Author |
Message |
Seán_mac_eochaidh
Member Username: Seán_mac_eochaidh
Post Number: 31 Registered: 11-2005
| Posted on Saturday, December 03, 2005 - 06:11 pm: | |
Creidim go bhfuil an cuid is mó daoine nios fearr maireachtáil agus ag obair i na dtír dhúchais. Éireannaigh san áireamh, dar ndoigh. Seán Mac Eochaidh Béal Feirste Guthan: +442890507988 http://sean1925.tripod.com |
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 868 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, December 04, 2005 - 09:14 am: | |
Abair é sin le Polannach -- beidh sé ag gáire fút. Chomh maith leis sin, tá a lán aosaí gairme ann a bhfuil deiseanna níos fearr don oibrí lasmuigh d'Éirinn -- ailtireacht mar shampla. Cad chuige an intinn chaol? Ná úsáid ceannlitreacha i dteiteal snáithe le do thoil -- ní deas é a léamh. Fáilte Roimh Cheartúcháin |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 1095 Registered: 01-2005
| Posted on Sunday, December 04, 2005 - 10:43 am: | |
Creidim go bhfuil an cuid is mó daoine nios fearr maireachtáil agus ag obair i na dtír dhúchais. Dá bhfaighfeá bás don ocras in do thír féin chan abróchá a leithéid !!! Tír Chonaill abú! |
|
Seán_mac_eochaidh
Member Username: Seán_mac_eochaidh
Post Number: 32 Registered: 11-2005
| Posted on Sunday, December 04, 2005 - 11:12 am: | |
Tá an cuid is mó daoine nios fearr ag obair i na dtír dhúchais féin lé feabhas a thabhairt ar gcaighdéan maireachtála an phobail a ardú. Éireannaigh san áireamh, dar ndoigh. Ní chuireann sé iontas orm, i dhoigh ar bith, má tá ná eachrannachtaí atá i nÉireann a déanamh gáire fuinn! Ní bheith Éireannaigh ag gáire nuair atá toighe nios doiligh a fhail agus nios daoire, agus nuair atá siad a fail pá nios isle. Tá sin cinnte! Seán Mac Eochaidh Béal Feirste Guthan: +442890507988 http://sean1925.tripod.com |
|
Seán_mac_eochaidh
Member Username: Seán_mac_eochaidh
Post Number: 33 Registered: 11-2005
| Posted on Sunday, December 04, 2005 - 11:31 am: | |
"...Chomh maith leis sin, tá a lán aosaí gairme ann a bhfuil deiseanna níos fearr don oibrí lasmuigh d'Éirinn -- ailtireacht mar shampla...." Má tá sin fior, sé an doigh is fearr leis sin a reidhteach na ár oibri féin a traenáil le bheith nios fearr na oibri as tír ar bith eile. Bá choir go mbeadh féin meas orainn mar Éireannaigh. Comh maith leis sin, is feidir linn cuidu labha a thabairt do dhaoine as tíortha eile feabhas a thabhairt ar gcaighdéan maireachtála annsin. Seán Mac Eochaidh Béal Feirste Guthan: +442890507988 http://sean1925.tripod.com |
|
Seán_mac_eochaidh
Member Username: Seán_mac_eochaidh
Post Number: 34 Registered: 11-2005
| Posted on Sunday, December 04, 2005 - 06:26 pm: | |
"...Cad chuige an intinn chaol?..." Má's intinn caol é iarracht a dhéanamh seasamh leis ár b'pobal féin, sin mar atá. Seán Mac Eochaidh Béal Feirste Guthan: +442890507988 http://sean1925.tripod.com |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 1097 Registered: 01-2005
| Posted on Sunday, December 04, 2005 - 07:11 pm: | |
Intinn chaol inse gur chóir do achan duine fanacht ina thír féin. Bhí daoiní eile in Éirinn sula dtáinig na Gaeil chuici, a chara! Ba choimhthígh na Gaeil in Éirinn ar tús. Intinn chaol inse gur chóir do achan duine fanacht ina thír féin má tá sé i mbaol a bháis inti, más contúirteach a’ saol inti, munab fhuil dóchas ar bith le fáil inti, muna féidir greim bídh a dh’ithe agus a thabhairt dá pháistí inti ! Nárbh iomaí sin Éireannach a d’fhaigheadh bás muna dtéadh sé ’an Oileáin Úir ag am a’ ghorta, agus b’fhearr an fháilte a fuair siad thall ná ’n fháilte a chuireas tusa roimh stráinséirí in do thír féin, de réir achan chosúlachta. Tír Chonaill abú! |
|
Breacban
Member Username: Breacban
Post Number: 155 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, December 05, 2005 - 05:30 am: | |
ta an ceart agam aris. Is cosuil le pol pot e. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 252 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, December 05, 2005 - 11:53 am: | |
Seo duit meon na n-intinní oscailte, a Seáin. Bíonn gach duine nach n-aontaíonn le lucht 'PC' caol-aigeanta. Tuigimidne é mar 'tuairim eile atá aige,' rud nach mbíonn mórán cleachtaidh ag a leithéid leis. Ní aontaím leat, ach tuigim do chás, agus dar liomsa, tá cead aighnis agat. Ba chóir go mbeadh srian ceart ar an inimirce, chun féiniúlacht na tíre a chaomhnú. Aontaím leis sin. P.S. An bhfaca tú mo bhlog riamh, a Sheáin? http://caomhach.blogspot.com/ |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 370 Registered: 06-2005
| Posted on Monday, December 05, 2005 - 12:14 pm: | |
Cad a chiallaíonn sé sin - Lucht PC? A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 253 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, December 05, 2005 - 03:17 pm: | |
CP, as Gaeilge (Ceartchreidmhach go Polaitiúil). |
|
Seán_mac_eochaidh
Member Username: Seán_mac_eochaidh
Post Number: 35 Registered: 11-2005
| Posted on Monday, December 05, 2005 - 04:07 pm: | |
Scriobh Lughaidh: "Intinn chaol inse gur chóir do achan duine fanacht ina thír féin..." Scriobh mise (3 Nollaigh 2005) "Creidim go bhfuil an cuid is mó daoine nios fearr maireachtáil agus ag obair i na dtír dhúchais..." Seán Mac Eochaidh Béal Feirste Guthan: +442890507988 http://sean1925.tripod.com |
|
Seán_mac_eochaidh
Member Username: Seán_mac_eochaidh
Post Number: 36 Registered: 11-2005
| Posted on Monday, December 05, 2005 - 04:16 pm: | |
"...P.S. An bhfaca tú mo bhlog riamh, a Sheáin? http://caomhach.blogspot.com/..." Rinne mé cuirt go gasta air, a Shéamuis, ach leighfidh mé é nios moille. Mhinigh tú go soiléir an chiall atá le lucht 'PC' (gáire) Seán Mac Eochaidh Béal Feirste Guthan: +442890507988 http://sean1925.tripod.com |
|
Seán_mac_eochaidh
Member Username: Seán_mac_eochaidh
Post Number: 37 Registered: 11-2005
| Posted on Monday, December 05, 2005 - 04:36 pm: | |
"..Bhí daoiní eile in Éirinn sula dtáinig na Gaeil chuici, a chara! Ba choimhthígh na Gaeil in Éirinn ar tús..." Is doig go bfhuil an cuid is mó againn eolach ar sin. Ach na daoine abhi annseo, rinne siad iarracht fail reidh leis na Gaeil, agus theip ortha. Nuair a chuir na Gaeil fúthu i nÉireann, rinne siad úsaid as an labh laidir, glun indhiadh glun, le coimhthigh a ruaigiu amach as an tír. Ceist: Caidé an difear idir na Gaeil annsin agus cuid de na Gaeil inniu? Freagra: Bhí nios mó ciall acu. Seán Mac Eochaidh Béal Feirste Guthan: +442890507988 http://sean1925.tripod.com |
|
Daithi MacCraith (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, December 05, 2005 - 05:43 pm: | |
Tuairiscitear go bfhagadh nios mo na 5 milliun daoine de thoradh an gorta mor, cuireadh failte romhainn i ngach ait agus gach tir - anois ta dualgas an mhor orainn chun ar droidhiceall a dheanamh cairdeas a fhorbairt leis na daoine nua as Nigeria/Poland/Czech Republic etc.. Ni feidir e a sheanadh go bhfuil se ar intinn acu a gcuid caighdean maireachtala a laghdu, ach creidim go bhfuil siad an cliste - go minic d'fheicfea duine le phD no Masters ceimeanna. Is brea liom an phaipear a leamh agus pictiur de paiste as an Afraic a fheiceail ag imirt peil Ghaelach no iomanaiocht i Pairc Ui Crocaigh. Samhlaitear domsa go bhfuil fonn laidir ag na cuairteoiri nua dul chun cinn sa shaol Eireannach. |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 371 Registered: 06-2005
