Author |
Message |
Gaelscéal_nuachtán
Member Username: Gaelscéal_nuachtán
Post Number: 14 Registered: 04-2011
| Posted on Tuesday, August 23, 2011 - 05:59 am: | |
A chairde, Seo ceist na seachtaine ar www.gaelsceal.ie "Bítear ag caint ar ‘gobbledegaeilge’ maidir le doiciméid oifigiúla agus eile i nGaeilge ach cad ba cheart do Ghaeil a dhéanamh agus coincheap úr don teanga á phlé?" |
|
Jeaicín
Member Username: Jeaicín
Post Number: 177 Registered: 01-2011
| Posted on Tuesday, August 23, 2011 - 05:36 pm: | |
Is gránna an focal é "gobbledegaeilge" ag cur san áireamh go bhfuil meamráiméis ann roimhe. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 11637 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, August 24, 2011 - 03:43 am: | |
Cinnte, ach is téarma as Gaeilge na leabhar meamraiméis, agus is as Béarla a bhí an leaid clamhsánach Gaeltachta ag scríobh! http://www.thejournal.ie/readme/column-we-need-to-keep-irish-alive-but-the-gover nment-isn%E2%80%99t-helping/ |
|
Onuvanja
Member Username: Onuvanja
Post Number: 29 Registered: 07-2010
| Posted on Wednesday, August 24, 2011 - 04:33 am: | |
:))) Meamráiméis. Tá sé sin ar fheabhas! Ní raibh an focal sin ar eolas agam agus mise ag plé le téacsanna mar sin 'chuile lá mar aistritheoir. GRMA, a Jeaicín! Maidir leis an ábhar féin, is minic a bhíonn cáipéisí oifigiúla scríofa i mbéarlagar mí-shoiléir, pé teanga atá i gceist. Marach é, ní bheadh aon ghá le dlíodóirí agus a leithéide de dhaoine 'oilte' leis na cáipéisí 'úd a 'aistriú' dhúinn... ;) Bhuel, ag magadh atá mé. I ndáiríre, má dhéanann tú iarracht, is féidir scríobh go soiléir, fiú agus tusa ag baint úsáid as téarmaí nua-aimseartha. Go hiondúil, ní hiad na téarmaí féin a fhágann go bhfuil an téacs so-thuigthe, ach an t-údar nach gtuigeann céard atá taobh thiar de. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 11638 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, August 24, 2011 - 04:58 am: | |
|
|
Onuvanja
Member Username: Onuvanja
Post Number: 30 Registered: 07-2010
| Posted on Wednesday, August 24, 2011 - 08:28 am: | |
Go raibh maith agat as an nasc, a Aonghuis! Nach ait an scéal é go raibh an rud céannan céanna ag dó na geirbe d'Orwell agus é ag scríobh i 1946. Chaith mé súil ar an alt leis an leaid Gaeltachta atá luaite agat thuas agus caithfidh mé a rá nach n-aontaím leis. Ni hionann meamráiméis (sé sin scríobh go dona) agus úsáid a bhaint as téarmaí nua-chumtha i nGaeilge, rud a dhiúltaíonn mo dhuine dhó go huile agus go hiomlán. Níl a fhios 'am céard a cheapann na cainteoirí dúchais ag an bhfóram seo, ach feictear dhomsa nach bhfuil an té atá ag rá go mba chóir focla Béarla a úsáid le cur síos a dhéanamh ar réimsí nua an tsaoil cosúil leis an airgeadas, leis an mbitheolaíocht agus araile ag tabhairt aitheantas ceart dona theanga féin. Ar ndóigh, ní féidir an téarmaíocht nua a shá isteach sa scornach ag muintir na Gaeltachta, caithfear glacadh leis na focla nua de réir a chéile. Ach ní thuigim cén fáth go bhfuil cuid de na daoine ina gcoinne ar phrionsabal. Ní teanga na bhfeilméaraí agus na n-iascairí atá sa nGaeilge san aonú haois is fiche, nó an bhfuil? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 11639 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, August 24, 2011 - 09:04 am: | |
