Author |
Message |
Seán_mac_eochaidh
Member Username: Seán_mac_eochaidh
Post Number: 3 Registered: 11-2005
| Posted on Saturday, November 26, 2005 - 08:31 am: | |
Pobal na hÉireann (Pairti Polaitiul Éireannach seadh Pobal na hÉireann a bhuniodh ar an 22 Bealtaine, 1978) Forógra Ár n-aidhmeanna :- 1. Sochai cothrom a bhunu i nÉireann de reir prionsablacha soisialta Chaitlicigh agus de reir thraidisiuin scarunach na hÉireann. 2. Seasamh d'ord poibli is do'n mhoraltacht poibli is a gcur chun tosaigh. 3. Ard Ríocht na hÉireann a athchóirim. 4. Tacaíocht a thabhairt do athchóiriú an t-Aifreann Tridentine. 5. Gach gné chultur naisiúntá na hÉireann a chothu. 6. Tacaiocht iomlan a thabhairt le saoirse naisiúntá Éireannach a bhaint amach. 7. Daonra na hÉireann a ardú go deich mhilliún daoine. 8. Airgeadachas Naisiúntá neamhspleácht a chuir ar fail do mhuintir na h-Éireann. Cuirimid i n-aghaidh :- 1. Scaruint na hEaglaise o'n Stat. 2. Nua-aoiseachas, Liobrálachas, agus Nádúrachas. 3. Comhchumannachas agus Saormhasunachas. 4. Colscaradh, Ginmhilleadh, Aimridiú, Frithghiniúnachaí. agus Eotanáis. 5. Sealbhas ag coimhthigh ar thalite is saibhreas aiceanta Éireann. 6. Smacht coimhthioch ar thionscal, tradáil is cearchumainn na hÉireann. 7. Pairteachas sa Chomhphobal Eorpach san áit a mbitear ag bru orainn polasaithe nach mbéadh inréitach le leas na hÉireann. 8. Inimirce de choimhthíochaí i nÉireann. (Ligfidh isteach fior dídeannai de reir teagasc na hEaglaise Caitliceach, agus nuair atá go leor acmhainne naisiúntá againn le seo a dheanú. TOGHCHÁIN : Deanfaimid toghchain a throid san ait is san am a mbionn sin indeanta. BAILLRIOCHT: Éireannach a mbionn 18 bliain aroiste aige no aici is a ghéilleann dár n-áidhmeanna is atá sásta oibriú faoi stiuir Phobal na hÉireann fa choinne a mbaint amach, féadann sé no sí a bheith in a bhall, ach a bheith glachta againn mar bhall. I bhfocail simpli, sé theastaoinn uainn Éire Caitliceach, saor is Gaelach. Nil aon ceart moralta ag fear ar bith dlithe a dheanamh a sheanann dlithe De. Ni thugann cuspoir uasal ceart do dhuine droch-ghniomh a dheanamh. "Dia, Creideamh, Tir, Teanga" Seán Mac Eochaidh |
|
Seán_mac_eochaidh
Member Username: Seán_mac_eochaidh
Post Number: 6 Registered: 11-2005
| Posted on Saturday, November 26, 2005 - 01:26 pm: | |
'Tús maith leath na h-oibre.' Seán Mac Eochaidh Béal Feirste Guthan: +442890507988 |
|
Dalta (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, November 28, 2005 - 06:21 am: | |
geilt reiligiúnach. |
|
Seán_mac_eochaidh
Member Username: Seán_mac_eochaidh
Post Number: 12 Registered: 11-2005
| Posted on Monday, November 28, 2005 - 08:14 am: | |
Ma's gá gan réitheach le duine, is fearr sin a dhéanamh gan a bheith mithaiteamhach nó maslach. Seán Mac Eochaidh Béal Feirste Guthan: +442890507988 |
|
Seán_mac_eochaidh
Member Username: Seán_mac_eochaidh
Post Number: 14 Registered: 11-2005
| Posted on Monday, November 28, 2005 - 09:00 am: | |
Seán Mac Eochaidh Béal Feirste Guthan: +442890507988 |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 349 Registered: 06-2005
| Posted on Monday, November 28, 2005 - 05:51 pm: | |
Sin an-suimiúil.. An raibh éinne riamh tofa agaibh? Níl an méid atá uait i bhfad ón méid atá uaim. Mise Cathaoirleach Sinn Féin DCU! "Aimridiú" Cad é seo? A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river |
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 38 Registered: 07-2005
| Posted on Monday, November 28, 2005 - 06:52 pm: | |
quote:Nios mó eolas le fail ag: http://homepage.ntlworld.com/j.caughey/ A Sheáin, Táim fiosrach anois -- cad é an rud mór atá i do ghlac sa phictiúr ar an gclár plé anseo? An claíomh é?? Más ea, cén áit a bhfuair tú claíomh mór mar sin? |
|
Seán_mac_eochaidh
Member Username: Seán_mac_eochaidh
Post Number: 15 Registered: 11-2005
| Posted on Monday, November 28, 2005 - 06:55 pm: | |