| Posted on Monday, December 05, 2005 - 05:56 pm: | |
Bhuel fiafraím díot an ndéanann na daoine seo (agus is duine i bhfábhar ilchulturachas mé) níos mó mhaitheas nó damáiste don Ghaeilge? I ndáiríre cad a cheapann sibh - níl's agamsa. Bhíodh abair duine as 30 i gColáiste na Rinne ina bhall clainne ó thír eile. Maith an rud é. Labhrann na daoine seo níos mó dá dteanga dúchais in ionad Gaeilge. Drochrud é. Ceistíonn muintir na hEireann a gcultur féin mar gheall ar na "daoine allúracha" seo. Déanann é seo an-chuid mhaitheas don Ghaeilge. Maith an rud é. A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 1100 Registered: 01-2005
| Posted on Monday, December 05, 2005 - 06:16 pm: | |
A Sheáin, i{Ach na daoine abhi annseo, rinne siad iarracht fail reidh leis na Gaeil, agus theip ortha. } Cá bhfios duit? Ceist: Cad é an duifear eadar do chuid smaoitithe agus smaoitithe faisistigh? Freagra: Níl duifear ar bith eatarthu. Tír Chonaill abú! |
|
Seán_mac_eochaidh
Member Username: Seán_mac_eochaidh
Post Number: 38 Registered: 11-2005
| Posted on Tuesday, December 06, 2005 - 08:16 am: | |
"A Sheáin, i{Ach na daoine abhi annseo, rinne siad iarracht fail reidh leis na Gaeil, agus theip ortha. } Cá bhfios duit?..." Leigh mé stair na hÉireann. Seán Mac Eochaidh Béal Feirste Guthan: +442890507988 http://sean1925.tripod.com |
|
Seán_mac_eochaidh
Member Username: Seán_mac_eochaidh
Post Number: 39 Registered: 11-2005
| Posted on Tuesday, December 06, 2005 - 08:31 am: | |
"...Intinn chaol inse gur chóir do achan duine fanacht ina thír féin má tá sé i mbaol a bháis inti, más contúirteach a’ saol inti, munab fhuil dóchas ar bith le fáil inti, muna féidir greim bídh a dh’ithe agus a thabhairt dá pháistí inti ! ..." Sliocht as Forógra Pobal na hÉireann 8. Inimirce de choimhthíochaí i nÉireann. (Ligfidh isteach fior dídeannai de reir teagasc na hEaglaise Caitliceach, agus nuair atá go leor acmhainne naisiúntá againn le seo a dheanú. B'feidir nar leigh tú an t-alt seo thuas? Tá mé sasta le coimhthiochai mar turasóirí nó mar mic leinn i nÉireann ach chan ag fanacht annseo go buan. Is maith an nos é fosta, Éireannai ag taisteal do tiortha mar turasóirí nó mar mich leinn. Seán Mac Eochaidh Béal Feirste Guthan: +442890507988 http://sean1925.tripod.com |
|
Seán_mac_eochaidh
Member Username: Seán_mac_eochaidh
Post Number: 40 Registered: 11-2005
| Posted on Tuesday, December 06, 2005 - 08:46 am: | |
"Bhuel fiafraím díot an ndéanann na daoine seo (agus is duine i bhfábhar ilchulturachas mé) níos mó mhaitheas nó damáiste don Ghaeilge? I ndáiríre cad a cheapann sibh - níl's agamsa." Tá fhios agam nach aontuighim féin i ilculturachas. Tá suaitteachtaí ag eirigh seo a bhrú, agus tá siad ag déanamh dochair do chultur na hÉireann. Tá dualgas trom ar Gael gan ligint dobhtha. Seán Mac Eochaidh Béal Feirste Guthan: +442890507988 http://sean1925.tripod.com |
|
Seán_mac_eochaidh
Member Username: Seán_mac_eochaidh
Post Number: 41 Registered: 11-2005
| Posted on Tuesday, December 06, 2005 - 09:06 am: | |
"...Ni feidir e a sheanadh go bhfuil se ar intinn acu a gcuid caighdean maireachtala a laghdu, ach creidim go bhfuil siad an cliste - go minic d'fheicfea duine le phD no Masters ceimeanna..." Tá fáth laidir annsin go mbainnin siad usáid as an chliseacht sin in a dtiortha féin ar son a phobal féin. Tá daoine i gach tír ag brath ar na daoine cliste i gach tír. Is droch an rud ar fad nuair a tréigeann na daoine cliste a d'tír féin agus a b'pobal. Seán Mac Eochaidh Béal Feirste Guthan: +442890507988 http://sean1925.tripod.com |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 254 Registered: 11-2004
| Posted on Tuesday, December 06, 2005 - 10:25 am: | |
Ar an lámh eile, ní drochrud é dúinne a ghlacann leo. Agus is minic nach mbíonn seans dá laghad acu aon rud maith a dhéanamh sa bhaile, mar gheall ar dheachtóir nó rialtas olc eile. Ní féidir linn iad go léir a ghlacadh gan ár dtír féin a iompú go dtí macsamhal a dtíresean. Ní mór dúinn go léir obair ar son na saoirse agus cearta daonna i ngach tír - agus cuid díobh a ghlacadh inár dtíortha féin. Is cás ar leith Meiriceá, mar tá an tír seo bunaithe ar an inimirce. Scéal níos casta is ea é in Éirinn. |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 1101 Registered: 01-2005
| Posted on Tuesday, December 06, 2005 - 12:26 pm: | |
Ach na daoine abhi annseo, rinne siad iarracht fail reidh leis na Gaeil, agus theip ortha. Cá bhfios duit?..." Leigh mé stair na hÉireann. Níl ’s agam cad é a léigh tú mar nach bhfuil téacs ar bith a scríobhfaí ag an am udaí a dtáinig na Gaeil go hÉirinn: ní rabh scríobh ag duine ar bith ag na Gaeil ná ag na daoiní a bhí in Éirinn rófa. Cá bhfios gur fhéach siad seo leis na Gaeil a ruaigeadh? Má tá cruthú ar bith ann, is cruthú seandálaíochta atá ann. Agus an bhfuil a leithéid ann? Tabhair thusa cruthú domh, go gcreide mé thú... Agus cibé ar bith, an síleann tú gur ionann saol an ama udaí agus an saol inniu? Nuair a chuireas do chomharsa isteach ort, an ngearrann tú a chionn dó le claidheamh nó le tuaigh? D’athraigh ’n saol, a chara, agus anois ní shíltear níos mó gur normálta an rud a chionn a bhaint do do chomharsa muna réiteann tú go maith leis. Deirtear ar fud an domhain gur pobal fáilteach pobal na hÉireann. Agus sin a’ rud a mhoithigh mé nuair a chua’ mé ann. Ar a’ dea-uair, níl achan Éireannach cosúil leat! (Message edited by lughaidh on December 06, 2005) (Message edited by lughaidh on December 06, 2005) Tír Chonaill abú! |
|
Seán_mac_eochaidh
Member Username: Seán_mac_eochaidh
Post Number: 42 Registered: 11-2005
| Posted on Tuesday, December 06, 2005 - 03:07 pm: | |
"Ceist: Cad é an duifear eadar do chuid smaoitithe agus smaoitithe faisistigh? Freagra: Níl duifear ar bith eatarthu." Tá Lighaidh fial le a chuid dea-mheine!!! Seán Mac Eochaidh Béal Feirste Guthan: +442890507988 http://sean1925.tripod.com |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2633 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, December 06, 2005 - 03:25 pm: | |
Tá do chuid polaisithe ag teacht salach ar a chéile, a Shéain. Ar lámh amháin, is mian leat go dtabharfaí cumhacht don eaglais. An an lámh eile, tá tú i gcoinne imirce - agus an eaglais ar tús cadhnaíochta ag lorg cearta d'imircigh. |
|
Seán_mac_eochaidh
Member Username: Seán_mac_eochaidh
Post Number: 43 Registered: 11-2005
| Posted on Tuesday, December 06, 2005 - 03:43 pm: | |