An cheist ná conas go díreach na téarmaí nua seo a chuir i mbéal pobal atá éirithe as an léamh, geal leis. Bheadh, mar shampla, ionadh orm má tá níos mó ná an 5000 cóip a bhíodh á dhíol ag Foinse agus Lá á dhíol ag Gaelscéal - agus formhór den díolaíocht sin sa Ghalltacht. Más tríd an mBéarla a thagann coincheap isteach sa chaint, thuigfeá go mbeadh daoine ag rá fridge in áit cuisneoir; agus go mbraithfeadh siad an téarma sin a bheith coimhthíoch - ós rud é go bhfuil an brí atá le cuisne i. fuar, nach mór dearmadta. |
|
Onuvanja
Member Username: Onuvanja
Post Number: 31 Registered: 07-2010
| Posted on Wednesday, August 24, 2011 - 12:42 pm: | |
Sin ceist mhaith gan dabht, a Aonghuis, agus tuigim na deacrachta atá i gceist. Ag an am céanna, más fíor nach léitear nuachtáin Ghaeilge sa nGaeltacht, tá mé ag súil go ndéanfadh RnaG nó TG4 cuid den obair leis na téarmaí nua a scaipeadh i measc an phobail. Ar aon nós, is í an difríocht a fheicimse idir an sean-aimsir agus ár linn féin ná san aimsir anallód ní raibh aon dul as ag muintir na Gaeltachta ach glacadh le téarmaí iasachta cosúil le 'bicycle', mar ní raibh 'rothar' ar fáil, ach anois tá téarmeolaithe ag déanamh a seacht ndícheall le focla nua a chumadh agus tá an rogha sin againn. Níl ann ach an téarma nua airithe a rá amach os ard faoi 100 agus beidh glacadh agat leis, pé rud é, mar a deirtear. :) |
|
Jeaicín
Member Username: Jeaicín
Post Number: 179 Registered: 01-2011
| Posted on Thursday, August 25, 2011 - 08:10 am: | |
quote:pobal atá éirithe as an léamh, geall leis Cheapfainn nach raibh de nós riamh ag gnáthphobal na Gaeltachta an teanga a léamh muna mbeadh téacs ina gcanúint féin i gceist. Ó bunaíodh na scoileanna Náisiúnta, 1832 (???), bhíothas ag múineadh Béarla dóibh agus d'fhág sé sin droch-mhisneach orthu. Léifidis Béarla. Ba ghráin leo leath-Ghaeilge na bhfoghlaimeoirí. Bhí siad doicheallach roimh chanúintí eile. Léiríonn ráitis Joe Steve Uí Neachtain an dearcadh seo. Léifidh Muimhnigh Maidhc Dainín nó Pádraig Ó Maoileoin; léifidh Gaillimhigh Ó Cadhain, Ó Neachtain, nó Johnny Chóil Mhaidhc; Maigh Eoigh léifidh siad Pádraig Ó Ruadháin nó Séamus Mag Uidhir; Ultaigh léifidh siad na sean-údair Ó Grianna, Mac Grianna, Mac Meanman, srl nó Ó Searcaigh. Ar an dtaobh eile dhe, ón uair a tosaíodh ar bhéim a leagan ar "thograí teanga-lárnacha" tá aos óg na Gaeltachta ag teacht i dtreis i ngairmeacha a bhfuil Gaeilge riachtanach dóibh, gairmeacha ar nós an mhúinteoireacht, an aistritheoireacht, agus na meáin. Is cinnte gur mó an méid Gaeilge atá le cloisteáil ag pobal na tíre anois ná mar a chualathas riamh. Agus tá dhá pháipéar nuachta á léamh, FOINSE agus GAELSCÉAL gan trácht ar BEO!. Admhaím go bhfuil na téarmeolaithe chun tosaigh ar an ngnáthphobal ach is amhlaidh is fearr é. Ní bheifear ag caitheamh anuas ar an nGaeilge as a teirce is atá téarmaí nua-aoiseacha inti. Is breá liom www.focal.ie agus táim ag dúil leis an bhfoclóir nua Béarla-Gaeilge a fheiceáil. |
|
Jeaicín
Member Username: Jeaicín
Post Number: 180 Registered: 01-2011
| Posted on Thursday, August 25, 2011 - 08:14 am: | |
Brón orm. Botún beag. Ní bheifear ag caitheamh anuas ar an nGaeilge as a theirce is atá téarmaí nua-aoiseacha inti. FRC |
|
|