mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » General Discussion (Irish and English) » Archive through September 13, 2011 » Streachailt i gcoinne Caighdeán Oifigiúil - san Eilvéis! « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 11666
Registered: 08-2004


Posted on Friday, September 02, 2011 - 11:18 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 3980
Registered: 01-2005


Posted on Friday, September 02, 2011 - 12:17 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ba cheart daofa an chanuint is mo cainteoir a thaghadh mar chanuint oifigiuil le stuif oifigiuil (a bheadh le failt in éineacht ins an tir go léir) a scriobh. Agus ba cheart sin a dhéanamh in Eirinn fosta. Agus glacadh le canuint achan ait, fa choinne rudai aitiula a scriobh.

Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Abigail
Member
Username: Abigail

Post Number: 1308
Registered: 06-2006


Posted on Friday, September 02, 2011 - 01:30 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ní bhíonn an 'stuif oifigiúil' mar adeir tú ar fáil ar fud na tíre ná baol air. Siad an Ghearmáinis, an Fhraincis agus an Iodáilis teangacha oifigiúla na cónaidhme. Iad sin a úsáidtear le haghaidh cumarsáide oifigiúla. Is é an chaoi gur féidir le cainteoirí dúchais na Rómainise dul i dteagmháil le Bern ina dteanga féin agus tabhartar freagra orthu sa Rómainis chaighdeánach, ach ní chuirtear dlíthe srl. amach sa Rómainis ach go hannamh. (agus ní cheadaítear an méid sin féin de réir dlí dóibh siúd nach Rómainseoirí dúchais iad.)

Ní raibh canúint amháin arbh fhéidir léi a liachtaí múinteoirí, aistritheoirí srl a chur ar fáil is a mbeadh gá leo. B'éigean caighdeán a ghlacadh nó na canúintí a fhágáil trína chéile mar a bhí siad. Ós rud é gur ceapadh caighdeán le haghaidh an canton, ba bheag an chiall ceann eile ar fad a dhéanamh le haghaidh an rialtais náisiúnta nó le haghaidh na mbailte beaga a bhraitheann buntáiste le caighdeán éicint a bheith ann. A gcuid leabhra scoile féin a fhoilsiú agus a gcuid stopsaidhneachaí féin 'na ndil-litriúchán féin a chur suas ar a mbaile féin, tá rud eile ar a n-aire acu. Bheadh agat féin agus do chuid agat le saothrú ar na sléibhte doicheallacha sin.

D'fhágadh ceist na canúinte faoin gcanton agus faoi na sráidbhailte féin sa deireadh, mar is gnás sa tír seo. Gach ciseal den rialtas ar a chomhairle féin, nó ar chomhairle a lucht vótála.

Tá fáilte roimh chuile cheartú!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 3981
Registered: 01-2005


Posted on Friday, September 02, 2011 - 02:29 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

quote:

Ní bhíonn an 'stuif oifigiúil' mar adeir tú ar fáil ar fud na tíre ná baol air.



Bhi mé 'g iarraidh a raidht, ar fud a' cheantair ina labhairtear Romainis, ta's agam nach bhfaghthar stuif i Romainis ar fud na hEilvéise. :)
Ach grma ar son na miniuchan sin, ta sé suimiuil.

Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Jeaicín
Member
Username: Jeaicín

Post Number: 194
Registered: 01-2011
Posted on Saturday, September 03, 2011 - 08:38 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Léigh mé an t-alt. Ní ghlacaim le téarma droc-mheasúil ar nós "cobbled together esperanto". Tuigim cás an Rialtais. Más teanga oifigiúil í an Romainis (?) agus cearta teanga ag lucht a labhartha ní mór 100% de sheirbhísí an Rialtais a chur ar fáil do na daoine sin. Glacaim leis freisin gur deacair don Rialtas seirbhísí a chur ar fáil sa teanga sin in aon chor gan trácht ar sheirbhísí a sholáthar le haghaidh cúig cinn de chanúintí. Má roghnaíonn siad canúint amháin mar chaighdeán daorfaidh siad an chuid eile chun báis agus tréigfidh daoine an teanga go hiomlán. Glacaim leis go bhfeicfidh cainteoirí gach canúna tréithe dá gcanúint féin san RG agus nach fál go haer acu an caighdeán sin a fhoghlaim de bhreis ar a gcanúint féin. Is é sin gur beag sa bhreis dóibh an méid is gá a fhoghlaim. An bhfuil seirbhís raidió acu ar nós Raidió na Gaeltachta?

Pointe suimiúil: níl cead ag foghlaimeoirí seirbhísí a éileamh sa teanga sin.

Ceist: An bhfuil cead ag cainteoirí Romainise seirbhísí a éileamh mura bhfuil cónaí orthu sa dúiche ina labhraítear an teanga mar theanga phobail?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Abigail
Member
Username: Abigail

Post Number: 1309
Registered: 06-2006


Posted on Saturday, September 03, 2011 - 05:26 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

De réir dlí is iad "Personen rätoromanischer Sprache" atá ina dteideal. Ba é tuiscint na cúirte (nó is é mo thuiscintse ar thuiscint na cúirte!) ná gur bhain a léitheid sin d'fhoclaíocht i ndlí eicínt eile le dúchas seachas le foghlaim teanga. Is cinnte nach bhfuil baint ar bith aici le háit cónaithe duine.