Scriobh Domhall: "An raibh éinne riamh tofa agaibh? Níl an méid atá uait i bhfad ón méid atá uaim. Mise Cathaoirleach Sinn Féin DCU! " Ní raibh. Nior chuir muid aon iarrathoir thuas fós. Ní fíu é go foill. Bhí mé i mó Leas Uachtarán i Sinn Féin i 1965. Ní aontuighim le Poblachtas le fada an lá anois. "Aimridiú" ...An dthuigeann tú "aimrid" ? Ní mian liom Bearla a usaid ar an chlár seo. Seán Mac Eochaidh Béal Feirste Guthan: +442890507988 |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 359 Registered: 06-2005
| Posted on Tuesday, November 29, 2005 - 01:31 pm: | |
Maith an fear - - An méid is lú Bhéarla agus is féidir - - Sin an chaoi ceart agus cóir.. Nach bhféadfá cur síos a dhéanamh air i bhfocail eile i nGaeilge? Goile, bíodh duine tofa agaibh agus cuirfear fáilte romhat sa chéad chomhrialtas eile - - FF, SF agus P na hE. ;) A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river |
|
Seán_mac_eochaidh
Member Username: Seán_mac_eochaidh
Post Number: 19 Registered: 11-2005
| Posted on Tuesday, November 29, 2005 - 03:17 pm: | |
Scriobh Liz: "Táim fiosrach anois -- cad é an rud mór atá i do ghlac sa phictiúr ar an gclár plé anseo? An claíomh é?? Más ea, cén áit a bhfuair tú claíomh mór mar sin?" Is claíomh é, Liz, ach ní liomsa é. Glacadh an griangraf i Músaem Uladh, Béal Feirste. Beadh claoimh cosamhail leis in úsáid ag Árd Rí Brian Boru, tá mé ag deanamh. Seán Mac Eochaidh Béal Feirste Guthan: +442890507988 |
|
Seán_mac_eochaidh
Member Username: Seán_mac_eochaidh
Post Number: 20 Registered: 11-2005
| Posted on Tuesday, November 29, 2005 - 03:27 pm: | |
Scriobh Domhnall: "...Goile, bíodh duine tofa agaibh agus cuirfear fáilte romhat sa chéad chomhrialtas eile - - FF, SF agus P na hE..." An doig leat go mbeadh SF agus FF i leith smacht a cuir ar úsáid Bearla i Dail Éireann? Bá mhór agus maith an beart dá mbeadh!!! Seán Mac Eochaidh Béal Feirste Guthan: +442890507988 |
|
Fearn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, November 30, 2005 - 08:19 am: | |
Más buan mo chuimhne, reachtáileadh an chéad Dáil (1919?) ar fad trí mheán na Gaeilge. Tá leabhar foilsithe ag Nollaig Ó Gadhra (?) ar an ábhar seo. Anois, deineadh é sin cionn is gur theachtaireacht pholaitíochta a bhí ann, ach diaidh ar ndiaidh éiríodh as an nós de dheasca cheal cumais sa Ghaeilge ag daoine. Bhí céadadán lucht labhartha na Gaeilge níos mó ag an am ná mar atá anois ann agus anois tá teangacha eile níos fairsinge in Éireann ná an Ghaeilge .i. An Béarla, An Rúisis, An Pholainnis, An Liotuáinis, An tSínis go nuige seo. Amach anseo, cá bhfios cad eile. Tá praiticiúlacht teanga ar an rud is tábhtachtaí ar na saolta seo.Tá bua praiticiúlachta ag an Béarla. Ní labhrann ach mionlach Éireannach an Ghaeilge, agus is beag inimirceoir, idir sean is nua, a thugann fuithi. |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 364 Registered: 06-2005
| Posted on Wednesday, November 30, 2005 - 11:39 am: | |
Ceart ar fad Fearn bhí an chéad Dála trí Ghaeilge amháin mar is ceart agus cóir!!! Tús maith ach ní athghaelachas a tharla tá's agat.. Ach, tiocfaidh ár lá Agus goile, ní bheidh Sinn Féin i gcoinne bhac ar bhéarla Ach a Mhalairt!! A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river |
|
Fearn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, November 30, 2005 - 12:02 pm: | |
Más Gaeilge nó Béarla atá uait, a Dhomhnaill, nach é sin atá ann cheana? |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 366 Registered: 06-2005
| Posted on Wednesday, November 30, 2005 - 12:17 pm: | |
Ní hea. Teanga gallda é Béarla - níl áit ar bith aige i gcroí mhuintir na hEireann. AR DTEANGA dúchais í an Ghaeilge - 'Sí Gaeilge caint na hEireann. Chífidh muid éiri na gealaí go luath go leor :) A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river |
|
Fearn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, November 30, 2005 - 12:56 pm: | |