"Ar an lámh eile, ní drochrud é dúinne a ghlacann leo." Is doigh go bhfuil tú ar aon intinn leis an sliocht seo as Forógra Pobal na hÉireann mar sin dé? 8. Inimirce de choimhthíochaí i nÉireann. (Ligfidh isteach fior dídeannai de reir teagasc na hEaglaise Caitliceach, agus nuair atá go leor acmhainne naisiúntá againn le seo a dheanú. "Agus is minic nach mbíonn seans dá laghad acu aon rud maith a dhéanamh sa bhaile, mar gheall ar dheachtóir nó rialtas olc eile." Tá mé 80 bliain de aois anois agus tá droc-réim gallda sa sé condaethe ar feadh mo shaol agus nios fuidge na sin. Nil achan duine sasta a shaoirse nó a bheatha a cuir i gcontuirt le cursaí a dhéanamh nios fearr ina thír féin. Na déan dearmad...nil Éire saor fós! " Ní féidir linn iad go léir a ghlacadh gan ár dtír féin a iompú go dtí macsamhal a dtíresean." Aontuighim le sin. "Ní mór dúinn go léir obair ar son na saoirse agus cearta daonna i ngach tír " Cinnte, agus go háirithe in ár dtír féin. Is Éireannach mise, agus mo priomh-dhualgas, do mo thír agus mo phobal fein. "- agus cuid díobh a ghlacadh inár dtíortha féin." Aontuighim le sin, ma's fior dideannai iad. "Is cás ar leith Meiriceá, mar tá an tír seo bunaithe ar an inimirce. Scéal níos casta is ea é in Éirinn" Tá neart críonnacht so raidhte shuas. Seán Mac Eochaidh Béal Feirste Guthan: +442890507988 http://sean1925.tripod.com |
|
Seán_mac_eochaidh
Member Username: Seán_mac_eochaidh
Post Number: 44 Registered: 11-2005
| Posted on Tuesday, December 06, 2005 - 03:56 pm: | |
"Is cás ar leith Meiriceá, mar tá an tír seo bunaithe ar an inimirce. Scéal níos casta is ea é in Éirinn" Agus is feidir a rá, fosta, bunaithe ar gadaoicht talamh comh maith in Meiriceá agus Éireann.. Seán Mac Eochaidh Béal Feirste Guthan: +442890507988 http://sean1925.tripod.com |
|
Seán_mac_eochaidh
Member Username: Seán_mac_eochaidh
Post Number: 45 Registered: 11-2005
| Posted on Tuesday, December 06, 2005 - 04:08 pm: | |
"Tá do chuid polaisithe ag teacht salach ar a chéile, a Shéain...." Is léir domh, Aonghus, nar dhearn tú staidéar ar Forógra Pobal na hÉireann, na ar an meid a scriobh mé ar an chlár plé seo. Seán Mac Eochaidh Béal Feirste Guthan: +442890507988 http://sean1925.tripod.com |
|
Seán_mac_eochaidh
Member Username: Seán_mac_eochaidh
Post Number: 46 Registered: 11-2005
| Posted on Tuesday, December 06, 2005 - 04:23 pm: | |
Ma's Éireannach thú agus tá tú thar saile, impighim ort, tar na bhaile. Tá obair tabhachtach le déanamh agat i do thír fein. Beidh fáilte ó chroi agam ort. Seán Mac Eochaidh Béal Feirste Guthan: +442890507988 http://sean1925.tripod.com |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 255 Registered: 11-2004
| Posted on Wednesday, December 07, 2005 - 10:08 am: | |
Nach méanair duit, a Sheáin, go bhfuil cumas agat ar an idirlíon mar seo, agus tú 'fásta suas.' Mo dhá ghraighin thú. Cathain a bhfuair tú do chuid Gaeilge? Ní ionann an dóigh a bhfuarthas talamh i Meiriceá agus in Éirinn, dar liom - cé go raibh baint ag na Sasanaigh leis. Féach an dán seo, mar shampla. Tá an stair níos casta ná sin. http://www.scoilgaeilge.org/lasmuigh/danta/Cherokee.htm |
|
Seán_mac_eochaidh
Member Username: Seán_mac_eochaidh
Post Number: 47 Registered: 11-2005
| Posted on Wednesday, December 07, 2005 - 04:32 pm: | |
"Nach méanair duit, a Sheáin, go bhfuil cumas agat ar an idirlíon mar seo, agus tú 'fásta suas.' Mo dhá ghraighin thú. Cathain a bhfuair tú do chuid Gaeilge? " Go raibh maith agat. Tá uirlisí againn nach raibh ag ár sinnsear. Is fiú iad a úsaid ar son an náisiún Éireannach. Rinne mé freastal ar ranganna Chonradh na Gaeilge agus Glún na Buá. Fuair mé cuid comh maith i sluachampa geibhinn Shasanach. "Ní ionann an dóigh a bhfuarthas talamh i Meiriceá agus in Éirinn, dar liom - cé go raibh baint ag na Sasanaigh leis. Féach an dán seo, mar shampla. Tá an stair níos casta ná sin. " Tá an ceart agat, ach sa dhá cas, gadaoicht talamh abí ann, silim. Seán Mac Eochaidh Béal Feirste Guthan: +442890507988 http://sean1925.tripod.com |
|
Seán_mac_eochaidh
Member Username: Seán_mac_eochaidh
Post Number: 48 Registered: 11-2005
| Posted on Wednesday, December 07, 2005 - 04:34 pm: | |
Go mo leis sceal, a Shéamuis...Leig mé an dan. Maith thú! Seán Mac Eochaidh Béal Feirste Guthan: +442890507988 http://sean1925.tripod.com |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 373 Registered: 06-2005
| Posted on Wednesday, December 07, 2005 - 06:46 pm: | |
A Sheáin, Caithfidh mé an méid seo a chur in iúl duit - Ní rud Caitlicigh é seo a rá - "Tá fhios agam nach aontuighim féin i ilculturachas" Múineann An Papa agus araile a mhalairt. Tuigim go breá go bhfuil na himircigh ag déanamh damáiste dár gcultúr ach ag an am céanna féach ar an obair den scoth atá ar siúl ag I MEASC agus araile. Goile - Ní Gaeil nó Eireannaigh a chur tús le h-athbheochan na Gaeilge. "Na déan dearmad...nil Éire saor fós!" Gan amhras.. - Is í slánú na Gaeilge athghabháil na Saoirse - "Tá mé 80 bliain de aois anois agus tá droc-réim gallda sa sé condaethe ar feadh mo shaol agus nios fuidge na sin" Maith fear. A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river |
|
Fear (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, December 14, 2005 - 12:32 pm: | |
A Sheáin, scríobh tú: "Ma's Éireannach thú agus tá tú thar saile, impighim ort, tar na bhaile. Tá obair tabhachtach le déanamh agat i do thír fein. Beidh fáilte ó chroi agam ort." Tá mise ar an gcoigríoch agus is maith liom é. Cad é an obair thabhachtach seo? |
|
Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, December 14, 2005 - 02:20 pm: | |
A Sheáin a dhuine uasail, más fear rua nó fionn tú, caithfidh tú gabháil chun an bhaile mar is fear dubh mé féin agus in ainm Chroim is na bhFear mBolg, fógraím fán ar an gcuid eile ar fad agaibh amach as Éirinn iathghlais m'oileánsa! Má bhíonn, áfach, an tuiseal ginideach, blaiseadh den tabharthach, agus do shá Gaeilge agat leis an madadh a ruaigeadh as béal an dorais, ligfead leat fanacht seal tamaillt le Gaeilg a theagasc don mhuintir isteach, bídís dubh, bán nó riabhach rua! '-- Is clos dom gurb í an teanga Ghaelach is teanga mháthartha i Montserrat san India Thiar ó aimsir Oilibher Cromaill, noch do dhíbir cuid de chlanna Gael ó Éirinn gusan Oileán sin Montserrat. Labhartar an Ghaeilge ann go coiteann le daoine dubha agus bána. Maise mo ghrá croí na díbearthaigh bhochta Ghaelacha. Cia dubh bán iad is ionúin liomsa clanna Gael.' - Amhlaoibh Ó Súilleabháin 1831 (de Bhaldraithe, T. 1976, 84-85). Is ionúin liom féin iad clanna Gael ar neamhchead d'fholaíocht, do dhath, do chúlra. Tá meanma an duine i gceist (seachas colainn, ina cruth nó ina dath) agus tá dílse do shaíocht na tíre seo i gceist seachas luí le déithe bréige na hEorpa is na Criostaíochta. 'Is í an teanga cuisle na treibhe' dar liom féin. Chuala an abairt sin ag Peadar Ó Riada i Ros Muc nuair a craoladh Teilifís na Gaeltachta i gcéaduair, breis is 15 bl. ó shin. Is í an mhuc réamh-Chríostúil, an torc nár tolladh is nach dtollfar, mo Dhia'sa! Adhraímist an crann aitil! Labhraíodh Lon Leitir Laoigh in éadan an chiníochais agus na héagothroime! Amachaigí as Éirinn a mhuintir fionnrua gan Ghaeilg, mura bhfuil de Chriostaíocht libh isteach ach an duine eile a bhrú faoi chois is cothrom na Féinne a cheilt air! Garbhthrian Chonnacht na bhFear mBolg abú (cé gur de Chlainn Ghiolla Fhinnéin Uí Mhaol Doraidh, Cinéil Chonaill, mo shinseanmháthair)! Natolica faoi shéan is faoi mhaise agaibh go léir a Dhaltaí. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 757 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, December 14, 2005 - 03:20 pm: | |