An foghlaimeoir a scríobhfadh chucu i Rómainis ghlan, chuile sheans go bhfaigheadh sé freagra, ar ndóigh! Níl teanga dúchais duine le léamh ar a phas ná in áit ar bith eile go bhfios dom.

Tá idir raidió agus teilifís acu. Bíonn corr-leathuair de theangacha eile na tíre le cloisteáil ar an raidió i bputóg na hoíche, ach is í an Rómainis a chloistear óna 5am go meań oíche. Níl sa teilifís go fóill ach clár 15-20 nóiméad gach lá agus cúpla uair a' chloig eile ag an deireadh seachtaine. (Ní fhéadfainnse a rá cé chomh 'caighdeánta' a bhíonn ceachtar acu; ní miste a chur in iúl nach caighdeán labhartha atá sa Rumantsch Grischun ach oiread le CO na Gaeilge.)

Tá fáilte roimh chuile cheartú!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Pádraig
Member
Username: Pádraig

Post Number: 850
Registered: 09-2004


Posted on Saturday, September 03, 2011 - 08:50 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ca bhfuil anois, a chara?

Táim ag dul anonn in aois. Nár fhéad tú faire aon uaire liom a dhéanamh?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Abigail
Member
Username: Abigail

Post Number: 1310
Registered: 06-2006


Posted on Sunday, September 04, 2011 - 08:13 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Cá bhfuil mise? ag cur fúm san Eilvéis go fóill. Phos mé anseo anuraidh agus is mian linn araon fanacht tamaill eile sa tír. D'fhág muid cathair mhór Zürich inár ndiaidh mar sin féin agus fuair árasán i gcanton Glarus. Seo pictiúr a thóg mé seachtain ó shin ón mbalcóin se'againne:
http://img689.imageshack.us/img689/1046/mountains2.jpg

Táimid tuairim is dhá mhíle bóthair ó theorainn stairiúil na Rómainise, rud atá le brath ar na logainmneacha. Sé ainm atá ar an locha is gáire dúinn an Walensee .i. Locha na Welschen .i. na nGall. Siad na Rómainseoirí na Gaill atá i gceist sa gcás seo, ar ndóigh; in iarthar na hEilvéise is é lucht labhartha na Fraincise a thuigfí ón bhfocal céanna, agus sa Tioról ba é lucht na hIodáilise.

Tá fáilte roimh chuile cheartú!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Jeaicín
Member
Username: Jeaicín

Post Number: 196
Registered: 01-2011
Posted on Sunday, September 04, 2011 - 09:02 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

An as an bhfocal sin "Welschen" a tháinig an focal sean-Bhéarla "wéalas" (??) .i. na gaill, agus "Wales / Welsh" an lae inniu?

Go raibh maith agat as an ngrianghraf, a Abigail. Nach sceirdiúil iad na beanna agus nach dorcha an gleann ag a mbun. Cén tráth den lá agus den bhliain a tógadh an pictiúr?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 3982
Registered: 01-2005


Posted on Sunday, September 04, 2011 - 10:05 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

quote:

An as an bhfocal sin "Welschen" a tháinig an focal sean-Bhéarla "wéalas" (??) .i. na gaill, agus "Wales / Welsh" an lae inniu?



Is eidh, an fhréamh chéarna : wal/wel- sna teangthacha Gearmanacha, agus gal(l)- sna teangthacha Ceilteacha

Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Abigail
Member
Username: Abigail

Post Number: 1311
Registered: 06-2006


Posted on Sunday, September 04, 2011 - 10:44 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Is ea. Is dóigh gur bhain an focal le treibh eicínt de Cheiltigh ar dtús, ach leathnaigh air le imeacht na mblianta nó gur chiallaigh sé "duine díobh siúd thall nach labhraíonn ár dteanga-sa."

É atá taobh thiar den "wall" in Cornwall freisin, chomh maith le Walloons na Beilge, Wallachia/Vlachia srl. fiú amháin "walnuts" an Bhéarla, "gallchnónna" a baisteadh orthu toisc gur tháinig siad anall ón bhFrainc nó ón Iodáil.


Tógadh an grianghraf tuairim is seachtain ó shin, scaitheamh beag tar éis fuineadh na gréine. An dath álainn deargoráiste ar na beanna a tharraing m'airde nó gur fhill mé isteach i gcomhair an cheamara. Tugann muintir na háite "Alpenglühn" air, loinnreadh na nAlp. Tá sé le feiceáil cuid mhaith de na tráthnónta anseo ach ní minic chomh láidir sin é. Seo pictiúr eile de a tógadh cúpla nóiméad níos déanaí.


(Message edited by Abigail on September 04, 2011)

Tá fáilte roimh chuile cheartú!



©Daltaí na Gaeilge