Author |
Message |
Fiosrach (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, December 23, 2005 - 01:55 pm: | |
Bhí duine éigin ag rá ar liosta Gaeilge-A nach féidir fáil réidh leis an nGaeilge éigeantach de réir an Bhunreachta agus Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, gan ábhar roghnach a dhéanamh den Bhéarla ag an am céanna. An mbeadh sé sin fíor agus más ea cén chaoi a gcuirfí bac air, de réir an dlí? |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 395 Registered: 06-2005
| Posted on Friday, December 23, 2005 - 03:23 pm: | |
Bhuel de réir an Bhrunreachta Alt a hocht agus araile; ‘Sna stáit sin ina bhfuil mionlaigh eitneacha, chreidimh nó teanga, ní cheilfear ar dhuine de chuid na mionlach sin an ceart, i gcomhchaidreamh le daoine eile ina ghrúpa, a chúltur féin a chleachtadh, a chreideamh féin a bheith aige agus é a chleachtadh ná a theanga féin a úsáid.’ (Foinse: Francesco Capotorti , Study on the rights of persons belonging to Ethnic, Religious and Linguistic Minorities. New York UN 1979.) Alt 1 – Is iad an Ghaeilge agus an Béarla an dá theanga oifigiúla. Alt 2 – Os í an Ghaeilge an chuid is dúchasaí de thraidisiúin agus de chultúr na hEireann, béidh sé de churam ar an Stát an teanga a chaomhnadh agus a h-úsáid a leathnú. (Foinse: Tuarascáil de ghrúpa Aithbhreithnithe an Bhunreachta , Rialtas na hEireann 1996, lch 15.) D’éirigh An Ghaeilge éigeantach sna hiar-bhunscoileanna sa bhliain 1927 ach níor chuireadh an bhéim chéanna ar ghaelú sna meanscoileanna toisc gur institúidí príobháideacha ab ea iad agus ceapadh go mbeadh gach dalta ina chainteoir dúchais tar éis dó/dí críochnú sa bhunscoil. O Riain (1994 : 93) ‘ tuigeadh gur tríd an gcóras oideachais a thabharfaí cumas Gaeilge don mhórchuid sin den phobal a d’aithin an Ghaeilge mar a dteanga náisiúnta ach a bhí imithe le húsáid an Bhéarla ina saol laethúil. Pé pleanáil a deineadh, mar sin, ba i réimse an oideachais a deineadh í.’ O Riain (1994 : 8) ‘An Ghaeilge a shabháil ón mbás a bhí ag bagairt uirthi, agus í a chur i réim athuair ar fud na tíre, dá bhféadfaí sin – b’shin cuspóir teanga an Stáit nua.’ .i. Béarla a asáitiú go Gaeilge. “ba í an fhaillí ba mhó a deineadh ná gur ceapadh go gcinntíonn eolas ar an dteanga agus litearthacht úsáid gníomhach.” ‘Má tá rud ar bith ag marú na Gaeilge sna hiarbhunscoileanna is í an litríocht atá á dhéanamh sin.’ (O Dubhthaigh 1978 : 29) Ach fós níor athraíodh an córas. Nach bhfuil m'obair bhaile déanta agam!?! A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river |
|
Fiosrach (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Saturday, December 24, 2005 - 01:54 pm: | |
An gciallaíonn sé sin go cinnte nach mbeidh sé de chumas ag Enda Kenny ábhar roghnach a dhéanamh den Ghaeilge gan an Bunreacht a athrú le reifreann? |
|
Dalta
Member Username: Dalta
Post Number: 17 Registered: 12-2005
| Posted on Saturday, December 24, 2005 - 04:55 pm: | |
An mbuafadh sé reifreann? Deirfinn go mb'fhéidir é. |
|
Fiosrach (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Sunday, January 01, 2006 - 09:26 am: | |
Ní dóigh liom gurbh fhiú dóibh an méad oibre a bheadh i gceist chun an bunreacht a athrú. |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 402 Registered: 06-2005
| Posted on Monday, January 02, 2006 - 05:40 pm: | |
Maidir led cheist Fiosrach níl's agam! D'fhéadfadh muintir Fhine Gall a rá go gcabhróidh a bpolasaí leis an nGaeilge agus í ag fáil réidh le drochthuairmí faoin nGaeilge (eh ní dóigh liom é) Ní bheadh an bua ag Fine Gall.. Déarfadh na pairtí eile - fiú Lucht Oibre agus aontas acu le fg don thoghchán - nach cóir bheith ina fábhar. Tharla an méid seo ag am na hagóide. Táim cinnte nach mbeadh mórán achmhainn curtha ina bhfeachtas ach 'dá laghad is cabhair é.' Agus aontaím, ní fiú dóibh a leithéid a dhéanamh. A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river |
|