quote:Is í an mhuc réamh-Chríostúil, an torc nár tolladh is nach dtollfar, mo Dhia'sa! Tá ceist amháin agam, agus í sách tábhachtach: mar bhall den eaglais sin an mbeidh cead agam muicfheoil a ithe? Tá liamhás mór sa chuisneoir anois díreach. quote:Adhraímist an crann aitil! Cén fáth an t-aiteal? Tá lé agamsa leis an gcrann darach. Agus tá an crann caithne go deas, ós ag caint ar chrainnte atá muid: bíonn úlla agus bláthanna air san am céanna. quote:Labhraíodh Lon Leitir Laoigh in éadan an chiníochais agus na héagothroime! Labhraíodh go deimhin, ach... cé hé an lon sin? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 759 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, December 14, 2005 - 10:01 pm: | |
Fuair na focail an torc nár tolladh is nach dtollfar macalla i mo cheann (ceann toll?). Tá's agam céard a bhí ar intinn agam anois: Ad·muiniur m'argetnia nad ba nad beba... as an dán a thosaíonn leis na focail "Ad·muiniur secht n-ingena trethan dolbtae snáithi macc n-áesmar." |
|
Fear n (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, December 15, 2005 - 11:09 am: | |
"Ní chuireann sé iontas orm, i dhoigh ar bith, má tá ná eachrannachtaí atá i nÉireann a déanamh gáire fuinn! " An maith leo ár ngreann ? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 767 Registered: 02-2005
| Posted on Saturday, December 17, 2005 - 06:23 pm: | |
D'fhiafraigh Fear na mBróg tamall ó shin: quote:Cad chuige an intinn chaol? An chomhairle a thug an saoi uaidh anallód: http://www.sengoidelc.com/node/322 |
|
Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, December 19, 2005 - 05:05 am: | |
>>an mbeidh cead agam muicfheoil a ithe? - Cead agat gach ní ach feoil thubaiste a ithe! >>Cén fáth an t-aiteal? - Crann deas umhal a shiúil chun na tíre seo ní ba thúisce ná aon chrann eile ar leá na leice oighre (Mitchell, F., 1997). Chonaic mé roinnt díobh cosúil le seo: http://www.madras.net/keith/trees/oldjunip.htm ach tá aiteal (abhac aitil) le feiceáil sa ghrianghraf seo atá cosúil leis an gceann a fheicfeas tú fiáin anseo in Éirinn: http://www.girr.org/girr/girr/girr_mtn_wide_angle.html 'Iúr talún' nó 'iúr aille' a thugtar air chomh maith. Tá an ceann is mó dá bhfaca mé i ngarraí beag in Inis Meáin. An lon sin: http://www.ucc.ie/celt/published/G400049/text001.html Bhíodh na healta loin ceolmhar sa taobh sin, Leitir Laoigh, ní foláir: http://www.ucc.ie/celt/published/G400005/text001.html Go maire tú an obair mhaith sin, Sengoidelc, a Dhonncha. http://www.sengoidelc.com/node/322 Is léir gurbh fhiú mic léinn a tharraingt isteach chuig an suíomh sin lena gcuid Gaeilge a shaibhriú, gan trácht ar an tuiscint saoil. Molann an suíomh an fear. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 771 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, December 19, 2005 - 11:48 am: | |
A Sheosaimh, Crann deas umhal a shiúil chun na tíre seo ní ba thúisce ná aon chrann eile ar leá na leice oighre An-suimiúil! Chonaic mé roinnt díobh cosúil le seo: http://www.madras.net/keith/trees/oldjunip.htm Thogh tú grianghraf ó cheantar mór iargúlta a bhfuil an-dúil agam ann! An Great Basin a thugtar air. Tír gharg álainn í. Ós spéis leat an crann aitil, ba cheart duit súil a chaitheamh ar an suíomh seo (ceannaím féin na táirgí seo): http://www.juniperridge.com/sumbpn_juniper.htm |
|
Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, December 19, 2005 - 03:33 pm: | |
Is spéisiúil gur 'Basin' cuid d'ainm na háite thiar agaibh mar an áit is mó dá bhfacas crann aitil den déanamh ard sin, aníos roinnt troithe os cionn talún, is taobh thuaidh de ghleann é idir Port agus Ard an Rátha in iardheisceart Thír Chonaill. Measaim go bhfuil scór go leith díobh ann. Ní fhaca in aon áit eile ach an crann corr leis féin. Tá ceann den chineál íseal leata le talamh, le feiceáil, ar éigean, aníos tríd an muiríneach ag an té a bhfuil a fhios aige a leithéid a bheith ann agus an déanamh atá air, sa ghrianghraf seo as mo bhaile féin, ar an Leathros, i Sligeach na Séad: http://pdphoto.org/PictureDetail.php?oldpg=2134 Tá an crann beagnach i lár baill, de leataobh dheis, ach ní dóigh liom go bhfeicfeadh éinne é, seachas mé féin, faraor. Comharthaíonn an grianghraf a théagartha is atá an crann seo le fás in áit chomh sceirdiúil agus gaineamh faoi in áit créafóige. Mo bheannacht do na crainn sin go léir i bhfad laistiar den téiscinn thuaidh, amuigh ar na machairí is faoi chiumhais na ngleann. Ba spéis liom lusanna agus crainn Mheiriceá le linn mo dhá gheábh ghearra ann, thart ar Milwaukee agus Cathair San Pól. Bhí mé ag siúl thart ar amharc ar fhiailí san áit a raibh mo leathbhreac ag cuardach Ma Bakers agus fobhailte siopaí! A Dhonncha, má fhaigheann tú deis riamh theacht ar an leabhar sin le Frank Mitchell, Reading the Irish Landscape, cheannaigh, mar tá mé ag leagan amach go gcuirfeá spéis mhór ann. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 773 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, December 19, 2005 - 08:45 pm: | |
quote:A Dhonncha, má fhaigheann tú deis riamh theacht ar an leabhar sin le Frank Mitchell, Reading the Irish Landscape, cheannaigh, mar tá mé ag leagan amach go gcuirfeá spéis mhór ann. Tá sé agam! :-) Cheannaigh mé é chomh agus a leag mé súil air, ceithre bliana ó shin i mBÁC. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 774 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, December 20, 2005 - 01:17 am: | |
An botún is ansa liom, focal a fhágáil ar lár: Cheannaigh mé é chomh luath agus a leag mé súil air... |
|
Seán_mac_eochaidh
Member Username: Seán_mac_eochaidh
Post Number: 61 Registered: 11-2005
| Posted on Monday, January 30, 2006 - 10:26 am: | |
Deirtear go bhfuil ná Sínnigh i mBaile Átha Cliath "meallta", cionnas nar cheiliúiradh go hoifigiúil, Lá Coille, (is acú) ar 29ú Eanáir. Nach bhfuil fhios acú go bhfuil Baile Átha Cliath i n Éireann; chan sa tSín. Lig dóibhsean filleadh ar an tSín, má's mian leo é á ceiliúradh go hoifigiúil! Seán Mac Eochaidh Béal Feirste Guthan: +442890507988 http://sean1925.tripod.com |
|
Fear n (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, January 30, 2006 - 10:54 am: | |
A Sheáin, is tachrán dolba thú ! Lig dóibh is lig do Dhia, a mhic |
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 61 Registered: 07-2005
| Posted on Monday, January 30, 2006 - 06:45 pm: | |