Ach tá Béarla in Éirinn le 700 bliain ar a laghad. Is teanga oifigiúil é. Ní labhrann móramh na ndaoine ach é. Cé a chuirfeadh aird i bpairlimint nach dtuigeann na daoine, nach ndéantar tuairisc air sna meáin Béarla, 7rl, nuair a chaitheann beagnach gach duine in Éirinn a saol gairme is spraoiúil trí Béarla. Snámh in aghaidh easa a mholann tú. Is fearr comhoibriú leis, ár dtalamh fhéin a dhéanamh is a choinneáil |
|
Seán_mac_eochaidh
Member Username: Seán_mac_eochaidh
Post Number: 25 Registered: 11-2005
| Posted on Wednesday, November 30, 2005 - 03:31 pm: | |
Is feidir linn bheith dearfach nó diúltach maidir le Gaelige. Is fearr liomsa bheith dearfach nuair atá gleic romham. Ceart go leor, tá sé ciallmhair bheith practiciúil ach is fear liomsa bheith praiticiúil i gdoigh dearfach. Sin an meon is fearr, dar liom, le cuspóirí a bhaint amach. Seán Mac Eochaidh Béal Feirste Guthan: +442890507988 |
|
Seán_mac_eochaidh
Member Username: Seán_mac_eochaidh
Post Number: 27 Registered: 11-2005
| Posted on Wednesday, November 30, 2005 - 04:18 pm: | |
Scriobh Fearn: "Ach tá Béarla in Éirinn le 700 bliain ar a laghad. Is teanga oifigiúil é. Ní labhrann móramh na ndaoine ach é..." Caide faoi Iosrael? Nach raibh Eabhrach i na theanga mharbh ar feadh 2,000 bliain? Anois, tá sé in a theanga labhartha agus scríofa i measc pobal na tire sin. Creidim nar choir Bearla beith mar teanga oifigiúil in Éireann mar is teanga gallda é. Seán Mac Eochaidh Béal Feirste Guthan: +442890507988 |
|
Fearn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, December 01, 2005 - 06:44 am: | |
"Caide faoi Iosrael? Nach raibh Eabhrach i na theanga mharbh ar feadh 2,000 bliain? Anois, tá sé in a theanga labhartha agus scríofa i measc pobal na tire sin." Níl mé i gcoinne na Gaeilge. Is i gcoinne díchur an Bhéarla atá mé. Maidir le Iosrael, is teanga oifigiúil ansin an Araibis le cois na hEabhraise, sa gCnesiot (Oireachtas) fiú. |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 367 Registered: 06-2005
| Posted on Thursday, December 01, 2005 - 08:20 am: | |
Goile Alt 8 i mBunreacht na hEireann "Os í an Ghaeilge an teanga náisiúnta is í an príomhtheanga oifigiúil í." Níl an stádas seo ag an diabhal teanga eile ach stádas níos ísle. Tá's nach bhfuil Gaeilge ag go leor daoine - 'Sé mo mhisean ná athrú a chur ar sin. An rud is tábhachtaí ná go gceapann 4/5 in Eirinn gur mhaith an rud í slánú na Gaeilge. Nach n-aontaíonn tú? "Creidim nar choir Bearla beith mar teanga oifigiúil in Éireann mar is teanga gallda é." Aontaím.. Níl sé dodhéanta Gaeilge a chur ar ais i mbéal mhuintir na hEireann.. Tharla sé san Iosrael, i dtír na mBascach agus áiteanna eile. Fad a bheidh Gaeilgeoirí agus daoine gan Ghaeilge paiseanta faoin dteanga agus muid ag cur bhrú ar son teanga tiocfaidh ár lá. A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river |
|
Jonas
Member Username: Jonas
Post Number: 848 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, December 01, 2005 - 08:47 am: | |
"Teanga gallda é Béarla - níl áit ar bith aige i gcroí mhuintir na hEireann." Más ea, cad na thaobh go bhfuilid á labhairt? Is fearr liom go mór Gaelainn ná Béarla, ach cífimíd gach aon lá gur fearr le daoine Béarla. "Creidim nar choir Bearla beith mar teanga oifigiúil in Éireann mar is teanga gallda é." Hmm... is teanga gallda gach aon teanga san Eoraip seachas Baisc. Caithfidh sinn go léir Baisc a fhoghlaim anois, an t-aon teanga gur féidir leis teanga oifigiúil a bheith san Eoraip... |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 692 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, December 02, 2005 - 12:21 am: | |
A Dhomhnaill, Cén fáth a dtosaíonn tú chuile theachtaireacht leis an bhfocal "stomach" le déanaí? |
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 40 Registered: 07-2005
| Posted on Friday, December 02, 2005 - 01:33 am: | |
quote:A Dhomhnaill, Cén fáth a dtosaíonn tú chuile theachtaireacht leis an bhfocal "stomach" le déanaí? Ní hé sin deacair a thuiscint, dar liomsa. Is fear é, agus nach é an goile an rud a mbíonn in uachtar ar intinn na bhfear i gcónaí? Tá suim mhór acu i mbia. |
|
Seabhac
