Author |
Message |
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 11591 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, July 04, 2011 - 04:41 am: | |
Sin é! |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 1306 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, July 05, 2011 - 08:13 am: | |
GRMA, a Aonghuis. Ní raibh deis againn BBQ a dhéanamh mar is cóir (iomarca oibre!) ach thug mé mealbhacán uisce isteach san oifig agus roinn ar mo chomhghleacaithe é ar an sos caifé. Beidh root beer floats againn anocht sa mbaile. Sin gloine root beer agus scúp uachtair reoite ann - blas meirbhshamhraidh Mheiriceá. (Tá an tEorpach seo is nuachar dom ag teacht i dtaithí ar an root beer de réir a chéile, más go mall féin é... níor thuigeadh domsa go raibh a dhath ar bith aisteach faoin mblas ach is léir dom anois gur deoch an-Mheiriceánach ar fad é. Ní maith leis na hEilvéisigh é ach chomh beag.) Tá fáilte roimh chuile cheartú! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 11594 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, July 05, 2011 - 09:34 am: | |
Ní dóigh liom gur bhlaiseas fhéin riamh é. Cad iad na chomhábhair? |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 1307 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, July 06, 2011 - 03:57 am: | |
Óra, dá n-inseoinn sin duit ní bhlaisfeá choíche é! Fréamhchoirt 'sassafras' ba chóir dó a bheith ann ó thús ach fuarthas gur carcanaigin é an sassafras (leithéid a lán luibheanna eile dá gcaithfí an iomarca díobh!) agus ní cead an fíor-root beer a dhíol níos mó. Ceimiceán eicínt a thuganns blas dó anois. Is crann íseal é an sassafras a mbíonn trí shórt duilleoga air, agus iad uilig le feiceáil ar an gcraoibhín céanna scaití. D'aithneofá ar na duilleoga sin agus ar a mboladh tréan spíosrach é. Ní mé cén tsamhail a bheadh leis an mblas: "dandelion and burdock" Shasana b'fhéidir, chinotto na hIodáile, Alpendudler na hOstaire, Berliner Fassbrause fiú amháin... Tá fáilte roimh chuile cheartú! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 11598 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, July 06, 2011 - 06:05 am: | |
Hmm. Is dóigh liom go gcloífí mé le Leann Dubh a' ghleanna. Ó tharla Aithne na hÍne comhlíonta aige sin! Ach má fhaighim deis - is fíor annamh mé thall - b'fhéidir go rachainn sa tseans. |
|