Níor thuig mé do theachtaireacht, a Sheáin. An raibh alt sa nuachtán? Tharla Lá Coille na Síneach ar an Domhnach inné. Bhí oifig an phoist, na bainc, na scoileanna agus formhór na n-oifigí dúnta ar an lá. Cén fáth a raibh na Sínigh i mBAC buartha faoin gceiliúradh? Bliain an mhadra atá againn anois. Is daoine an-mhaith iad na Sínigh, i mo bharúil. 1. Is annamh a bhíonn fear Síneach tugtha don ól. 2. Is oibrí dícheallach iad na Sínigh, agus cuireann siad airgead i dtaisce. 3. Tugann siad cabhair dá muintir, go háirithe do na daoine óga i measc a lucht gaoil. 4. Tá sean-nós an-bhreá ag na Sínigh. Nuair a phósann fear Síneach, tugann sé a mhaoin iomlán dá bhean láithreach. Má tá post aige, téann a thuarastal dá bhean freisin. Stiúrann an bhean an teach is an teaghlach, gan cheist, gan chosc. Mar chúiteamh, déanann sise an chócaireacht, an níochán, agus rudaí deasa eile dó. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 919 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, January 30, 2006 - 09:44 pm: | |
quote:Is annamh a bhíonn fear Síneach tugtha don ól. Ní hionann sin agus a rá nach n-ólann siad, bail ó Dhia orthu! :-) D'fhreastail mé ar léacht ar pheannaireacht Shíneach ag an Asian Art Museum anseo in Seattle Dé Sathairn seo caite. Bhí scríbhneoir/scoláire clúiteach ann na céadta bliain ó shin (ní cuimhin liom a ainm, faraor!) a théadh ar meisce lena chuid cairde agus a scríobhadh dánta agus eile. Bhí beocht agus neart iontu a mhúscail ionadh na scoláirí eile. Agus bhí an t-ionadh céanna ar mo dhuine ar maidin, tar éis dó an mheisce a chur de! (Message edited by dennis on January 30, 2006) |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 276 Registered: 11-2004
| Posted on Tuesday, January 31, 2006 - 09:54 am: | |
Ní dóigh liom go mbíonn na tréithe céanna ag gach duine de breis is billiún Sínigh, fiú tréithe maithe... :-? Mharaigh Mao tríocha milliún duine, mar shampla. >:-( Nós deas sin maidir leis na mná, cinnte. Nós eile a bhíonn ann, iadsan a mharú sula rugann siad (nó píosa beag ina dhiaidh). Nach duine gruama mise. :-< |
|
Breacban
Member Username: Breacban
Post Number: 166 Registered: 11-2004
| Posted on Tuesday, January 31, 2006 - 12:09 pm: | |
dheanas ceapadh a gabhail abhaile. Thanaig mo cine anseo theampall c. 2,500 bhlian o shin. Beidh me ag reachtail an turas abhaile nios tuisce. An bhfuil speis ag einne a bheith i mo theannta?. ta cailiocht ro-aird agat mas mian leat a thanaig liomsa. ni mor duit chinelacha ar dha taobh don chlann fein leis na mileiseans no na firbolg ar laghad, chun do siochan ar an teitlean a fail. cuirfidh me glaoch ar oifig bpasspoirt i spainn gan mhoill. 100% l.f.m. |
|
(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, March 08, 2006 - 01:01 pm: | |
séan mac eodhaidh: caithfidh tú slí beatha a roghnú . caitheann tú do chuid ama ar an bhfóraim seo . cén fáth an bhfhuil na imirice faoi iomrá anseo . tá an thábhacht ag baint leo. seo é píosa comhlaire a shéain nach bhfuil an séanfhocal breá ghealach ''Bíonn fáilte agus fiche roimh chuireadh gan iarraidh'' cloiste agatsa. |
|
Seán_mac_eochaidh
Member Username: Seán_mac_eochaidh
Post Number: 88 Registered: 11-2005
| Posted on Friday, March 17, 2006 - 06:52 am: | |
"cén fáth an bhfhuil na imirice faoi iomrá anseo . tá an thábhacht ag baint leo." Caidé an tábhacht atá ag baint leo? Seán Mac Eochaidh Béal Feirste Guthan: +442890507988 http://sean1925.tripod.com |
|
Seán_mac_eochaidh
Member Username: Seán_mac_eochaidh
Post Number: 89 Registered: 11-2005
| Posted on Friday, March 17, 2006 - 06:56 am: | |
Cuirimid i n-aghaidh:- 8. Inimirce de choimhthíochaí i nÉireann. (Ligfidh isteach fior dídeannai de reir teagasc na hEaglaise Caitliceach, agus nuair atá go leor acmhainne naisiúntá againn le seo a dheanú. Seán Mac Eochaidh Béal Feirste Guthan: +442890507988 http://sean1925.tripod.com |
|
Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, March 20, 2006 - 03:42 am: | |
.. Cuirimid in aghaidh ... choimhthíochaí .... Déarfad urnaí ar do shon a Sheáin, go gcuirfir na ráigeanna frith-Chríostúla seo díot agus go mbronnfar ort an Chríostaíocht an athuair. Ceann eile go fóill: Go mbronntar léirstean ort le tuairim na bhfostóirí sainte abhus a thabhairt leat: (... Caidé an tábhacht atá ag baint leo? ...) Áiméan. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 335 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, March 20, 2006 - 02:16 pm: | |
Cá bhfuair tú na focail "Cuirimid in aghaidh... choimhthíochaí..., a Seosaimh? Nach suimiúil go mbíonn an tuairim seo (bíodh fáilte roimh gach éinne) ag daoine a bhíonn (sílim) an-tógtha le náisiúnachas agus féiniúlacht na hÉireann. Cén fáth nach bhfuil éinne sásta an rud seo a phlé, gan drochmheon a chur i leith Seáin? Mura mbíonn srian ar an inimirceach, ní bheidh tír lena féiniúlacht féin ann in Éirinn. Ní teagasc na hEaglaise é go mbíonn orainn ár dtíortha a scriosadh, nó gan torainn náisiúnta a dhéanamh. Cén fáth nach mian leat gach bochtán ón Aifreac nó ón India a thabhairt go hÉirinn, agus iad a bheathú? Nó b'fhéidir, slua mór ó Shasana, nó ón Alba? Nárbh fhearrde duit bheith i ndáiríre ag caint faoin ábhar seo? Ní shílim, i mo thuairim íseal, go bhfuil tú ag smaoineamh air go domhain. |
|
Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, March 20, 2006 - 02:49 pm: | |
Cá bhfuair tú na focail "Cuirimid in aghaidh... choimhthíochaí..., a Seosaimh? Táid ar an gclár roimhe sin ag Seán. Má bhím bog ar dhuine anseo mar gur dóigh liom go bhfuil níos mó taobh thiar dá scríobh ná a bhfaighfí ar an gcéad amharc, ní hionann sin is a rá nár cheart stad a fhógairt anois is arís. Tá srian ar an imirce abhus, i ngan 'fhios duit féin b'fhéidir, sa tslí go dtugtar 'fortress Europe' ar an taobh so domhain. Stócach amháin a ceadaíodh ar ais anseo leis an ardteist a dhéanamh, tá sé le díbirt in athuair, fágaim. Is mó go mór an t-airgead a thugann coimhthígh isteach sa tír as tíortha lasmuigh den AE ná an t-airgead a dháiltear ar lucht dídin. Tá aithne mhaith agam ar roinnt acu thart orm a bhfuil a gcuid rialtas ag íoc táille dúbailte ar a son in ollscoileanna na tíre seo. Fuaireas r.phost arú inné ó fhear atá gafa abhaile agus a bheas ag aisíoc na dtáillí lena thír féin go ceann roinnt blianta. Is an-dream daoine iad so. Maidir le féiniúlacht is fearr a bheith breá éasca faoi: gach aon a labhraíos Gaeilge is Gael é nó í. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 336 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, March 20, 2006 - 03:26 pm: | |
Ní mór don inimirceach a thagann go Meiriceá go dleathach, ní mór dó bheith in ann Béarla a labhairt. An bhfuil sé amhlaidh leis an nGaeilge in Éirinn? |
|
Fiacc (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, March 20, 2006 - 04:26 pm: | |