Member Username: Seabhac
Post Number: 9 Registered: 11-2005
| Posted on Friday, December 02, 2005 - 02:17 am: | |
Is teanga chumtha an Eabhrais. Sea, buníaodh ar focail bhíobalta is ó réimis éagsúla eile í, ach tá a lán béarlachas ar an Eabhrais nua-aimseartha, go háirithe óna nóchaidí. Réabhlóid cumarsáid na nóchaidí a thug na béarlachas seo orainn. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2604 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, December 02, 2005 - 04:55 am: | |
Goile = Gabh i léith (Éist) |
|
Seán_mac_eochaidh
Member Username: Seán_mac_eochaidh
Post Number: 68 Registered: 11-2005
| Posted on Tuesday, February 07, 2006 - 05:09 pm: | |
Seán Mac Eochaidh Béal Feirste Guthan: +442890507988 http://sean1925.tripod.com |
|
Fear n (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, February 09, 2006 - 10:32 am: | |
A Sheáin, níl faisisteachas suas ar an saolta seo. Nach tarraingeofá caonfhulaingt chugat? Thuigfeadh Íosa! |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 288 Registered: 11-2004
| Posted on Thursday, February 09, 2006 - 03:05 pm: | |
http://ga.wikipedia.org/wiki/Faisisteachas - ní fheicim an cosúlacht, a Fhirn. Bhíodh léinte donna orthu, nach mbíodh? Fine Gael? Tá siad níos cosúla leis na Sasanaigh, dar liom. |
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 69 Registered: 07-2005
| Posted on Thursday, February 09, 2006 - 09:40 pm: | |
Tá ceist agam ort, a Shéamais. Is maith liom an pictiúr atá agat – an Bótharreathaí (Reathaí an Bhóthair?), nach ea? Is cuimhin liom na scannáin leis an mbuachaill sin agus Cleasaí Cadhóite. Nuair a bhí sibh in Iardheisceart na tíre ar do laethanta saoire, an bhfaca sibh an Bótharreathaí? |
|
Fear n (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, February 10, 2006 - 08:40 am: | |
Níl fhios agam cad is "cosúileacht" duitse, a shéamais. Féach go háirithe an dara alt anseo ón alt a thagair tú: "Ach tá ciall níos leithne ag an bhfocal, a thagraíonn do na páirtithe polaitíochta ina lán de thíortha na hEorpa a lean idé-eolaíocht a bhí cosúil leis an idé-eolaíocht a chuir Mussolini agus Hitler chun cinn, cé go raibh difríochtaí áirithe eatarthu. "Leag na riailréimeanna Faisisteacha go léir béim ar leith ar an Náisiúnachas agus ar ollchumhacht an stáit. Spreagadh an pobal chun a ndícheall a dhéanamh ar mhaithe leis an stát." Aon rud le rá agatsa, a sheáin? |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 289 Registered: 11-2004
| Posted on Friday, February 10, 2006 - 01:17 pm: | |
Ní fhaca, a Liz. Ach chonaic na carraigeacha mar a bhíonn siad sna cartúin sin! Bíonn na 'super geniuses' ar mo thóir...nó bhíodh le tamall. Bíp bíp! |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 291 Registered: 11-2004
| Posted on Friday, February 10, 2006 - 02:49 pm: | |
Hmmm. "...béim ar leith ar an Náisiúnachas..." Beagnach gach éinne, ach Sinn Féin go háirithe... "Spreagadh an pobal chun a ndícheall a dhéanamh ar mhaithe leis an stát." Ní fiú an focal 'stát' san alt faoi Phobal na hÉireann. Ach maidir le cosúlachtaí: Ba mhaith leo Airgeadachas Naisiúntá neamhspleách - go díreach mar Eaglais na Sasanach. Ba mhaith leo rí (nó is dócha banríon, más gá), go díreach mar Shasana. Ach ba mhaith leo bheith moráltacht agus cráifeacht a chothú - rudaí atá gann i Sasana le fada. Ach fós: "Se an Ghaeilge teanga náisiúnta na hÉireann agus an t-aon teanga oifigiúil, dar linne. Ní ligfear aon teanga eile a usaid i dtighe rialtais an Stat." Cuir Béarla in áit Gaeilge, agus sin Sasana freisin, nach ea? |
|
Fiacc (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Saturday, February 11, 2006 - 12:07 pm: | |
