Author |
Message |
Seosamh_h
Member Username: Seosamh_h
Post Number: 3 Registered: 08-2011
| Posted on Monday, August 29, 2011 - 10:27 pm: | |
Which groups or clubs in Dublin provide the best opportunities for language immersion? Do any of these have a majority of Cork or Kerry speakers? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 11655 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, August 30, 2011 - 04:30 am: | |
Níl fhios agam, cé gurbh as Baile Átha Cliath mé. Bheadh amhras orm go bhfaighidh tú grúpa ar bith le móramh ón nGaeltacht. Bím féin ag freastal ar an gCiorcal Díospóireachta go rialta ach seachas sin bíonn críoch éigin ag na grúpaí a mbím ag freastal orthu, mar shampla Comhluadar nó na Cnocadóirí. http://www.facebook.com/anciorcal (ar siúl anocht & gach coicís) http://www.cnocadoiri.com/ http://www.comhluadar.ie/ Bíonn imeachtaí liteartha ann minic go leor. Má tá tú i lár na Cathrach am lóin de hAoine ta an ionad Buail Isteach ann. http://ionad.org/ Mar sin féin is meascán d'abaltachtaí & canúi9ntí a bheidh romhat áit ar bith sa chathair. |
|
Jeaicín
Member Username: Jeaicín
Post Number: 186 Registered: 01-2011
| Posted on Tuesday, August 30, 2011 - 07:45 am: | |
Try Áras Chrónáin. www.araschronain.ie Plenty of Irish speakers there but they are very aware of those those who may have no more than the "cúpla focal." Since they need the financial support of the wider community to keep the place going they use English as well. If you speak Irish yourself however you will hear plenty of good Irish there once they get to know you. They are currently looking for new members so if it's Irish you want that's the place for you. Even if you want to be a new broom you will be more than welcome. The place has plenty of rooms for evening classes, meetings, and private family celebrations; a bar for bilingual sing songs, music sessions, céilí and set dancing, a nice hall with a stage and balcony for concerts and other performances and ample car parking. It is one of the best-kept secrets of Gluaiseacht na Gaeilge and if Gaeilgeoirí don't join and support it they need not complain. It is there. It is theirs. If you are interested in the Irish language you should join. Labhair Gaeilge leo agus labhróidh siad Gaeilge leat. Beidh fáilte romhat. |
|
Ggn
Member Username: Ggn
Post Number: 400 Registered: 08-2008
| Posted on Tuesday, August 30, 2011 - 01:49 pm: | |
Tá Club an Chonartha ann freisin ar ndóigh. |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 3976 Registered: 01-2005
| Posted on Tuesday, August 30, 2011 - 04:47 pm: | |
quote:cé gurbh as Baile Átha Cliath mé B'as Baile Atha Cliath thu? Ach carb as tu anois? Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/ |
|
Jeaicín
Member Username: Jeaicín
Post Number: 189 Registered: 01-2011
| Posted on Tuesday, August 30, 2011 - 06:24 pm: | |
Nach géar an tsúil atá agat, a Lughaidh, agus nach mór an flosc chun cheartúcháin atá ort. Cá bhfios duit nach cuid dhil dhílis dhúchasach de mhion-chanúint éigin i ndeisceart Bhaile Átha Cliath atá sa séimhiú sin? FRC |
|
Seosamh_h
Member Username: Seosamh_h
Post Number: 4 Registered: 08-2011
| Posted on Tuesday, August 30, 2011 - 11:59 pm: | |
Go raibh maith agaibh |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 11660 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, August 31, 2011 - 09:36 am: | |
Fánaí anois mé, a Lughaidh! Ach monuar ní fánach mo chuid botúin gramadaí. |
|
Suaimhneas
Member Username: Suaimhneas
Post Number: 569 Registered: 08-2006
| Posted on Friday, September 02, 2011 - 09:21 am: | |
quote:B'as Baile Atha Cliath thu? Ach carb as tu anois? An bfhuil Gaelige ar "smartass"? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 11665 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, September 02, 2011 - 10:00 am: | |
