Author |
Message |
Cormacanchnoic
Member Username: Cormacanchnoic
Post Number: 6 Registered: 05-2011
| Posted on Tuesday, June 07, 2011 - 11:06 am: | |
Hi, Conas a deirtear "I want" is minicí? Deirimse "Ba mhaith liom", ach measaim go míníonn sin "I would like". Uaireanta eile, deirim "Teastíonn uaim". An bhfuil rogha eile a bhéadh níos éasca do foghlaimeoirí nua? Le déanaí, chuala mé mo neacht ag rá "Tá mé ag iarraigh", agus cloisim é sin ar Ros na Rún freisin, m.sh. "Tá mé ag iarraigh cupán tae" (I want a cup of tea), ach cheap mé go raibh brí eile le "ag iarraigh", "asking". B'fhéidir go mbaineann an úsaíd seo le cúige Chonnacht? (Is as an Mumhan dom, cé gur fhoghlaim mé an caideán oigifiúil ar scoil). Go raibh maith agaibh, Cormac. Ar mhaith leat teanga Ceilteach eile a fhoghlaim? SaySomethingInWelsh.com |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 11532 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, June 07, 2011 - 11:20 am: | |
Má tá rud de dhíth ort, is féidir leat é a iarraidh. Braitheann sé cén ciall go díreach atá á chuir in iúl agat 1) Tá cupán tae uaim 2) Ba mhaith liom cupán tae 3) Táim ag iarraidh cupán tae 4) Teastaíonn cupán tae uaim 5) Tá cupán tae de dhíth orm Tá siad sin ar fad ar chomhchiall ach tá 2) níos béasaí ná na cinn eile |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 11533 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, June 07, 2011 - 11:27 am: | |
|
|
Cormacanchnoic
Member Username: Cormacanchnoic
Post Number: 7 Registered: 05-2011
| Posted on Tuesday, June 07, 2011 - 11:50 am: | |
Go raibh maith agat arís, a Aonghuis. Ach, caithfidh mé admháil go bhfuil mearbhall orm anois. Cheap mé go míníonn "ag iarraidh" "trying" as Béarla. [Sea, chuardaigh mé http://www.potafocal.com/Search.aspx?Text=try agus tá an dá brí leis. Bainfidh mé úsaíd as an suíomh sin as seo amach.] Tá go leor bealaí éagsúla chun rud simplí a rá as Gaeilge. Is mise le meas, Cormac. Ar mhaith leat teanga Ceilteach eile a fhoghlaim? SaySomethingInWelsh.com |
|
Cormacanchnoic
Member Username: Cormacanchnoic
Post Number: 8 Registered: 05-2011
| Posted on Tuesday, June 07, 2011 - 12:09 pm: | |
Tá ceisteanna breise agam, más mian le éinne iad a fhreagairt: 1. ag iarraidh = "wanting", agus "trying". Conas is féidir diffríocht a dhéanamh eatarthu? 2. An bhfuil sé ceart "ag triail" a rá in ionad "ag iarraidh"? m. sh. "Tá mé ag triail Gaeilge a fhoglaim" (I'm trying to learn Irish). Measaim go bhfuil brí difriúl ag "triail", b'fhéidir "trying out (something)"? Le meas, Cormac. Ar mhaith leat teanga Ceilteach eile a fhoghlaim? SaySomethingInWelsh.com |
|
Cormacanchnoic
Member Username: Cormacanchnoic
Post Number: 9 Registered: 05-2011
| Posted on Tuesday, June 07, 2011 - 02:55 pm: | |
An bhfuil sé ceart "Tá me ag iarraidh Gaeilge a fhoglaim" a rá le brí "I want to learn Irish"? Tá mearbhall orm fós. Ar mhaith leat teanga Ceilteach eile a fhoghlaim? SaySomethingInWelsh.com |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 3951 Registered: 01-2005
| Posted on Tuesday, June 07, 2011 - 03:11 pm: | |
Ta sé ceart. Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/ |
|
Cormacanchnoic
Member Username: Cormacanchnoic
Post Number: 10 Registered: 05-2011
| Posted on Tuesday, June 07, 2011 - 04:05 pm: | |
