quote:Á, a Lughaidh, ná bí ciniciúil.
Chan ciniciuil ata mé ach réalaioch :-)
quote:Má scríobhann Jeaicín mar mise go bhfuil léamh, scríobh, agus labhairt na Gaeilge agam an bréag é?
Cha bréag siocair go bhfuil Gaeilg agaibh. Ach 's iomai Eireannach a deireann go bhfuil Gaeilg aige, nuair nach bhfuil, ach cupla focal.
Muna bhfuil ach "Dia duit", "Go raibh maith agad" agus "Slainte" ag duine ni féidir a raidht gur Gaeilgeoir é na go bhfuil Gaeilg aige na go bhfuil sé liofa... (na gur cainteoir duchais é!).
quote:Ní bréaga a bheidh sa daonáireamh ach léargas ar dhearcadh an phobail.
Is i an fhirinne ata tabhachtach in suirbhé mar sin, ni a sileann an pobal. Ghnithear staidéar ar bharulacha an phobail i suirbhéannai eile, ach ni i ndaonairimh. No ba choir achan rud a theisteaint ar dhoigh eile, agus seo a scriobh :
- Sileann x% do na hEireannaigh go bhfuil Gaeilg acu.
in ait
- Ta Gaeilg ag x% do na hEireannaigh.
Cad é toradh a leithéid do bhréag? Creidfear nach bhfuil an Ghaeilg i gcontuirt siocair go bhfuil si ag choir a bheith achan Eireannach, agus mar sin, nach ga tacaiocht a thabhairt daoithe.
quote:Ceist agam ort: an gcuirtear a leithéid de cheisteanna daonáirimh sa Bhriotáin agus dá gcuirfí nár mhaith leatsa go mbeadh milliún go leith ag maíomh go bhfuil smeadar éigin Briotáinise ar eolas acu?
Cha gcurtar a leithéid do cheist ins an Bhriotain ar chor ar bith : is réigiun don Fhrainc an Bhriotain, agus mar sin ghnithear mar in achan réigiun eile don Fhrainc, ie. dheamhan a dheath usaideach fa choinne na dteangthach sin. Agus cha ndéantar suirbhé ar bith fa theangthacha na Fraince. Siocair gur chuma leis an rialtas fa dtaobh daofa...
Char mhaith liom go mbeadh milliun go leith do na Briotanaigh ag maiomh go bhfuil Briotainis acu muna bhfuil sé fior. Cha bheadh maith ar bith ann, mar go silfi, arist, nach bhfuil an teangaidh i gcontuirt, so nar gha tacaiocht a thabhairt daoithe (cibé ta a fhios, de thairbhe an Unesco mar shompla, go bhfuil an teangaidh i gcontuirt mhor, ach ina dhiaidh sin cha ndéantar moran leis an teangaidh a shabhail anseo).
quote:Bíodh dáimh agat linn.
Ta daimh agam libh, ach chan maith liom bréaga mar chuid an tsuirbhé sin, siocair nach dtig maith ar bith as...
Is fearr bheith macanta agus amhanc ar na fadhbannai ata ann, agus réiteach a chuartu...