mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » General Discussion (Irish and English) » Archive through July 28, 2011 » Tamall é ó bhí mé anseo « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Eadaoin
Member
Username: Eadaoin

Post Number: 112
Registered: 02-2009
Posted on Wednesday, June 08, 2011 - 10:57 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

a chairde

Fuair mé leabhar nua le CD ... grammar, dialogs etc. There are quite a few typos in it, but I can spot most of them. It mostly uses the CO, but points out some different usages too.

How would ye all say "it's a while since I was here"?
I think I'd say "Is tamall é ó bhí mé anseo" or something similar.
They're suggesting "Tá tamall ó bhí mé anseo", which feels all wrong to me ... but then I'm not an expert (but "is" sounds intuitively right in my ears).

eadaoin

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 11538
Registered: 08-2004


Posted on Wednesday, June 08, 2011 - 12:03 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

D'fheadfaí "Tá tamall *ann* ó bhí mé anseo" a rá cinnte. Níl mé cinnte gur féidir an ann a fhágáil ar lár.

Sílim freisin go bhfuil "is tamall é ó bhí mé anseo" bacach ar chaoi éigin.

N'fheadar.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Brídmhór
Member
Username: Brídmhór

Post Number: 163
Registered: 04-2009


Posted on Wednesday, June 08, 2011 - 07:26 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

or -

Tá sé tamall (fada) ó bhí mé anseo.

Tá sé píosa fada (ó shoin) ó bhí mé anseo.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Brídmhór
Member
Username: Brídmhór

Post Number: 164
Registered: 04-2009


Posted on Wednesday, June 08, 2011 - 07:30 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

also -
Tá sé píosa maith ó bhí mé anseo.
Tá sé scaitheamh fada ó bhí mé anseo.
(grma Ben)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Jeaicín
Member
Username: Jeaicín

Post Number: 140
Registered: 01-2011
Posted on Wednesday, June 08, 2011 - 09:05 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Cad faoi:

"it's a while since I was here"?

Is fada ó bhíos anseo.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 11540
Registered: 08-2004


Posted on Thursday, June 09, 2011 - 03:45 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Is féidir rudaí a rá i mbealaí éagsúla cinnte. Súil agam nach bhfuil muid ag cur le mearbhall Éadaoine!

Cad é bhur dtuairim maidir le
'Tá tamall ó bhí mé anseo'

An féidir san a rá?

Agus an aontaíonn aoinne liom go bhfuil rud éigin ciotach faoi
"is tamall é ó bhí mé anseo"

Agus má tá, cén fáth? Níl ann ach mothúchán agam, nach dtug liom cúis a chuir leis, é.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Brídmhór
Member
Username: Brídmhór

Post Number: 166
Registered: 04-2009


Posted on Thursday, June 09, 2011 - 06:43 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

'Tá tamall ó bhí mé anseo' - feicear domsa freisin go bhfuil sé mí-cheart. Teastaíonn tuilleadh focla san abairt.
Mar shampla -
'Tá sé tamall ó bhí mé anseo'
Ach b'fhéidir go mbeadh sé ceart i gcanúint éicint eile.

Níl mé in ann é mhíniú. Tá's agaibh chomh dona is atá mé ag gramadach (agus litriú).

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Eadaoin
Member
Username: Eadaoin

Post Number: 113
Registered: 02-2009
Posted on Thursday, June 09, 2011 - 08:42 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Dúirt Aonghus "Súil agam nach bhfuil muid ag cur le mearbhall Éadaoine! "

Níl - tá mé lán-sásta! Ach ..

when I was at school,(fadó fadó) we were told "you can't use TÁ if you're saying that one thing is another
e.g. you can't say "tá sé fear"

maybe I'm thinking in English when I feel that -IT is a WHILE- is similar?

eadaoin

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 11544
Registered: 08-2004


Posted on Thursday, June 09, 2011 - 08:52 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Níl sé chomh dubh & geal sin Éadaoin.

Tá an riail úd ceart go minic, ach ní i gcónaí. Ach níl tú ag rá gurb rud amháin rud eile pé scéal é, sa chás seo - níl tú ag cáiliú an tamall.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Jeaicín
Member
Username: Jeaicín

Post Number: 141
Registered: 01-2011
Posted on Thursday, June 09, 2011 - 08:58 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Tá sé tamall = Tá sé fear = Botún (coitianta)

Baineann an ceann eile leis an gcopail "is" - is ionann copail agus nasc nó ceangal idir "pointe eolais" agus "an t-ainmní".

Is deas an lá é.
Is bean deas í Brídmhór.
Is foighdeach an fear é Aonghus.

