deo! Tá seans agaibh iad a fheiceáil anseo sna Stáit Aontaithe i Mí na Samhna 5 Seattle, 6 Portland, 8/9 S.F.,10 L.A.,11 San Diego, 13 Denver,15 Austin,17 Atlanta,18 Washington DC, 19 N Y, 21 Boston, 22 Montreal, 23 Toronto, 24/25 Chicago Féach ar http://profile.myspace.com/index.cfm?fuseaction=user.viewprofile&friendid=706995 83 Aoibhneas is draíocht, cinnte. Beidh mé fhéin ag an gceolchoirm san Wiltern in L.A. arís is cuid de mo dhaltaí liom. D'fhoghlamar amhráin a chasann Glen i nGaeilge: 'Lócaistí' agus 'Pian agus Ciúnas' http://silver-starlight.net/shared/03%20Locaisti.mp3 http://www.bebo.com/Profile.jsp?MemberId=2251670851 |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 633 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, October 29, 2007 - 07:44 am: | |
Dia leat as do thuaraisc a chaitríonauu! Fós níor éirigh liom an scannán d'fheiceáil cé go bhfuil sé moltach i mbéal na gcriticeoirí. Bheadh sé inspéise a dhéanamh amach an gcaillfidh siad an tíriúlacht agus iad i measc na réaltóga anois. |
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 330 Registered: 07-2005
| Posted on Thursday, November 01, 2007 - 01:53 am: | |
Fuair mé "The Wind That Shakes the Barley" ón leabharlann phoiblí an tseachtain seo agus cheap mé gur scannán maith é cé go bhfuil an scéal an-bhrónach. Agus níor chreid mé an pháirt nuair a thug Teddy ordú an bháis dá dheárthair féin. Ní dócha gur tharla aon rud go díreach mar sin i rith Cogadh Cathartha na hÉireann, ceapaim. Chuir sé an scannán "Michael Collins" i gcuimhne dom, ach is saothar ealaíne níos fearr é "Michael Collins" i mo bharúilse. Tá tús den scannán ar fheabhas -- ceo draíochta timpeall ar oifig an phoist, mar bheadh scéal miotaseolaíochta ann. |
|
Trigger
Member Username: Trigger
Post Number: 18 Registered: 10-2007
| Posted on Friday, November 02, 2007 - 03:43 am: | |
A Liz, chonaic mé an scannán sin an tseachtain caite agus ceapaim go bhfuil an scannán go hiontach é fosta is cuimhneach liom nuair a bhí siad ag gabháil cheoil ''oró sé do bheatha bhaile, anois ar theacht an tsamhaidh'' Agus is cuimhneach liom nuair an fear sin ag caint i nGaeilg, tá an scannán seo go hiontach! Tír gan teanga, tír gan anam. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 645 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, November 02, 2007 - 11:44 am: | |
Ní fhaca mé That Shakes go fóill a Liz, ach bhí an Cogadh Cathartha na hÉireann( daoine ag troid lena chéile )ní ba nimhnigh ná cogadh an neamhspléachais ( daoine ag troid le heachtrannaigh ). Tá eachtra amháin a tharla i gCiarraí le linn an Cogadh Cathartha . Bhí fhios ag dream amháin go raibh mianaigh ar an mbóthar rompu. Chuir siad priosúnaigh ón taobh eile ag glanadh an bhóthair lena lámha fhéin amháin. Séideadh is marbhadh iad, nó cuid acu. Ordú báis, déarfainn. Dar ndóigh, is dráma a mbíonn i scannán seachas glanaithris staire. |
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 331 Registered: 07-2005
| Posted on Saturday, November 03, 2007 - 01:00 pm: | |
Ár léigh tú "Lig Sinn i gCathú" le Breandán Ó hEithir, a Fhearn? Scéal maith é, a chuireann síos ar dhaoine sna daicheadaí, más buan mo chuimhne. Ag am an sin, bhí naimhdeas mór idir an dá thaobh den Chogadh Cathartha go fóill, de réir an leabhair. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6395 Registered: 08-2004
| Posted on Saturday, November 03, 2007 - 02:38 pm: | |
Tá an tionchar fós ann, cé go bhfuil maolú rud beag ar an nimh. |
|
Trigger
Member Username: Trigger
Post Number: 21 Registered: 10-2007
| Posted on Saturday, November 03, 2007 - 04:17 pm: | |
Cha léigh mé an leabhar sin, an bhfuil scéal go maith? Chan fhuil leabhar agam i nGaeilg ar bith. Tír gan teanga, tír gan anam. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 648 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, November 05, 2007 - 08:15 am: | |
"Ar léigh tú "Lig Sinn i gCathú" le Breandán Ó hEithir, a Fhearn?" Léigh, a Liz, cé go bhfuil sé roinnt maith blianta ó léigh. Scéal maith agus leabhar ar fiú a léamh. Déarfainn gur thug sé dea chur síos ar an naimhdeas a bhí ann agus is fíor a deir Aonghus thuas. Na dá phríomhpháirtí poilitíochta sa Phoblacht, eascraíonn siad ó staid Chogadh na gCarad! |
|
Péitseóg (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, November 05, 2007 - 10:36 am: | |
bain mise taitneamh mór as an cuid ba mhó de na scannáin go léir atá luaite thuas.samplaí maith iad i mo thuairimse! Tá "dancing at lúnasa" an ghruama agus ba bheag nár éirigh racht im cléibh agus mé ag féachaint air ach is scannán agus scéal den scoth é. Bhí áthas an domhan oram agus mé ag déanamh staidéir ar sa mhéanscoil. maidir leis an scannáin "aisling" chuala mé tuile faoi ach ní fhaca mé riamh é. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 650 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, November 05, 2007 - 01:58 pm: | |