Gastaire, b'fhéidir? http://www.smo.uhi.ac.uk/gaeilge/focloiri/daoine/lorg.php?tairg=Lorg&facal=gasta ire&seorsa=ceannfhocal Ach seana chluiche ag Lughaidh súil ghéar a choinneáil orm, agus ní haon dochar é. |
|
Jeaicín
Member Username: Jeaicín
Post Number: 193 Registered: 01-2011
| Posted on Saturday, September 03, 2011 - 07:54 am: | |
Smartass = cocaire, plucaire, stráisiúnaí; táthaire; dradaire; smuigín; prioc-chocailín; teallaire; bearránach; ceatánaí; péadóir; spochadóir; etc I have never heard any of those in ordinary speech which indicates how polite -- or how impoverished -- our knowledge of Irish has become. Learning Irish is like climbing hills. You get to the top of one only to realise there are other higher peaks beyond. Life is not long enough ... I wonder will the new emphasis on spoken Irish in exams bring these terms of abuse to life again? I hope so. Those and the terms of endearment. Not that I have heard "smartass" either. "Prioc-chocailín" would be the kind of soubriquet (spelling?) that I'd associate with Máirtín Ó Cadhain. He could flay an opponent. However let's keep Daltaí pleasant and peaceful. Let's not go there. We're all on the one side here. Mise especially. |
|
Duineeile
Member Username: Duineeile
Post Number: 5 Registered: 10-2010
| Posted on Tuesday, September 06, 2011 - 08:40 am: | |
Went in to "An Caife Gaelach". At this stage it is just a Cómhrá circle. I was hoping to have lunch with the family, and I would definately go to an Irish speaking restaurant, but there are none in Dublin that I can see. Given the tens of thousaands of speakers in Dublin that is surprising, but there you are. D |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 11673 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, September 06, 2011 - 08:43 am: | |
Faraor, bhí cúpla iarracht ann ach theip orthu nuair a d'éirigh na bainisteoirí as. Bhíodh Caife Úna iontach ar fad. An cíos a mharaigh Trí D ar sráid Dawson, tuigim. |
|
Jeaicín
Member Username: Jeaicín
Post Number: 201 Registered: 01-2011
| Posted on Tuesday, September 06, 2011 - 06:38 pm: | |
Cá bhfuil "An Caifé Gaelach"? Cén fáth nach n-ainmnímíd áit agus am chun go bhféadfadh cúpla scór duine dul isteach i gcaifé ar bith, tae a cheannach, agus tosú go tobann ag labhairt Gaeilge agus ag casadh amhráin go séimh ceolmhar? Ag smaoineamh ar na flashmobs atáim: http://en.wikipedia.org/wiki/Flash_mob Is dóigh liom gur cruthaíodh tob-chéilí gan choinne i stáisiún traenach éigin i Sasana agus é le feiceáil ar YouTube. D'fhéadfaimis tob-Ghaeltacht a chruthú áit éigin gach Satharn nó dul isteach i dteach tábhairne difriúil uair uma seach agus an áit a líonadh le Gaeilge. Scéilín thairis: Is cuimhin liom uair dá rabhas ag freastal ar Chomhdháil Ghaeilge éigin thíos i Luimneach agus bhí sórt beáir ar fáil do dhaoine aonair mar mé i mbialann na mbricfeástaí. Shuigh fear a raibh culaith agus carbhat á chaitheamh aige taobh liom agus bheannaigh mé dó i nGaeilge. D'fhreagair sé mé sa teanga céanna. Bhí comhrá againn ar feadh tamaill go dtí gur fhiafraigh mé de céard a shíl sé den Chomhdháil. Cén Chomhdháil, ar seisean. Táimse tar éis teacht isteach ó Nua Eabhrac anois díreach. Bhíos ar an red-eye go dtí an tSionainn. Tob-Ghaeltacht a dhuine. Sin an chaoi. Bhunaigh TG4 go leor tob-Ghaeltachtaí le gairid nuair a dhírigh siad na ceamairí ar bhailte a labhródh Gaeilge ar lá áirithe. Chuala mé go leor daoine ag cur díofa an lá sin, iad cruinn agus líofa. Cár mhaith libh an chéad tob-ghaeltacht a bhunú? |
|
Jeaicín
Member Username: Jeaicín
Post Number: 202 Registered: 01-2011
| Posted on Tuesday, September 06, 2011 - 06:43 pm: | |
Mo dhearmad: go Sionainn (an baile); go dtí an tSionainn (an abhainn). |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 11674 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, September 07, 2011 - 03:34 am: | |
Jeaicín, buail isteach chuig An Ciorcal i gCaife Fixx dé Máirt beag seo nó aon coicís ina dhiaidh! http://www.facebook.com/anciorcal https://twitter.com/anciorcal |
|