Má cuireann inimircigh an iomarca brú ar acmhainní na tíre nó má tá an líon inimircigh chomh mór sin go gcuireann siad féiniúlacht na hÉireannaigh i mbaol, ba chóir athbhreithniú a dhéanamh ar an scéal ach níl an pointe sin sroichte againn agus ní bheidh le tamall fada. Ó thaobh forbairt eacnamaíochta na tíre de, tá géargá ann inimircigh le scileanna éagsúla a mhealladh go hÉireann. Mar a dúirt Seosamh, tugann said i bhfad níos mó don geilleagair ná a mhalairt. Is dream beag iad na teifigh mar céatadán na hinimircigh uilig agus tá laghdu mór ar an méid teifigh atá ag teacht tar éis an reifreann saoránachta a bhí againn cupla blian ó shin. An bhfuil aon baol ann go sháróidh siad cultúr na hÉireann? Ní dóigh liom é. Tá thart ar 6% den daonra ina n-inimircigh faoi láthair. Is meascán iad idir Sínigh, Aifricigh agus daoine ó oirthir na hEorpa, go háirithe Pólannaigh, gan trácht ar inimircigh ó bhallstáit eile iarthar an AE, Poirtingéiligh agus mar sin de. Tá said ina Caitlicigh, Protastúnaigh, Ioslamaigh agus gach rud eile. Bhíos i siopa i mBaile Átha Cliath le déanaí ag ceannach an nuachtán Foinse. Bhí fear romham ag ceannach nuachtán Pólainnis. An cailín taobh thiar den chuntar, ba Shíneach í. Ní fheicim aon bagairt do chultúr na hÉireann anseo. An bagairt is mó atá ann ná tionchar saol an Bhéarla. Feictear dom go bhfuil meas níos lú ag cuid mhaith de muintir na hÉireann ar a dteanga agus a gcultúr fhéin ná mar atá ag na hinimircigh. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 338 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, March 20, 2006 - 04:49 pm: | |
Bíonn sé ró-dhéanach nuair a tharlaíonn. Féach san Eoraip! Is deacair cúrsaí a athrú tar éis an bhirt - b'fhéidir do-dhéanta. Cén deifir? Tá an ceart agat nach bhfuil fadhb mhór ann fós. Ach fairigí! |
|
Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Tuesday, March 21, 2006 - 04:36 am: | |
>> Bíonn sé ró-dhéanach nuair a tharlaíonn. Féach san Eoraip! Is deacair cúrsaí a athrú tar éis an bhirt - b'fhéidir do-dhéanta. Cén deifir? Táthar ag faire ar ar tharla cheana i dtíortha eile a Shéamais agus sin an fáth go bhfuiltear ag mealladh eachtrannaigh na hÉireann isteach sa Gharda agus is iomaí fógra a eisítear go hilteangach anois, an Ghaeilg san áireamh, thar mar a bhíodh cheana. Fógra arú inné, foilsíodh i ndeich gcinn de theangacha é. Mac Dubhghaill féin, tá eiseamláir na dtíortha eile luaite aige mar chonair le seachaint againne abhus. Tá a fhios anois an chaoi lena dhéanamh contráilte. Más ea, is féidir an tslí sin a sheachaint. Tharla an tír a bheith ag ilteangú tá an Ghaeilg ar snámh go barr láin in éineacht leo. Is é leagan amach aon teanga an Bhéarla a bheas faoi léigear feasta. Beidh an dá thaobh ar gach scéal ar ndóigh, ach is mó d'eachtrannaigh a bheas chugainn ná de choimhthígh, dar liom agus ní hionann an dá ní. Is ag cur leis an tír a bheas siad tharla gur eachtra (= extra) iad. An réamh-Bhreathnach, Gael Glas é féin, na Críostaithe, an Lochlannach, an Normannach, an Breathnach, an Pléimeannach, an Nua-Ghall gona chomhluadar Albannach, shlog an tseanchráin iad ar fad agus tá sí go rábach áit éigin faoin gcoill i gcónaí. Ach cuid an dreama deiridh sin a chreimeadh go mion, is gairid eile go raibh sí ar a seanléim. Is éard atá le déanamh: Éire a dhearadh is a thógáil. Daoine misniúla atá uainn chuige sin agus bíodh deireadh le heagla roimh an gcoimhthíos, roimh gach ní dorcha, nó geal, nó deargrua, ar domhan. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 351 Registered: 11-2004
| Posted on Tuesday, March 28, 2006 - 02:36 pm: | |
Mo smaointe breactha síos agam faoi dheireadh, ar an ábhar seo: http://caomhach.blogspot.com/2006/03/inimirce.html |
|
Fe arn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, March 31, 2006 - 08:32 am: | |
Is maith liom a scíobh tú, a sheosaimh, mar tá dul na filíochta air. Ach dul na réalaíochta níl air. Tá tú gealfhoclach ach is saonta do dhearcadh, dar liom. Scríobh tú:"Táthar ag faire ar ar tharla cheana i dtíortha eile ". Dar liom, níl. An polasaí a mholann tú, sin an polasaí a bhí acu san Fhrainc : níl aithint sa dlí idir Fhrancach is inimiriceoir, ach le suaimhniú bhorradh an gheilleagair, d'éirigh an achanain. Ní mithid gan a aithint nach mbíonn dáimh idir gach nadúr duine. Fiú an Ollainn, an tír ba mhó fáilte roimh inimiriceoirí le caoga bliain anuas, tá rialacha dochta a chur i bhfeidhm acu anois. Dála an scéil, bíonn ar an iarrthóir teist teanga is cultúir a chur de roimh dhul don Ollainn. Dúirt an t-Aire Inimirce le déanaí, go raibh an tOllainneach ró-shaonta na blianta ó shoin agus é ag cur fáilte roimh na stráinseoirí atá orthu anois ach nach mbaineann le cultúr na hOllainne ar chor ar bith. Scríobh tú:" ach is mó d'eachtrannaigh a bheas chugainn ná de choimhthígh, dar liom agus ní hionann an dá ní." Ach ní thuigim cad tá i gceist agat. Cuacha sa nead iad. Scríobh tú:"Is éard atá le déanamh: Éire a dhearadh is a thógáil. Daoine misniúla atá uainn chuige sin agus bíodh deireadh le heagla roimh an gcoimhthíos, roimh gach ní dorcha, nó geal, nó deargrua, ar domhan." Ní thuigim é seo ach an oiread. An chéad chúram atá ar stát na hÉireann ná aire a thabhairt do Éireannaigh, iad ar fad,idir dhaoine misniúla is iad gan misneach. Ní cás leis daoine a iomportáil ar mhaithe le brabús lucht thionscail, a dtíortha sin a bhánú ar mhaithe le craos thoicí na hÉireann. Más maith le hÉireann rud a dhéanamh ba mhithid dóibh tionscail a chur ar bun sna tíortha "bhochta" seo. m. sh. An Laitbhia, chúns nach mbeidh orthu a dtír a fhágáil |
|
Fe arn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, April 03, 2006 - 08:50 am: | |
A Sheosaimh, Scríobh tú "..shlog an tseanchráin iad ar fad agus tá sí go rábach áit éigin faoin gcoill i gcónaí. Ach cuid an dreama deiridh sin a chreimeadh go mion, is gairid eile go raibh sí ar a seanléim." I gcead duit, dar liom, tá mídhíleá is masmas uirthi ón 15ú aois i leith. Tá ailse uirthi de dheasca ar chuireadh siar ina scónach ó shoin, agus tá sí ag fulaingt. Maidir lena gnúsacht, ar thug tú faoi dheara nach ina sheanghnúsacht a dhéanann sí a cur amach ach bíonn sí ag búiríl amhail asail na gcomharsana. Níl innti ach díol bagúil ag a clann |
|
Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Tuesday, April 04, 2006 - 07:32 am: | |
Feiceann súil ghlas saol glas a Fhirn. >>bíonn sí ag búiríl amhail asail na gcomharsana. Hiberno-English is ea an bhúiríl sin. Is beo beathach an chráin i ngach litir a bhreactar sa snáithe seo, rud a chiallaíonn gur ar neamhní atá clann na sclaimhe bagúin le linn a scríofa agus a léite. |
|
Fe arn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Tuesday, April 04, 2006 - 09:05 am: | |
"Feiceann súil ghlas saol glas a Fhirn." Níl ach an t-aon saol mór ann cé gur iomaí insint air. "Hiberno-English is ea an bhúiríl sin." Teanga nach Gaeilge an Béarla. "Is beo beathach an chráin i ngach litir a bhreactar sa snáithe seo, rud a chiallaíonn gur ar neamhní atá clann na sclaimhe bagúin le linn a scríofa agus a léite." Scríobh tú cheana:" tá sí go rábach áit éigin faoin gcoill i gcónaí". Feictear dom go bhfuil tú ag tagairt do shamhail do chroí. Muna bhfuil aithint ghalar an othair agat, ná lig ort go bhfuil sé folláin. |
|
Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, April 05, 2006 - 05:40 am: | |