Déarfainn fhéin go bhfuil fís 'Pobal na hÉireann' i bhfad níos cóngaraí don Spáinn i réimeas Franco agus don Phortingéil i réimeas Salazar. Ba thíortha chaitliceach iad; bhí an Eaglais agus an Stát i leaba a chéile; bhí an peso ag An Spáinn agus an escudo ag An Phortingéil; bhí, agus tá, a dteangacha fhéin acu - agus cosc iomlán ar aon teanga eile sa státchóras; bhí, agus tá, rí ag na Spáinnigh. Nó an é go bhfuil 'Pobal na hÉireann' ag iarraidh Éire a athchruthú mar meascán idir réimis Franco, Salazar agus Brian Boroimhe? An mian leat an cheist a shoiléiriú, a Sheáin? |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 497 Registered: 06-2005
| Posted on Saturday, February 11, 2006 - 03:04 pm: | |
"Bíp" Sin focal den scoth. Foghlaítear rud nua lá uilig! Aontaím agus ní aontaím leat A Sheáin. Ní éireoidh leat áfach de réir cursaí mar atá fé láthair A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river |
|
Fiacc (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Saturday, February 11, 2006 - 03:18 pm: | |
Bíp? An ionann é agus 'Doh'!? |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 498 Registered: 06-2005
| Posted on Saturday, February 11, 2006 - 03:36 pm: | |
Ní hea deireann an 'Road-runner' de chuid cartúin éigin "Beep" i mBéarla .i. Bíp i nGaeilge!! ;) A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1022 Registered: 02-2005
| Posted on Sunday, February 12, 2006 - 01:55 pm: | |
Is saghas cuach é an roadrunner, actually, agus tá a cheiliúr sách binn, cosúil le Cúú-úú-úú. Ognuno sta solo sul cuor della terra trafitto da un raggio di sole: ed è subito sera. -- Salvatore Quasimodo |
|
Fear n (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, February 16, 2006 - 10:24 am: | |
Abair é, a Fhiacc. "Déarfainn fhéin go bhfuil fís 'Pobal na hÉireann' i bhfad níos cóngaraí don Spáinn i réimeas Franco agus don Phortingéil i réimeas Salazar. Ba thíortha chaitliceach iad; bhí an Eaglais agus an Stát i leaba a chéile; bhí an peso ag An Spáinn agus an escudo ag An Phortingéil; bhí, agus tá, a dteangacha fhéin acu - agus cosc iomlán ar aon teanga eile sa státchóras; bhí, agus tá, rí ag na Spáinnigh. Nó an é go bhfuil 'Pobal na hÉireann' ag iarraidh Éire a athchruthú mar meascán idir réimis Franco, Salazar agus Brian Boroimhe? An mian leat an cheist a shoiléiriú, a Sheáin?" |
|
Seán_mac_eochaidh
Member Username: Seán_mac_eochaidh
Post Number: 77 Registered: 11-2005
| Posted on Friday, February 17, 2006 - 11:36 am: | |
"Nó an é go bhfuil 'Pobal na hÉireann' ag iarraidh Éire a athchruthú mar meascán idir réimis Franco, Salazar agus Brian Boroimhe? An mian leat an cheist a shoiléiriú, a Sheáin?" Tá cuspóirí agus fís Pobal na hÉireann le fail sa Forógra. Dar liom go bhfuil siad soilear go leor. Seán Mac Eochaidh Béal Feirste Guthan: +442890507988 http://sean1925.tripod.com |
|
Fiacc (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, February 17, 2006 - 12:58 pm: | |
Tá. |
|
Seán_mac_eochaidh
Member Username: Seán_mac_eochaidh
Post Number: 78 Registered: 11-2005
| Posted on Saturday, February 18, 2006 - 08:24 am: | |
"Déarfainn fhéin go bhfuil fís 'Pobal na hÉireann' i bhfad níos cóngaraí don Spáinn i réimeas Franco agus don Phortingéil i réimeas Salazar..." Silim go dtuigim cá tigidh nach bhfuil Comhchumannaigh nó Saormhasunaigh ró shasta le Franco agus Salazar. Is doigh go mbeadh Pobal na hÉireann sasta le Franco, sa mheid, gur chosaint sé an Spáinn ó Comhchumannachas agus le Salazar, mar gheall ar an doigh a cosaint sé Portingéil ó Saormhasunachas. Seán Mac Eochaidh Béal Feirste Guthan: +442890507988 http://sean1925.tripod.com |
|
Fear n (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, February 20, 2006 - 05:17 am: | |
Cé'n locht a bhfaigheann tú ar chomhchumannach agus ar an saormhasúnach? Agus ar an nadúrachas, cibé an rud é sin? |
|
Seán_mac_eochaidh
Member Username: Seán_mac_eochaidh
Post Number: 80 Registered: 11-2005
| Posted on Monday, February 20, 2006 - 03:50 pm: | |
I gcoitinne, ní feidir a rá ach, go bhfuil Nádúrachas contrártha ar teagasc bunúsach na hEaglaise, atá suite go riachtanach ar Sarnadúrachas. Feic, nios mó ag an suíomh seo:- http://www.newadvent.org/cathen/10713a.htm (Message edited by seán_mac_eochaidh on February 20, 2006) Seán Mac Eochaidh Béal Feirste Guthan: +442890507988 http://sean1925.tripod.com |
