Author |
Message |
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 1514 Registered: 06-2005
| Posted on Tuesday, May 03, 2011 - 10:46 am: | |
Nuair atá aidiacht mar is ceart i gceist ní bhaineann riail DNTLS. Ach, sa Ghaeilge bainimid an-úsáid as ainmfhocail agus iad ag feidhmiú mar aidiachtaí - The French President = Uachtarán na Fraince. An bhfuil a fhios ag aon duine cén leigheas atá ar an scéal ó thaobh DNTLS de? Mar shampla : - áit súgartha (mar atá ar focal.ie) nó - áit shúgartha (má leanaim mo nótaí ollscoile) Mo bhuíochas. A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 3933 Registered: 01-2005
| Posted on Tuesday, May 03, 2011 - 01:38 pm: | |
Is féidir go dtig leat an da rud a raidht agus a scriobh cibé ar bith. Amannai bionn nios mo na doigh amhain ann le rud inteacht a raidht (cé gur minic nar cuireadh ach doigh amhain ins na leabharthai gramadai, ach is i caint phobal na Gaeltachta is tabhachtai). Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/ |
|
Cead_ite
Member Username: Cead_ite
Post Number: 20 Registered: 01-2011
| Posted on Tuesday, May 03, 2011 - 02:41 pm: | |
Sa gcaighdeán: "(I) Má bhíonn ainmfhocal (nach ainm dílis) sa ghinideach ag brath ar ainmfhocal baininscneach uatha (nach bhfuil sa ghinideach) ... is iondúil go gcuirtear séimhiú air, e.g., cathaoir shúgáin, súil ghloine, cloch mhine, deoir bhainne, pusaíl ghoil, bean chabhartha, cráin mhuice, aimsir bháistí ... ach ní gnáth séimhiú ar d, t, s i ndiaidh d, n, t, l, s (e.g., saighead draíochta, báid seoil, téad tíre, bean tí, cúirt dúiche, slat tiomána...) ná sna cásanna seo— (a) ar lorg ainmfhocail theibí, e.g., airde fir, breáthacht mná , finne maidine, laige páiste, maise pearsan, uaisleacht meoin; (b) ar lorg ainmfhocail a bhfuil an bhrí cuid, easpa, iomarca leis, e.g., ailp feola, barraíocht plámáis, breis bainne, a chuid cabaireachta, díth céille, easpa tobac, iomarca cainte, roinnt blianta; (c) nuair a ghabhann aidiacht leis an nginideach, e.g., oíche gaoithe móire, scian coise duibhe; (d) maás ginideach comhaisnéise atá ann agus gur daoine atá i gceist, e.g., baintreach fir, óinseach mná (ach séimhiú más ainmhithe nó nithe atá i gceist, e.g., stail chapaill, púróg chloiche); (e) más ball beatha de chuid duine nó ainmhí, nó más páirt de rud, atá i gceist, e.g., adharc bó, aghaidh mná, cos capaill, lámh cailín, súil buachalla; iall bróige, stiúir báid (ach séimhiú nuair a insíonn an ginideach ábhar an ruda, e.g., cos chrainn (=cos adhmaid, cos crainn=bun crainn), culaith bhréidín, coinneal chéireach, tine ghuail); (f) nuair is ainmní no´ gníomhaí an ginideach, e.g., géimneach bó, gáir caillí, mallacht mná, eascaine baintrí, léim capaill, íde béil, coiscéim coiligh. (g) ar ghinideach iolra i ndiaidh cnuasainm, e.g., saithe beach, scuaine gasúr, sealbh caorach, táin bó—ach clann mhac." —leathanach 86 sa gcaighdeán http://www.oireachtas.ie/documents/a-misc/Caighdean20091105.pdf |
|
Cead_ite
Member Username: Cead_ite
Post Number: 21 Registered: 01-2011
| Posted on Tuesday, May 03, 2011 - 03:34 pm: | |
...Ach sea, nuair is ciall theibí fhéin atá i gceist, braitheann sé ar an gcainteoir... |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 1516 Registered: 06-2005
| Posted on Tuesday, May 03, 2011 - 07:56 pm: | |
Mo mhíle buíochas a chara. Is breá liom an chaoi a scríobhann tú sa Gcaighdeán. A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river |
|
|