Author |
Message |
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 3929 Registered: 01-2005
| Posted on Wednesday, April 20, 2011 - 08:13 am: | |
Hallo Le fada ta mé ag cuartu cad é mar a déarfai "an old word" i nGaeilg. Ma deirtear "seanfhocal" ciallann sé "proverb"... An bhfuil baruil agaibh? Grma Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/ |
|
Raic
Member Username: Raic
Post Number: 10 Registered: 06-2010
| Posted on Wednesday, April 20, 2011 - 08:16 am: | |
Cad a mheasann tú fé "focal sean"? B'fhéidir go mbeadh sé sin oiriúnach. |
|
Iolann_fionn
Member Username: Iolann_fionn
Post Number: 40 Registered: 10-2010
| Posted on Wednesday, April 20, 2011 - 09:21 am: | |
focal ársa? |
|
Croga75
Member Username: Croga75
Post Number: 230 Registered: 01-2006
| Posted on Wednesday, April 20, 2011 - 10:20 am: | |
an féidir leat "Seana-Ghaelainn" a úsáid? Ciallaíonn sé "old Irish" ach táid an céanna, beagnach, dar liomsa pé scéal é. Ní bhfaighir faisnéis mara ndeinir fiafraí. |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 3930 Registered: 01-2005
| Posted on Wednesday, April 20, 2011 - 11:13 am: | |
Ni doigh liom go dtig leat "sean" a dh'usaid i ndiaidh an ainmfhocail... Ta "arsa" ceart go leor, grma a Iolainn. Croga > bheadh an fhadhb chéarna le "seanfhocal" agus le "Sean-Ghaeilg", siocair go bhfuil ciall bheacht ag an bheirt acu, ie. proverb agus Old Irish (ie. an Ghaeilg a labhairti/scriobhtai eadar 700 is 1000, abair)... Grma a chairde :-) (Message edited by Lughaidh on April 20, 2011) Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/ |
|
Iolann_fionn
Member Username: Iolann_fionn
Post Number: 41 Registered: 10-2010
| Posted on Wednesday, April 20, 2011 - 11:42 am: | |
Aontaím leat, a Lughaidh, bheadh sé débhríoch go maith 'seanfhocal' a úsáid ó tharla é in úsáid go forleathan le haghaidh 'proverb' an Bhéarla. Is mar sin do 'Sean-Ghaeilge' chomh maith. Focal ón chianaimsir? |
|
Croga75
Member Username: Croga75
Post Number: 231 Registered: 01-2006
| Posted on Wednesday, April 20, 2011 - 11:50 am: | |
ah, ní raibh sin ar eolas agam. grma. Ní bhfaighir faisnéis mara ndeinir fiafraí. |
|
Raic
Member Username: Raic
Post Number: 11 Registered: 06-2010
| Posted on Wednesday, April 20, 2011 - 11:50 am: | |
quote:Ni doigh liom go dtig leat "sean" a dh'usaid i ndiaidh an ainmfhocail... Ah, dheineas dearúd ar sin. D'áirigh sé ait ach ní rabhas cinnte, grma :) |
|
Jeaicín
Member Username: Jeaicín
Post Number: 104 Registered: 01-2011
| Posted on Thursday, April 21, 2011 - 11:42 am: | |
Maidir le "an old word" meastú an bhféadfaí "iarbhéarla" a úsáid? Dar leis na foclóirí "archaic speech" is ciall leis sin. Maidir le "seanchaint" an 'in "auld-fashioned talk" nó "backchat" a bheadh ar siúl ag páiste amhail is dá mba sheanduine é? |
|
Cead_ite
Member Username: Cead_ite
Post Number: 19 Registered: 01-2011
| Posted on Monday, May 02, 2011 - 01:36 am: | |
Agus Séamas Ó Murchú ag caint ar an gcnuasach Idir Shúgradh is Dháiríre le Máirtín Ó Cadhain i gComhar Dheireadh Fómhair na bliana 1980, scríobh sé: "Prós liteartha atá ann ar ndóigh, taobh amuigh de na sliochtanna comhrá. Ach is prós é atá bunaithe go hiomlán beagnach ar Ghaeilge cheantar an údair, ar nós mar tá prós 'Mháire', abair, bunaithe ar Ghaeilge na Rosann. Tá corr-mheafar de chuid an údair thall is abhus ann, ach is beag é le hais a bhfuil i leabhra eile leis. Ar an gcaoi chéanna tá corr-fhocal ársa ann, tríd is tríd níl ann ach stór focal na gnáth-chainte." (Liomsa an bhéim) Haha níl mé ach th'éis an abairt sin a léamh, agus chuimhnigh mé ar an gceist seo agus shíl mé sompla breise a thairiscint dhaoibh... |
|