|
Seán_mac_eochaidh
Member Username: Seán_mac_eochaidh
Post Number: 81 Registered: 11-2005
| Posted on Monday, February 20, 2006 - 04:00 pm: | |
Má leigheann sibh an meid atá scriobhtha ag na suíomh seo leanas, tuigigh sibh cá tigigh a bhfuil Pobal na hÉireann i n-aghaidh Comhchumannachas agus Saormhasunachas. http://www.newadvent.org/cathen/04179a.htm http://www.newadvent.org/cathen/09771a.htm (Message edited by seán_mac_eochaidh on February 20, 2006) Seán Mac Eochaidh Béal Feirste Guthan: +442890507988 http://sean1925.tripod.com |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 298 Registered: 11-2004
| Posted on Tuesday, February 21, 2006 - 03:46 pm: | |
|
|
F earn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, February 23, 2006 - 09:46 am: | |
Is aisteach liom daoine ag figh polaitíocht is reiligiún le céile, go háirithe i dtír ina bhfuil níos mó ná an t-aon reiligiún amháin ann. Deachtóireacht reiligiúin atá a moladh agat, a Sheáin, rud is baol don Daonlathas. Níl Dialathas uaim. Tugaim do Dhia na rudaí is le Dia, agus do Chaesar na rudaí is leis. |
|
Seán_mac_eochaidh
Member Username: Seán_mac_eochaidh
Post Number: 82 Registered: 11-2005
| Posted on Thursday, February 23, 2006 - 03:53 pm: | |
"Tugaim do Dhia na rudaí is le Dia, agus do Chaesar na rudaí is leis." B'féidir nach bfhuil an tuigsint ceart agat ar an abairt thuas? Creidim nach bhfuil úadaráis morálta ag Caesar dlíthe á déanamh atá in aghaidh Dlí Dé. Mólaom duit Forógra Pobal na hÉireann a leigheadh i gceart agus abair liom cá h'ait a bhfuil muid in aghaidh Daonlathas. Seán Mac Eochaidh Béal Feirste Guthan: +442890507988 http://sean1925.tripod.com |
|
Seán_mac_eochaidh
Member Username: Seán_mac_eochaidh
Post Number: 83 Registered: 11-2005
| Posted on Friday, February 24, 2006 - 05:09 am: | |
http://www.newadvent.org/cathen/09771a.htm Ní raibh an nasc eile ag obair i gceart. Seán Mac Eochaidh Seán Mac Eochaidh Béal Feirste Guthan: +442890507988 http://sean1925.tripod.com |
|
F earn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, February 24, 2006 - 12:27 pm: | |
A Sheáin, Scríobh mé "Deachtóireacht reiligiúin atá a moladh agat, a Sheáin, rud is baol don Daonlathas" B'fhéidir gur tráth duitse "leigheadh i gceart ". Ós rud é go dtugann tú tosach do theagasc Eaglais Áiride bheadh mian an phobail ina dhiaidh.i.baol don Daonlathas. Agus scríobh tú: "Creidim nach bhfuil úadaráis morálta ag Caesar dlíthe á déanamh atá in aghaidh Dlí Dé." Ach ní léir dom go bhfuil Dlí Dé ag baint go polaitiúil le Ard Ríocht na hÉireann a athchóirim. Tacaíocht a thabhairt do athchóiriú an t-Aifreann Tridentine. Gach gné chultur naisiúntá na hÉireann a chothu. Tacaiocht iomlan a thabhairt le saoirse naisiúntá Éireannach a bhaint amach. Daonra na hÉireann a ardú go deich mhilliún daoine. Airgeadachas Naisiúntá neamhspleácht a chuir ar fail do mhuintir na h-Éireann. Scaruint na hEaglaise o'n Stat. Nua-aoiseachas, Liobrálachas, agus Nádúrachas. Comhchumannachas agus Saormhasunachas. Colscaradh, Ginmhilleadh, Aimridiú, Frithghiniúnachaí. agus Eotanáis. Sealbhas ag coimhthigh ar thalite is saibhreas aiceanta Éireann. Smacht coimhthioch ar thionscal, tradáil is cearchumainn na hÉireann. Pairteachas sa Chomhphobal Eorpach san áit a mbitear ag bru orainn polasaithe nach mbéadh inréitach le leas na hÉireann. Inimirce de choimhthíochaí i nÉireann. (Ligfidh isteach fior dídeannai de reir teagasc na hEaglaise Caitliceach, agus nuair atá go leor acmhainne naisiúntá againn le seo a dheanú. |
|
Seán_mac_eochaidh
Member Username: Seán_mac_eochaidh
Post Number: 84 Registered: 11-2005
| Posted on Sunday, February 26, 2006 - 09:55 am: | |
An sileann tú go bhfuil cuspoírí Pobal na hÉireann in aighaidh Dlí Dé? An bhfuil túsa in aighaidh gach cuspoír atá ag Pobal na hÉireann? An bhfuil seans ar bith, b'feidir, go mbeidhtha i leith cuid acú? Seán Mac Eochaidh Béal Feirste Guthan: +442890507988 http://sean1925.tripod.com |