Luaigh mé cheana é, agus ós rud é gurb é matháir na scannán Éireannacha uile é, luaim arís é : In the Name of the Father. Nár bhfaca éinne eile é?? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6406 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, November 05, 2007 - 02:57 pm: | |
Chonaic. |
|
Trigger
Member Username: Trigger
Post Number: 27 Registered: 10-2007
| Posted on Tuesday, November 06, 2007 - 02:34 am: | |
Is cuimhneach liom an scannán sin, chonaic mé ''In the Name of the Father'. Tír gan teanga, tír gan anam. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 652 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, November 06, 2007 - 08:22 am: | |
Bhal, tá trionóid againn ar aon nós! ;-) I.S. A Thrigger, nach raibh tú id each ag an Lone Ranger, nó an ea a mhadra a bhí ionat? |
|
Trigger
Member Username: Trigger
Post Number: 28 Registered: 10-2007
| Posted on Tuesday, November 06, 2007 - 12:23 pm: | |
Níl mé cinnte air seo. . . An maith leat ''Angelas Ashes''? Agus Saoirse, chuala mé tá an scannán saoirse seo i nGaeilg? Tír gan teanga, tír gan anam. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 721 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, December 12, 2007 - 11:04 am: | |
|
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 332 Registered: 07-2005
| Posted on Wednesday, December 19, 2007 - 08:13 pm: | |
Dúirt Fearn seachtain ó shin: quote:"In America" le Jim Sheridan Chonaic mé an ceann seo cúpla bliain ó shin agus is ceann maith é. Scéal faoi daoine ó Éirinn a tháinig go Nua Eabhrac. Chuala mé gur fíorscéal de theaghlach Sheridan féin é. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 749 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, December 20, 2007 - 12:49 pm: | |
Sílim go bhfuil an ceart agat, a Liz. |
|
Tuigim (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Tuesday, February 26, 2008 - 12:37 am: | |
Dúirt duine éigin "Go raibh míle, míle maith agat" ag na Oscars aréir agus deirim Go raibh míle, míle maith agat ar ais leis cé nach raibh sé ag caint liom. Féir plé dhó!!! Oscar do Once, scannán beag Éireannach agus tá sé tuillte go maith acu. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 817 Registered: 11-2004
| Posted on Tuesday, February 26, 2008 - 09:15 am: | |
Chonaic mé fén sin. Molaim sin. Ach nach mór an trua é nach ndúirt sé 'agaibh?' Fós féin, bhí Gaeilge ag na hOscars! |
|
Chonaic mé (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Tuesday, February 26, 2008 - 08:51 pm: | |
Duine darb ainm Glen Hansard. Fuair se Oscar le h'aghaidh amhrán nios fearr"Fallin g Slowly" san an scannan "Once" |
|
An Croí Ait (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Tuesday, January 06, 2009 - 12:25 am: | |
|
|
Criostóir
Member Username: Criostóir
Post Number: 16 Registered: 07-2005
| Posted on Thursday, January 08, 2009 - 08:28 pm: | |
Ach ní maith liom scannáin. |
|
Ardri
Member Username: Ardri
Post Number: 22 Registered: 02-2007
| Posted on Tuesday, January 13, 2009 - 11:57 am: | |
Is brea liom Garage, Kings agus Hunger Orddan ocus tocad duit! |
|
An Chilleasrach (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Tuesday, January 27, 2009 - 08:13 am: | |
Is brea liom "The Quiet Man" ach is "Intermission" mo rogha do na scannáin nua-aimsire. Is beag nar thit me as mo shuíochán nuair a bhuail Colin Farrell an cailín san siopa caifé ar dtús an scéail. Lá amhain, bearfaidh mé gréim ar mo mhisneach agus bainfidh mé trial as YR i mo thae! |
|
An Croí Ait (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, May 15, 2009 - 02:05 am: | |
My Left Foot 100% The Secret of Roan Inish 98% Once 97% In the Name of the Father 95% The Magdalene Sisters 90% |
|
Criostóir
Member Username: Criostóir
Post Number: 19 Registered: 07-2005
| Posted on Sunday, June 28, 2009 - 05:31 pm: | |
Ach ní maith liom scannáin. |
|
Domhnaillín_breac_na_dtruslóg
Member Username: Domhnaillín_breac_na_dtruslóg
Post Number: 625 Registered: 04-2008
| Posted on Monday, June 29, 2009 - 11:55 am: | |
A Chriostóir, d'insís sin dúinn cheana féin. Mura maith leat scannáin, cad é go bhfuil fonn ort a phlé? |
|
Criostóir
Member Username: Criostóir
Post Number: 20 Registered: 07-2005
| Posted on Monday, June 29, 2009 - 06:37 pm: | |
Ní raibh mé ach ag magadh. I ndáiríre, féachaim ar scannán ó am go ham. Seo iad na cinn is fearr liom: The Outlaw Josey Wales Dr. Strangelove The Blues Brothers |
|
Conchubhar1
Member Username: Conchubhar1
Post Number: 190 Registered: 03-2009
| Posted on Tuesday, July 28, 2009 - 02:15 am: | |
Intermission - ''bleedin deadly boss'' (Message edited by conchubhar1 on July 28, 2009) |
|