mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » General Discussion (Irish and English) » Archive through June 03, 2011 » Obair bhaile « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Domhnall
Member
Username: Domhnall

Post Number: 1518
Registered: 06-2005


Posted on Thursday, May 05, 2011 - 11:48 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Nuair atá 'Obair bhaile' i gceist nach bhfuil fáilte agus fiche roimh dhaoine 'obair baile' a úsáid agus an ginideach in úsáid acu?

An bhfuil aon rud sa chaighdeán (Chuaigh mé ag lorg eolais ach níor éirigh liom teacht ar ábhar fiúntach) mar gheall ar an gceist seo? An dtugtar tús áite d'fheidhm aidiachtaí (agus mar sin séimhiú) nó d'fheidhm an ghinidigh (gan séimhiú)?

A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seánw
Member
Username: Seánw

Post Number: 1100
Registered: 07-2009


Posted on Thursday, May 05, 2011 - 04:16 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Amharc ar seo. B'fhéidir go gcuideochaidh sé tú.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Domhnall
Member
Username: Domhnall

Post Number: 1519
Registered: 06-2005


Posted on Friday, May 06, 2011 - 05:45 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Buíochas. Tá an chuma ar an scéal go bhfuil freagra ar bith ar an gceist seo de réir an chaighdeáin.

A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Onuvanja
Member
Username: Onuvanja

Post Number: 25
Registered: 07-2010
Posted on Friday, May 06, 2011 - 02:45 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Bhuel, más féidir a bheith ag brath ar an idirlíon mar fhoinse, d'fhéadfá a rá gurb é 'obair bhaile' an leagan is coitianta (beagnach 30,000 huaire sa nGoogle), i gcomórtas le 'obair baile' (breis is 5,000 huaire). 'Obair bhaile' freisin an ceann atá luaite ar an suíomh focal.ie.

Mar sin féin, is fíor gur minic nach mbíonn rialacha an ghinidigh soiléir.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Iolann_fionn
Member
Username: Iolann_fionn

Post Number: 43
Registered: 10-2010
Posted on Monday, May 09, 2011 - 05:41 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

múineadh domsa i gcónaí:
obair baile - obair scoile a dhéanfadh leanbh ag baile
obair bhaile = obair tí

agus chuir mé ceist ar roinnt cainteoirí dúchais as Cúige Uladh agus is amhlaidh a rinne siad an t-idirdhealú seo.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seánw
Member
Username: Seánw

Post Number: 1107
Registered: 07-2009


Posted on Tuesday, May 10, 2011 - 07:08 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

A Choilm,
Ar chuir tú fríd chéile iad? Is comhfhocal obair bhaile, is é sin, coincheap amháin í. Mar sin, tá baile ginideach agus séimhiú uirthi (mar tá obair baininscneach). Agus an obair bhaile leis an alt cinnte. Ach is aidiacht baile in obair baile, is é sin, obair a bhaineas leis an teach (obair na mná tí).

Féach 4.15-16 fosta.

http://ec.europa.eu/translation/irish/documents/christian_brothers_comprehensive _irish_grammar_ga.pdf

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seánw
Member
Username: Seánw

Post Number: 1108
Registered: 07-2009


Posted on Wednesday, May 11, 2011 - 12:37 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

aidiacht > recte: focal cineáil, bainte, nó foinse.



©Daltaí na Gaeilge