Mura n-éistear leis an meannán, CAITHFEAR ÉISTEACHT leis an máistir: .... Is meán - medium - nua más cúng féin í an Ghaeilge agus is dúshlán fúm í. Is líom féin í, rud nach féidir liom a rá faoi mheán ar bith eile. In uaigneas mo chroí chuala mé cloisim i gcónaí: scaltarnach loin Leitreach Laoigh agus an ceol a bhí ag an Dord Fiann. Tá aois na Caillí Béara agam, aois Bhrú na Bóinne, aois na heilite móire. Tá dhá mhíle bliain den chráin bhréan sin arb í Éire í, ag dul timpeall i mo chluasa, i mo bhéal, i mo shúile, i mo cheann, i mo bhrionglóidí. Dúirt fear mionteanga, más teanga chor ar bith, Hugh Mac Diarmid, ní b'fhearr é: The great rose of all the world is not for me For me the little white rose of Scotland That smells sweetly and breaks the heart. -- Más aon fháth amhrais duit an máistir againn, caithfear an nasc so a leanacht http://lepo.it.da.ut.ee/~axel/celtica/paipeir.html CAITHFEAR A LEANACHT! |
|
Fe arn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, April 05, 2006 - 07:04 am: | |
Tá focal ag an Turcach: Má tá tú ag cur eolas slí Bhagdad, ná fiafraigh de fhile. |
|
Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, April 05, 2006 - 08:16 am: | |
Más gaire duit An Tuirc ná Teamhair ar ábhar an chomhrá 'fan i do thír féin', is tairbhe gach neafais. Más cuma leat léargas, ná buairse an t-éigeas! |
|
Fe arn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, April 05, 2006 - 09:39 am: | |
"Más gaire duit..." Aon phlainéad amháin atá againn |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 359 Registered: 11-2004
| Posted on Wednesday, April 05, 2006 - 09:49 am: | |
Agus ag tagairt domsa....ar léigh sibh m'alt? Ní chaifear aon rud a dhéanamh. Is daoine saoire sinn. Maidir leis an inimirce (nárbh é sin an t-ábhar?), bígí cúramach (CAITHFEAR!) gan sin a mheasca suas ;-) le ciníochas. Ní bhíonn gach duine atá ag seasamh i gcoinne na himinirce ina bhiogóid. Thosaigh mé ag léamh an ruda sin leis an máistir, agus nach bhfuil sé fánach ann! |
|
Fe arn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, April 05, 2006 - 09:55 am: | |
A shéamais, léigh mé d'altsa ach níor mheas mé gur anseo a thabharfinn freagairt. Is chuig rá sheosaimh 21 Márta a bhí mé |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1233 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, April 06, 2006 - 11:22 am: | |
quote:Is beo beathach an chráin i ngach litir a bhreactar sa snáithe seo Is maith liom an tsamhail seo, ón agallamh a cuireadh ar Cholleen: Tóstal '06 agus saol rúnda na Gaeilge, mar a bheadh lucht Harry Potter, faoi cheilt i measc "Muggles" an Bhéarla! |
|
Fe arn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, April 13, 2006 - 11:46 am: | |
"Muggles" an Bhéarla! Mugail de réir na mná a chuir Gaeilge air☺ |
|
Mickrua
Member Username: Mickrua
Post Number: 40 Registered: 07-2005
| Posted on Friday, April 14, 2006 - 01:11 pm: | |
A Sheáin , a chara Cuir i d'intinn é gur cuma sa diabhal le lucht gnó na tíre seo cé a oibróis dóibh chun an "Euro a bhaint amach" Is é an "saint an Dia Nua".Is eacnamaíocht forbartha domhandúil muidne agus ní chomhaireann ach brabach, costaisí , agus an "Euro".Táim ar ais le bliain thar éis 19 blianta i Sasana agus an Astráil agus tá an tír níos saibhre ar pháipéar ach tá deireadh ag teacht leis an gcomharsanacht agus "pobail áitiúla" a bhí againn go dtí le deich mbliana ó shin.Tá an saol athruithe agus tá a lán daoine ag bualadh bóthair ar son a gclann arís mar táimid ag dul síos an bóthar céanna agus An Bhreatain,An Ghearmáin ,an Fhrainc sna 50í , 60í.Níor mhaith liom clann óg a bheith agam sa tír seo inniu mar níos crua a tá sé amach rompu agus is cuimhin liom fós na "laethanta dorcha sna 80í " nuair a bhí 40,000 sa mbliain ag dul ar imirce, mar bhí orm mé féin agus deartháir liom agus deirfiúr liom imeacht ar imirce . |
|
Fe arn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Tuesday, April 18, 2006 - 05:51 am: | |
Ba ríspéisiúl dom an téacs iomlán de Pháipéir Bhána is Pháipéir Bhreaca a bheith ar an idirlíon.(Tagairt thuas) Bhfuil fhios ag éinne an bhfuil sleachta eile ann ó mórscríobhnóirí na linne seo ar an idirlíon? |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 502 Registered: 06-2005
| Posted on Tuesday, April 25, 2006 - 07:52 am: | |
Níl's agamsa go baileach cá bhfuilid ach tá's go bhfuilid ann áit éigin.. A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river |
|
Fe arn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, June 16, 2006 - 10:28 am: | |
Is trua nach bhfuil fhios ag éinne cá bhfuilid i bhfolach! |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 402 Registered: 11-2004
| Posted on Friday, June 16, 2006 - 11:42 am: | |
Tá sleachta liomsa ann.... :-) |
|
Fe arn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, June 19, 2006 - 06:16 am: | |
Maith dom an scéilín seo, a shéamais, ach cuireann sé in iúl dom scéal a dúirt comrádaí oibre liom tráth. Cara leis, bhí míchéadfa air de dheasca nár bhfuair sé ardú céime a bhí sé ag súil leis. Cuir sé ceist ar a cheannaire a mhíniú dó cionn is go ndearna leathcheal air. Rinne an ceannaire a mharana ar feadh meandair agus dúirt: " Tá tú go maith, tá tú go han-mhaith ach níl tú go hiontach go fóill." Más maith na gníomhartha scríobhneoireachta agat, a shéamais, is iad do mhacghníomhartha go fóill iad. Tá na gníomhartha móra romhat go fóillín. Coinnigh ort, a mhic! |
|
Picapica (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, June 19, 2006 - 06:19 am: | |
Tá caighdeán na Gaeilge ar an leathanach seo go holc! Nach féidir le duine ar bith anseo fiche focal Gaeilge a chur le chéile gan botúin dhamanta sheafóideacha a dhéanamh? Bhuel..nach féidir? |
|
Fe arn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, June 19, 2006 - 06:46 am: | |
Á! Dia go deo leis na ceisteanna reitrice! |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 403 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, June 19, 2006 - 09:50 am: | |
|
|
Pangur_dubh
Member Username: Pangur_dubh
Post Number: 58 Registered: 03-2006
| Posted on Monday, June 19, 2006 - 10:55 am: | |
Siad na botúin a léiríonn ár ndaonnacht. Ní aingil nó déithe an chuid is mó dínn, dá bhrí sin tarlaíonn botúin ó am go h-am. Bí cinnte, áfach, as seo amach go mbeifear ag faire go géar ar an méid scríobhann tusa, A Phicapica chun a fháil amach cé acu, aingeal nó dia thú :) Más aingeal, is féidir leat teacht liom chun damhsa ar bhior mo bhioráin-se. Cuardaigh go cruinn anois, agus inis dom cé mhéid botún sa phíosa seo..... |
|
Fe arn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, June 19, 2006 - 11:00 am: | |
Úm! Sin ceist mhaith dhiagachta: an cead botúin ag aingeal nó déithe fiú? |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 405 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, June 19, 2006 - 11:45 am: | |
Is diabhal an duine eile, agus ainmneacha éagsúla air. Tugaim féin 'Léigiúin' ar mo stalcaire siúd ón gclár plé Beo. Ná bac leis. "...ar an méid [a] scríobhann tusa...' Ná tabhair dúshlán mar sin, chara! |
