Ar son an craic, chuas isteach sa cheann desna siopai sa Dhaingean agus mo chara liom d'fhonn is go mbeidis ar roinnt Gaelainn a bhaint usaid asti. Ar aon nos, chuir mo chara an cheist seo ar an siopadoir: 'An bhfuil a fhios agat an bhfuil aon ostan san ait seo?' (Cuimhnigi, bhiomair ag scrudu an bhfuil na muintir aitiuil in ann Gaelainn a usaid). Ar aon nos, d'fhreagair an ban an ceist leis an abairt briste seo: 'Ostan?... bhuel,(ni cuimhin liom an chead ait a thug si duinn, bron orm) agus Benner's. Sin a bhfuil'. D'fhagamar an ait agus dioma orainn tar eis an leithsceal den abairt san. Deirim libh, bhi tuilleadh Gaelainn againn na i fein i bhfeighil an siopa san.
'mar ná beidh ár leithidí arís ann' -Tomás O'Croitháin (An t-Oiléanach)
Labhair a lán daoine Gaeilge nó "Gaolainn" liomsa nuair a bhíos sa Daingean an uair dheiridh. Bhí ionadh orm go raibh an teanga ar eolas chomh maith sin acu.
B'fhearr ceist mar seo a chur uirthi: an bhféadfá a rá liom cá bhfaighinn lóistín anocht? Chuirfeadh sí siúd ceisteanna ortsa ansin féachaint cén sort lóistín a bhí uaibh.
Ní maith le haon duine go mbeadh strainséirí ag teacht isteach ag cur scrúdú teangan orthu. Bhí an t-ádh ort gur léirigh an bhean sin gur thuig sí do cheist agus gur thug sí an t-eolas duit... Ar ndóigh ní raibh tú ag súil go mbéarfadh sí barróg ort dod' phógadh agus go n-inseodh sí scéal a beatha duit i nGaelainn?
Caithfidh go bhfuil muintir an Daingin cráite ag bhur léithéidne.
Mar a tharla do Jeaicín labhair a lán daoine Gaolainn liomsa freisin nuair a thosaigh m e ag labhairt leo i nGaeilge. Is léir go bhfuil neart Gaeilge ag óg agus aosta sa Daingean ach níl an nósmhaireacht teangan acu Gaeilge a labhairt le chéile ach Béarla a labhairt agus Gaeilge a labhairt le mhuintir na Gaeltachta agus bhféidir scoláirí Gaeilge. Nach ait é sin? Nuair a chuir mé ceist orthu canataobh nach labhrann siad Gaeilge cé go bhfuil Gaeilge líofa acu dúirt fear amháin gur teanga na h-iascairí agus daoine boichte í- sin fear sna tríochaidí!!
Nuair a chuir mé ceist orthu canataobh nach labhrann siad Gaeilge cé go bhfuil Gaeilge líofa acu dúirt fear amháin gur teanga na h-iascairí agus daoine boichte í- sin fear sna tríochaidí!!