|
F earn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, February 27, 2006 - 07:36 am: | |
Níl mé ar son an pholaitíocht a mheascadh le diagacht |
|
Seán_mac_eochaidh
Member Username: Seán_mac_eochaidh
Post Number: 90 Registered: 11-2005
| Posted on Friday, March 17, 2006 - 06:58 am: | |
Cuirimid i n-aghaidh:- 8. Inimirce de choimhthíochaí i nÉireann. (Ligfidh isteach fior dídeannai de reir teagasc na hEaglaise Caitliceach, agus nuair atá go leor acmhainne naisiúntá againn le seo a dheanú. Seán Mac Eochaidh Béal Feirste Guthan: +442890507988 http://sean1925.tripod.com |
|
Fe arn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, March 17, 2006 - 10:10 am: | |
Molaim duit réiteach níos grádiaúla ná réiteach fhear an ósta cúpla míle bliain ó shoin i mbaile beag darb ainm Beithil |
|
Seán_mac_eochaidh
Member Username: Seán_mac_eochaidh
Post Number: 91 Registered: 11-2005
| Posted on Friday, March 17, 2006 - 05:53 pm: | |
Silim go bhfuil nios mó ciall ag George Bush na atá ag Bertie Ahern maidir leis na Éireannaigh atá sa S.A. i n-aghaidh an dlí. Is fearr iad a bheidh arais i nÉireann comh gasta agus is feidir sin. Seán Mac Eochaidh Béal Feirste Guthan: +442890507988 http://sean1925.tripod.com |
|
Fe arn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, March 20, 2006 - 04:36 am: | |
Ach muna raibh siad sásta luí faoi Chaitliceachas réamh-BHaiticeán a Dó, bheadh corrbhuais orthu! |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 333 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, March 20, 2006 - 01:25 pm: | |
Ní dóigh liom go bhfuil Fearn 'meabhair-oscailte' faoi do pháirtí, a Sheáin...an gceapann tú? |
|
Fe arn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, March 23, 2006 - 08:50 am: | |
'meabhair-oscailte' ? Dia idir sinn is an anachain! Samhlaím mé faoi thámhnéal ar bhord in obráidlann in ospideál éigin, scata máinlianna timpeall orm, duine le sábh ag gearradh tríd mo chloigeann, fuil is crólinn ar a fuaid, m'intinn ris leis an saol agus daoine a piocadh is a rá " Shíl mé go raibh meabhair aige ". |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 342 Registered: 11-2004
| Posted on Thursday, March 23, 2006 - 10:14 am: | |
Bhuel, le cúnamh Dé, ní dhéanfar liathróid de, ar aon nós! |
|
Fe arn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, March 23, 2006 - 10:35 am: | |
|
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 343 Registered: 11-2004
| Posted on Thursday, March 23, 2006 - 11:55 am: | |
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1181 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, March 23, 2006 - 09:20 pm: | |
quote:ní dhéanfar liathróid de Ag tagairt do nós na sean-Cheilteach atá Séamas, mura bhfuil dul amú orm. Mheascaidís aol le hinchinn an churaidh mhairbh chun liathróid a dhéanamh di. Tá an teanga seo beagán ársa, ach is dócha go mbeidh tú in ann ciall a bhaint aisti: ba bés d'Ultaib ... cach curaid no·marbdais ar galaib oenfhir, no·gatta a n-inchind assa cendaib 7 commesctha áel airthib co ndénad líathróite crúade díb Agus chuir siad i dtaisce iad, mar trophies. Bhíodh ceann díobh ag mo shin-sin-sin-seanathair. |
|
Fe arn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, March 24, 2006 - 09:44 am: | |
"nós na sean-Cheilteach" Ní cad a ndearna na Ceiltigh óga nó na Nua-Cheiltigh! Is dóigh go ritheann scéal liom a dúirt mo mhúintóir liom agus mé ar an mbunscoil. Ach níl ach cnámha an scéil agam anois; agus gan léamh ná scríobh agam ná fios na seanGhaeilge agam ag an am. Rí éigin,( Conchubhair Mac Neassa ?), agus é gointe sa chloigeann ag an "liathróid" seo, diúrachán ó chrann tabhaill. Ní raibh dul ag na lia é a bhaint de, nó bhí an bás aige. Bhí sé faoi gheasa throma dhiana gan corraí luaile ná croí a chur de ar eagla a bháis. Bhí go maith is ní raibh go holc, go gcuala sé faoi bhás Íosa i bhfad i gcéin. Tháinig cuthach feirge air ar chloistint an scéil dó, gur thit an liathróid as a chloiginn is thit seisean ina chnap maraibh láithreach. Dúirt an múinteoir liom gur inchin caora a bhí sa dhiúrachán. An raibh sé ag ceilt na fírinne orm agus mé i mo thachrán? |