Go raibh maith agat, a Lughaidh. Ní raibh mé in ann a thuiscint conas go mbéadh an dá brí éagsula ar "ag iarraidh": "wanting" agus "trying", ach tuigim anois. Interpreting "ag iarraidh" as "seeking" provides both meanings. I couldn't get my head around it, but I think I get it now. Míle buíoch! Cormac. Ar mhaith leat teanga Ceilteach eile a fhoghlaim? SaySomethingInWelsh.com |
|
Cormacanchnoic
Member Username: Cormacanchnoic
Post Number: 11 Registered: 05-2011
| Posted on Tuesday, June 07, 2011 - 04:17 pm: | |
By the way, Lughaidh, I tried to link to http://fsii.gaeilge.org but it doesn't seem to be working properly at the moment. It just shows a directory listing (containing only /cgi-bin, which is itself restricted). Is mise le meas, Cormac. Ar mhaith leat teanga Ceilteach eile a fhoghlaim? SaySomethingInWelsh.com |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 3952 Registered: 01-2005
| Posted on Tuesday, June 07, 2011 - 04:46 pm: | |
Grma ach ni mise a chum an suiomh Fsii Gaeilge. Cha dtearr mise ach na habairti a thaifeadadh. Agus nil's agam cé air ar choir ceist a chur maidir leis an fhadhb sin... Ni cuimhneach liom cé ata freagrach as... Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/ |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 11535 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, June 07, 2011 - 06:37 pm: | |
Níl ann, a Chormaic, ach nach bhfuil 'want' an Béarla chomh simplí agus a shíleann tú! quote:2. An bhfuil sé ceart "ag triail" a rá in ionad "ag iarraidh"? m. sh. "Tá mé ag triail Gaeilge a fhoglaim" (I'm trying to learn Irish). Measaim go bhfuil brí difriúl ag "triail", b'fhéidir "trying out (something)"? Sílim gur leag tú do mhéar air. Gníomh cinnte a bhíonn i gceist le triail a bhaint as rud, le hais iarraidh rud a dhéanamh. |
|
Cormacanchnoic
Member Username: Cormacanchnoic
Post Number: 12 Registered: 05-2011
| Posted on Thursday, June 09, 2011 - 09:12 am: | |
"Is féidir liom Gaeilge a labhairt" = "I can speak Irish". Conas a deirtear "I want to be able to speak Irish" agus "féidir" a úsáid? An mbeadh sé ceart a rá: "Teastaíonn uaim gur féidir liom Gaeilge a labhairt?" Tá a fhios agam go bhfuil modhanna nios simplí ann, m. sh., "Teastaíonn uaim bheith in ann/ ábalta Gaeilge a labhairt" ach tá mé ag iarraidh a fháil amach conas "is féidir liom" a úsaid in abairt mar seo. Go raibh maith agaibh, Cormac. Ar mhaith leat teanga Ceilteach eile a fhoghlaim? SaySomethingInWelsh.com |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 11546 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, June 09, 2011 - 09:29 am: | |
Ní dóigh liom gur féidir leat sin a rá. Is dócha go bhfuil bealach éigin thart air chun féidir a chuir ann, ach ní ritheann sé liom. |
|
Cormacanchnoic
Member Username: Cormacanchnoic
Post Number: 13 Registered: 05-2011
| Posted on Thursday, June 09, 2011 - 10:27 am: | |
Cheap mé nach raibh sé ceart, ach ní raibh mé cinnte. Tá mé an-bhuíoch duit mo cheisteanna go léir a fhreagairt, a Aonghuis. Ar mhaith leat teanga Ceilteach eile a fhoghlaim? SaySomethingInWelsh.com |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 11547 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, June 09, 2011 - 01:22 pm: | |
Níl a bhuíochas ort. Tosach feasa fiafraitheacht, agus is mó rud a d'fhoghlaim mé as bheith ag iarraidh ceist a fhreagairt! |
|