Author |
Message |
Iolann_fionn
Member Username: Iolann_fionn
Post Number: 26 Registered: 10-2010
| Posted on Wednesday, February 02, 2011 - 06:46 am: | |
Tá an frása'An chomaoin chéanna ort!' faoi 'comaoin' i bhfoclóir Néill Uí Dhónaill = The same to you! Cá huair a úsáidtear seo - le dea-rún nó le mioscais? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 11354 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, February 02, 2011 - 07:02 am: | |
Níl sé cloiste agam, ach samhlaím le dea-rún é comaoin [ainmfhocal baininscneach den dara díochlaonadh] fabhar, oibleagáid (comaoin a chur ar dhuine, bheith faoi chomaoin aige); cúiteamh i bhfabhar (i gcomaoin a ndearna sé dom); maisiú, feabhas (comaoin ar scéimh seod); tabhartas, ofráil (comaoin Aifrinn). |
|
Iolann_fionn
Member Username: Iolann_fionn
Post Number: 27 Registered: 10-2010
| Posted on Wednesday, February 02, 2011 - 07:27 am: | |
Tá abairt anseo agam - "Ceapann tú gur mór an chomaoin atá tú a chur ormsa an grúdarlach sin ar thóin an phionta a fhágáil agam? le deargíoróin Anois sa Dálach tá an abairt seo Is deas an chomaoin orm mo pheann a thabhairt leat = it is a nice way you repay me by taking my pen. An é nach bhfuil de dhifear eatartu seo ach 'atá tú a chur' agus gur cuma ann nó as é? An ionann iad seo? Ceapann tú gur mór an chomaoin atá tú a chur ormsa an grúdarlach sin... = Ceapann tú gur mór an chomaoin ormsa an grúdarlach sin... Is deas an chomaoin orm mo pheann a thabhairt leat = Is deas an chomaoin atá tú a chur orm orm mo pheann a thabhairt leat Is iontach na rudaí atá ar shlí a ráite sa Ghaeilge nach ndeirtear! Déarfainn go bhfuil neart frásaí a fáisceadh as an íoróin - gné amháin a bheadh ag deacair ag foghlaimeoirí, déarfainn - aon samplaí agaibh féin? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 11355 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, February 02, 2011 - 08:06 am: | |
Tá an dá sampla sin diúltach, agus íoróin á úsáid. |
|
Iolann_fionn
Member Username: Iolann_fionn
Post Number: 28 Registered: 10-2010
| Posted on Wednesday, February 02, 2011 - 09:27 am: | |
Tá, ach dar liom gurb in an rud is deacra ag foghlaimeoirí- bríonna caolchúiseacha a aithint in abairtí, abairtí íorónta, go háirithe, nach n-aitheofá orthu go bhfuil teachtaireacht dhfiriúil ann nach léir dó/di. Na samplaí seo, fágaim: Tuilleadh bisigh ort! Iron: Bad luck to you! Ba dheas mo ghnó ar aonach! Seans go n-aithneofaí ó ghlór agus ó urlabhra an chainteora é i gcomhrá ach cá bhfágann sin an duine bocht atá ag iarraidh an bhrí sin a bhaint as téacs! 'Bhfuil samplaí agat féin dá leithéid? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 11358 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, February 02, 2011 - 10:35 am: | |
Ní ritheann dada liom - is dócha ná beadh an deacracht agam agus mé á léamh i gcomhthéacs agus mar sin nach neadaíonn siad i'm intinn. |
|