|
Pangur_dubh
Member Username: Pangur_dubh
Post Number: 60 Registered: 03-2006
| Posted on Tuesday, June 20, 2006 - 11:54 am: | |
Níl aithne agam ar mo dhuine, A Shéamais, ach tá mé lán sásta glacadh le do chomhairle faoi. GRMA. |
|
Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, June 21, 2006 - 12:09 pm: | |
Níor thugas sciúird isteach go BEO go dtí le deiridh agus bhiodar, measaim, i mbun na seachtaine deiridh comhrá mar a tharla. Is fíor do Shéamas. Bhí nimh aisteach le brath orthu faoin am sin mar lucht taithithe BEO, an paca diabhal seo ina measc is dóigh. Ní maith a chealg agus ní maith a chabhair. |
|
An_Chuach (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, June 22, 2006 - 05:22 am: | |
Siad(1) na botúin a léiríonn ár ndaonnacht. Ní aingil nó déithe an chuid is mó dínn, dá bhrí sin tarlaíonn botúin ó am go (3)h-am. Bí cinnte, áfach, as seo amach go mbeifear ag faire go géar (4)ar an méid (5)[ ]scríobhann tusa, A Phicapica chun a fháil amach cé acu, aingeal nó dia thú :) Más aingeal, is féidir leat teacht liom chun damhsa ar bhior mo (6)bhioráin-se. Cuardaigh go cruinn anois, agus inis dom (7)cé mhéid botún sa phíosa seo..... (1)Is iad (2)Ní haingil (3)..go ham (4) ar an mhéid (5) a scríobhann.. (6)...bhioráinse (7).. cá mhéad/ cé mhéad |
|
Fe arn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, June 22, 2006 - 06:52 am: | |
sílim fós nach bhfuil cosc ar bhotúin na naingeal is na ndéithe! |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 410 Registered: 11-2004
| Posted on Thursday, June 22, 2006 - 09:49 am: | |
Ná ar an diabhal s'againn. |
|
Fe arn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, June 22, 2006 - 10:11 am: | |
Bhal, cad a dhéanfadh mac an chait ach luch a sheilg? |
|
Pangur_dubh
Member Username: Pangur_dubh
Post Number: 62 Registered: 03-2006
| Posted on Saturday, June 24, 2006 - 09:04 am: | |
GRMA A Chuaich. Nach bhfuil sé i bhfad níos fhusa lochtanna a chuardú i saothar duine eile ná rud fiúntach de do chuid fhéin a sholáthrú. Cé comh dona mo chuid Fraincíse, ní bhuailim riamh le gotha mar seo i measc na bhFrancach. A mhalairt ar fad. Ní buailtear le drochmheas nó lochtú ar bith anseo. Fáiltíonn siad roimh an méid atá ar chumas an eachtrannaigh agus cabhríonn siad le misniú agus tugann moladh dó. Is mór an spreagadh a fhaighim as. Ach maidir leis an drochmheas, tá a fhios agat, an priomhíobartach ná an Ghaeilge fhéin -nach gceapann tú? Ar ndóigh, is annamh an duine nach ndeineann botún nó dhó i rith a shaoil, agus siad nach ndeinean riamh botúin, nochtfadh siadsan mo chinn-se, agus molfaidh mé a bhfoirfeacht! Ach beidh an fhoirfeacht sin le cruthú ar ball. Molaim tusa, ar ndóigh! :) |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 411 Registered: 11-2004
| Posted on Saturday, June 24, 2006 - 01:51 pm: | |
[quote]Cé comh dona mo chuid Fraincíse, ní bhuailim riamh le gotha mar seo i measc na bhFrancach. A mhalairt ar fad.[/quote] Chuala mé nach amhlaidh a bhíonn siad i bPáras. An fíor sin? Nach Francach tú féin? Nó an Éireannach thar sáile tú? |
|
Pangur_dubh
Member Username: Pangur_dubh
Post Number: 64 Registered: 03-2006
| Posted on Sunday, June 25, 2006 - 06:15 pm: | |
Éireannach sa bhFrainc mé. Níl mé i bPárás áfach, ach sa Languedoc, gar do chathair Charcassonne. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 3326 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, June 26, 2006 - 04:07 am: | |
Cat fiáin ar lorg na géanna fiáine i measc na néireacach? Fan glan orthu! (Nílim daríre. Tá sé intinn againn le fada cuairt a thabhairt ar an mball álainn sin, ach níor éirigh linn. Maidir le h-éirí in airde muintir Pharáis, sin an taithí a bhí agamsa orthu roinnt blianta ó shin.) |
|
Pangur_dubh
Member Username: Pangur_dubh
Post Number: 65 Registered: 03-2006
| Posted on Monday, June 26, 2006 - 11:32 am: | |
A Aonghuis, tá seirbhísí díreacha ag Ryanair ó BHÁC go dtí aerfort Charcassonne nach dtógann ach 2 uair a' chloig. Agus má cheanaíonn tú na ticéidí in am chuí, d'fhéadadh tú iad a fháil ar táille an-íseal ar fad - cúpla Euró, b'fhéidir. Mar sin, chomharleoinn duit teacht. Tá an réigiún seo go hálainn - an bia agus an fíon comh maith - agus tá a lán bailte beaga suimiúla inti chun cuairt a chur ortha. Cathair Charcassonne féin, tá sí thar a bheith inchreidte. Teipeann orm cur síos a dhéanamh uirthi. Ar ndóigh tá an ceart agat faoi mhuintir Phárais: is lucht 'srón san aer' an-chuid díobh. Ach anseo san fhíor-dheisceart, níl nósanna mar sin ag na daoine ar chor ar bith. Leis an fhírinne a dhéanamh, dearcann siad ó dheas go dtí an Catalóin, agus tá go leor nósanna 'Spáineacha' acu mar tharbhchomhrac, paella, an brat dearg & buí, 7rl. Ní maith liom an chéad nós ar thrácht mé air agus ní aontaím leis, ach is mise an stróinséar anseo. Dá bhrí sin, is olc a n-oirfeadh dom labhairt amach in a choinne. Má thagann tú riamh anseo, cuir fios orm roim ré. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 412 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, June 26, 2006 - 01:23 pm: | |
Ar eagla go n'deuce'finn thú, an leatsa an leathanach lín seo? http://us.geocities.com/gaeilgeoireile/douce.htm |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 3337 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, June 26, 2006 - 04:55 pm: | |
Sin smaoineamh. Ach is siar go Corca Dhuibhne atá ár dtriall arís i mbliana. Amach anseo, seans. Nuair atáimid néamhspléach (ar phaistí!) |
|
(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Tuesday, June 27, 2006 - 12:27 pm: | |
Na blianta ó chaith mé seal ann! Ach amháin an báisteach, bheadh sé ar cheann de na hionadaí saoire is fearr ar domhan. A Shéamais, ní liomsa an suíomh sin. Ach feicim go bhfuil íomhá bhreá de bhallaí Charcassonne ann. Níl sin ach 20 nmt uaim anseo sa charr. |
|
Pangur_dubh
Member Username: Pangur_dubh
Post Number: 68 Registered: 03-2006
| Posted on Wednesday, June 28, 2006 - 05:04 am: | |
Gabhaigí mo leithsceal. Mise an tUnregistered Guest. Níor thug mé faoi deara nach raibh mê 'logged in'. |
|
(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Tuesday, October 17, 2006 - 02:53 pm: | |
caiththim a rá gur chuir an ráiteas sin uafás orm! ná deanaigí dearmad ar na h-éireannaigh a chuaigh ar imirce le linn an ghorta mór! chuaigh siad go dti mheirceá agus sasanna agus a leithídí chun post a fháil, bhí páirt lárnach acu i dtogáil na tíortha sinn, agus níor dúirt éinne leo fán i do thír féin! nil ach buntáistí le braith ó teacht isteach imircigh agus daoine o dtíorthaí eile! impíonn ort an cúngaigentas sin a dhíbirt nó beidh glúin ciníoch againn go luath! |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 13 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, October 18, 2006 - 10:05 am: | |
"agus níor dúirt éinne leo fán i do thír féin!" Dúirt, bhí ciréibeanna frithÉireannach sna SAM sa 19ú aois. |
|