D'fhéadfá ceann acu seo a rá:

Tá tamall fada ann ó bhí mé anseo.

Ní rabhas anseo le tamall fada.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 11545
Registered: 08-2004


Posted on Thursday, June 09, 2011 - 09:00 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

quote:

Tá sé tamall = Tá sé fear = Botún (coitianta)



N'fheadar. Féach na méid a dúirt Bríd:

quote:

Tá sé tamall ó bhí mé anseo



Níl faic cearr le sin.

Ach, aire, aonad céille atá san 'tamall ó bhí mé anseo'

Tá sé cosúil le

Tá sé fliuch

seachas

Tá sé fear

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Jeaicín
Member
Username: Jeaicín

Post Number: 142
Registered: 01-2011
Posted on Thursday, June 09, 2011 - 02:06 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ní hionann. Tá sé ceadaithe (!) aidiacht a chur tar éis "Tá sé" ach níl sé ceadaithe ainmfhocal a chur ina dhiaidh.

Ní bhaineann an clásal "ó bhí mé anseo" le hábhar.

Tá sé fuar. ceart.
Tá sé te. ceart.

Tá sé tamall. mí-cheart.

Aisiachtaí is ea fliuch, tirim, fuar, te, ceadaithe etc.

Ainmfhocail is ea tamall, fear, lá, srl.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Sineadw
Member
Username: Sineadw

Post Number: 654
Registered: 06-2009
Posted on Thursday, June 09, 2011 - 03:10 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Bean: Ní fhaca mé thú le fada!
Fear: Tá sé píosa ..

(Heard this exchange in a shop in Conamara)

I think you can use the 'tá sé píosa' when it's as part of a reply but when it's a standalone then it needs to be qualified (like as in Bríd's example there 'tá sé píosa ó bhí mé anseo')

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 11548
Registered: 08-2004


Posted on Thursday, June 09, 2011 - 06:18 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Roinnt samplaí ón gCorpas: http://corpas.focloir.ie/

Tá sé tamall fada ó bhí cruinniú agam libh ... . -- Maidhc Dainín Ó Sé, Greenhorn [Cainteoir dúchais, Corca Dhuibhne]

Tá sé tamall ó shin ó bhí muid amuigh ar spin . -- Micheál Ó Conghaile, Banríon Álainn an Líonáin [Cainteoir dúchais, Conamara]

Tá sé tamall fada anois ó bhí mé i Rann na Feirste ach deirtear liom go bhfuil an Ghaeilge láidir ann go fóill ach bíonn brú an t-am ar fad ón Bhéarla , go mór mór ón teilifís . -- Máire Ní Néill, Beatha Dhuine a thoil


Feictear dom nach bhfuil sé baileach chomh dubh & bán sin.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 11549
Registered: 08-2004


Posted on Thursday, June 09, 2011 - 06:36 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Agus breis samplaí as Tobar na Gaeilge:

tá sé tamall
Tadhg Ó Rabhartaigh: Thiar i nGleann Ceo

1 - 3 as 3: abairt 2303, ag toiseacht ar lch 157, líne 14

Tá sé tamall maith ar shiubhal.”


tá sé tamall
Proinnsias Ó Brógáin: Eachtraí Sherlock Holmes

1 - 3 as 3: abairt 4312, ag toiseacht ar lch 381, líne 24

Ach do réir chosamhlachta tá sé tamall ó rinne an fear seo Harold comh mór seo leis an chailín; tá sé roinnt
seachtmhaine, ar chaoi ar bith, óir bhí faill ag a
deárthair sa Ghréig iomrádh do chluinstin air agus a
theacht anoir an fad seo.


tá sé tamall
Seosamh 'ac Grianna: Pádraic Ó Conaire agus Aistí Eile

1 - 3 as 3: abairt 3317, ag toiseacht ar lch 298, líne 1

“Tá sé tamall ó chonnaic tú mise chugat.”



tá sé tamall
Máirtín Ó Direáin: Feamainn Bhealtaine

1 - 3 as 3: abairt 2944, ag toiseacht ar lch 120, líne 36

Ní hé sin Cros-bhóthar Chroimghlinne; tá sé tamall eile
síos uaidh sin.”

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Jeaicín
Member
Username: Jeaicín

Post Number: 143
Registered: 01-2011
Posted on Thursday, June 09, 2011 - 09:16 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

quote:

'Tá tamall ó bhí mé anseo' - feicear domsa freisin go bhfuil sé mí-cheart. Teastaíonn tuilleadh focla san abairt.
Mar shampla -
'Tá sé tamall ó bhí mé anseo'
Ach b'fhéidir go mbeadh sé ceart i gcanúint éicint eile.