|
Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, March 24, 2006 - 09:50 am: | |
Bhí! Inchinn Mhes Gegra as Cúige Laighean a bhí ann. |
|
Fe arn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, March 24, 2006 - 10:27 am: | |
Maith thú! Anois an cheist ar mhaith liom a chur nuair a chloisim scéal suaithinseach: An ea bunús an scéil gur beart eisteachta é nó beart nóis? Dála an scéil: céarbh é Mes Gegra? Rí? Curadh? Fiaclóir? Inimiriceoir Mídhleathach? |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 344 Registered: 11-2004
| Posted on Friday, March 24, 2006 - 10:31 am: | |
Tá an scéal sin i gCéitinn. Áit éigin sa leabhar seo, sílim: http://celt.ucc.ie/published/G100054/ |
|
Fe arn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, March 24, 2006 - 10:50 am: | |
B'fhearr liom an leagan Gaeilge.( Ní mé cé a chur Gaeilge air ;) ) |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1183 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, March 24, 2006 - 11:38 am: | |
Mhínigh Céitinn mar seo é: Fá béas iomorro fán am soin cibé tréinfhear lé dtuitfeadh tréinfhear táscamhail oile, go mbeanadh a inchinn as a cheann is go gcumascadh aol tríthe go mbíodh 'n-a liathróid chruinn chruaidh aige aga taispeánadh ar aonaighibh is i gcomhdhálaibh coitcheanna mar chomhartha buaidhe gaiscidh. Agus seo mar a ghoid Ceat mac Mághach an liathróid agus mar a bhain sé feidhm aisti mar ghléas troda (rud nach raibh iondúil) le fáistine a fhíorú: Dála an dá óinmhid iar mbreith inchinne Mheisceadhra as an g-Craoibh Dheirg amhail adubhramar, do chuadar ar faithche na h-Eamhna go rabhadar ag iomáin na hinchinne amhail liathróid ó láimh go láimh go dtáinig onchú uilc ar Ulltachaibh .i. Ceat mac Mághach tréinfhear do Chonnachtaibh, gur bhréag inchinn Mheisceadhra ó na hóinmhidibh is go rug leis i g-Connachtaibh í, agus gacha mhionca do thigeadh i n-iorghail nó i gcath i n-aghaidh na n-Ulltach do bhíodh inchinn Mheisceadhra ar a chrios aige i ndóigh éachta do dhéanamh ar Ulltachaibh. Óir do bhí i dtairrngire Meisceadhra da dhíoghail féin ar Ulltachaibh d'éis a bháis; agus do mheas gurab don inchinn do thiocfadh fíoradh na fáistine sin. Gonadh uime sin do chleachtadh Ceat inchinn Mheisceadhra do bheith ar iomchar aige do shúil ré neach éigin d'uaislibh Uladh do mharbhadh lé. [...] Ar bhfaicsin iomorro Cheit dó [do Chonchubhar], triallais tar a ais i measc a mhuinntire féin; agus ag dul go Doire Dá Bhaoth dhó, tug Ceat urchar d' inchinn Mheisceadhra as a chranntabhaill 'n-a dhiaidh, gur bhuail 'n-a bhaitheas é, gur briseadh a sheicne don urchar soin, gur lean inchinn Mheisceadhra da bhaitheas... |
|
Seán_mac_eochaidh
Member Username: Seán_mac_eochaidh
Post Number: 92 Registered: 11-2005
| Posted on Saturday, March 25, 2006 - 02:05 pm: | |
Má's Éireannaigh sibhse, tar arais do Éireann!! Sin an ait ceart dibh. Seán Mac Eochaidh Béal Feirste Guthan: +442890507988 http://sean1925.tripod.com |
|
Fe arn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, March 27, 2006 - 05:12 am: | |
Leoga, a dhinnis, dá raibh a leithéid de chluiche i bPáirc an Chrócaigh na laetha seo, bheinn ann. A Sheáin, "ait ceart " go dearbh! |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 345 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, March 27, 2006 - 10:37 am: | |
Tá an méid daoine i Meiriceá a mhaíonn gur de shliocht na hÉireann iad chomh mór le daonáireamh na hÉireann FAOI NAOI. Ar mhaith leat sinne go léir, agus na daoine i Sasana agus san Astráil agus.... Ach tugtar duit na hÉireannaigh atá anseo go mídhleathach, cinnte! |
|
Fe arn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, March 31, 2006 - 07:43 am: | |
Agus ar an taobh eile, tá "Éireannaigh" ann le déanaí, nach de shliocht na hÉireann iad ar chor ar bith. |
|