Author |
Message |
Iolann_fionn
Member Username: Iolann_fionn
Post Number: 29 Registered: 10-2010
| Posted on Thursday, February 10, 2011 - 06:10 am: | |
A chairde na páirte, An cor cainte é seo (le fáil in Ó Dónaill) Chuaigh seisean an t-áth agus mise an clochán? Rud beag eile de, clochán = stepping stones in ó Dónaill agus tugann sé clocháin mar uimhir iolra, ní fheictear dom ciall ná réasún a bheith leis sin, más é an uimhir iolra atá i gceist sa leagan Gaeilge? GRMA |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 11392 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, February 10, 2011 - 06:26 am: | |
Cad é go díreach do cheist? I crossed at the ford, and he crossed at the stepping stones. Níl fhios agam cén chiall a bheadh le baint as; shamhlóinn gur rud éigin cosúil le "tá níos mó na bealach amháin rud a dhéanamh" atá i gceist ach níl fianaise agam do sin. Maidir leis an iolra: Bheadh clochán i níos mó na ait amháin - mar sin, is féidir iolra a bheith i gceist. Tá focail eile ann ar áit le uisce a thrasnú; "cara" mar shampla. |
|
Iolann_fionn
Member Username: Iolann_fionn
Post Number: 30 Registered: 10-2010
| Posted on Thursday, February 10, 2011 - 06:38 am: | |
Níl ann ach gur shíl mé go raibh dul an bhéaloidis air, tá frása béaloidis ar bharr mo theanga agam atá an-chosúil leis sin ach dheamhan má thig liom cuimhneamh go díreach air anois. Grma as an méid sin faoi 'chlochán' a mhíniú dom. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 11393 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, February 10, 2011 - 06:59 am: | |
Is iomaí abairt ón mbéaloideas atá ag an Dálach. Chnuasaigh Maolmhaodhóg Ó Ruairc iad: http://www.litriocht.com/shop/product_info.php?products_id=249 Cén ceannfhocal atá i gceist? An bhfuil míniú tugtha ag an Dálach? (Message edited by aonghus on February 10, 2011) |
|
Croga75
Member Username: Croga75
Post Number: 202 Registered: 01-2006
| Posted on Thursday, February 10, 2011 - 10:44 am: | |
A Aonghuis, Do bhíos ag lorg don leabhar san, ach níorbh fhéidir liom é d'fháil i n-aon chor. Do fuaireas "Gaelic Idiom" ach tá sé Béarla - Gaelainn. Go raibh míle maith agat. (Gabh mo leithscéal dom' dhroch-ghramadach má tá aon anso) Má tá Gaelainn agat, labhair amach í! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 11397 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, February 10, 2011 - 10:55 am: | |
Níl a bhuíochas ort. Tá leabhar Bannister agam, agus níl an ceann seo. (Ach tá Ó Dónaill) |
|
Iolann_fionn
Member Username: Iolann_fionn
Post Number: 31 Registered: 10-2010
| Posted on Thursday, February 10, 2011 - 11:06 am: | |
Ní abairtí ó bhéaloideas amháin atá sa leabhar seo, ach cnuasach cor cainte atá le fáil in Ó Dónaill, sílim. Is éard a bhí i gceist agam leis an tagairt don bhéaloideas, shíl mé go raibh sé cosúil le ruathag a bhíodh ag na seanchaithe fadó, ach tá ag dul díom cuimhneamh air, mar a dúirt mé! |
|
Croga75
Member Username: Croga75
Post Number: 203 Registered: 01-2006
| Posted on Thursday, February 10, 2011 - 11:16 am: | |
An bhfuil an leabhar Bannister atá agat an céanna mar 'Nathanna na Gaeilge' le Garry Bannister? Má tá, táim tar éis lorg é ach tá sé as cló, go chonac, cibe ar bith. An bhfuil a fhios agat aon áit go bhféidir liom é d'fháil? Má tá Gaelainn agat, labhair amach í! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 11398 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, February 10, 2011 - 11:36 am: | |
"Gaelic Idioms" atá air más buan mo chuimhne. An ceann seo: http://www.litriocht.com/shop/product_info.php?products_id=2107 Ní dóigh liom gur ruthag atá i gceist, ach tuigim cad atá i gceist agat: leithéidí "Rinne siad talamh crua den talamh bog, agus bog den chrua, tharraing siad toibreacha fíoruisce aníos as na carraigeacha" 7rl |
|
Croga75
Member Username: Croga75
Post Number: 204 Registered: 01-2006
| Posted on Thursday, February 10, 2011 - 12:24 pm: | |
Do chonac Gaelic Idioms ar Litríocht an lá eile ach mé ag lorg leabhar 'idiom' ó Ghaelainn - Béarla. Deir sé ar an leathanach do Gaelic Idioms go mbeidh leabhair ó nGaelainn - Béarla i ndeireadh na bliana, ach níl a fhios agam nuair a raibh scríte é sin. Ní thuigim an dara cuid fén líne. Ní raibh sé 'for me' ,táim ag smaoineamh. lol Má tá Gaelainn agat, labhair amach í! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 11399 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, February 10, 2011 - 02:30 pm: | |
Ní duitse é; rud a dúirt Iolann Fionn a spreag. |
|