Níl mé in ann é mhíniú. Tá's agaibh chomh dona is atá mé ag gramadach (agus litriú).



Aontaímse le Brídmhór. Táim cinnte go n-abraítear mórán chuile rud sa ghnáthchaint ach an Gaeilge nó Manainnis a bneidh againn ar deireadh?

Cloisimse daoine ag caint faoi "cheol milis" agus "bean bhlasta" gan trácht ar "Bhí mo chroí i mo bhéile."

Scríobhtar gach uile rud chomh maith agus is iomaí aistriúchán a gcaithfeá féachtaint ar an leagan bunaidh de sula dtuigfeá céard a bhí créatúr éigin d'aistritheoir ag iarraidh a chur in iúl: to identify the problem, mar shampla, "an fhadhb a ionannú" go bhfóire Dia orainn, in ionad "an fhadhb a aithint, a aimsiú, srl.

Cá bhfios domsa nach bhfuil "an botún" sin -- más botún é -- sean-bhunaithe sa teanga le fada fada an lá ar nós "I would have went" agus "He done it" agus go leor eile i mBéarla Bhaile Átha Cliath.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 11550
Registered: 08-2004


Posted on Friday, June 10, 2011 - 03:47 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

quote:

-- más botún é --



Má tá sé inghlactha ag Seosamh 'ac Grianna, Máirtín Ó Direáin, Maidhc Dainín Ó Sé & Micheál Ó Conghaile, is é mo thuairim nach féidir botún a thabhairt air. Tá ag teip ar an riail anseo, is léir. Is maith ann an riail mar treoir ar an difear idir is agus tá - ach níl riail gan eisceacht!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Jeaicín
Member
Username: Jeaicín

Post Number: 144
Registered: 01-2011
Posted on Friday, June 10, 2011 - 10:32 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Tá an ceart agat, a Aonghuis.

Rith sé liom gur féidir Aidiachtaí agus dobhriathra a chur tar éis "Tá sé" i.e. "Tá sé go dona"

Arbh fhéidir go bhféadfaí "dobhriathar áite" a thabhairt ar an bhfrása "tamall maith ar shiubhal" ... ?

Glacaim leis, a Aonghuis, nach molfá "tá sé carr deas" mar abairt Ghaeilge?

Carr deas is ea é.
Is carr deas é.

Níl a fhios agam faoi "Tá sé tamall ó ...." caithfidh gur dobhhriathar ama atá i gceist ag na scríbhneoirí oirirce sin. Géillim dóibh. Umhlaím rompu.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 11551
Registered: 08-2004


Posted on Friday, June 10, 2011 - 10:44 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

quote:

Glacaim leis, a Aonghuis, nach molfá "tá sé carr deas" mar abairt Ghaeilge?



Ceart agat.

quote:

Níl a fhios agam faoi "Tá sé tamall ó ...." caithfidh gur dobhhriathar ama atá i gceist ag na scríbhneoirí oirirce sin. Géillim dóibh. Umhlaím rompu



Sléachtaim dóibh freisin!

Ach ba bhreá liom fios fátha an scéil a bheith agam! N'fheadar an bhfuil rud éigin le rá ag na Bráithre faoi.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 11552
Registered: 08-2004


Posted on Friday, June 10, 2011 - 10:50 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

quote:

21.19 Focail mar fada agus tamall is minic a chiallaíonn siad fad slí nó tréimhse ama de réir mar is focal as colún (ii) nó as colún (iv) a leanann iad: is fada amach (isteach, suas, ...) atá sé (fad slí); bhí sé tamall amach ón gcósta (fad slí); bhí sé tamall amuigh (tréimhse ama).



N'fheadar an bhfuil nod ansan?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Jeaicín
Member
Username: Jeaicín

Post Number: 145
Registered: 01-2011
Posted on Friday, June 10, 2011 - 12:59 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Tá sé agat anois, a Aonghuis. Tá tú tar éis teacht an-ghar do réiteach na faidhbe. Is é teideal na rannóige sin ná "Dobhriathra Treo & Suímh".

Cheapfainn gur "dobhriathar ama" é an frása "tamall ó bhí mé anseo" nó go dtugtar an fheidhm sin dó.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Eadaoin
Member
Username: Eadaoin

Post Number: 114
Registered: 02-2009
Posted on Friday, June 10, 2011 - 04:37 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

tá mé thar a bheith sásta leis an díospóireacht anseo!

I can see tamall as a sort of an adverb now, not a noun exactly

GRMMA ... eadaoin



©Daltaí na Gaeilge