quote:Ciallann "a theacht" "to come", ni ach an infinitive féin.
Ina cheann san, níor mhiste a lua gur féidir frása go bhfuil a + ainm bhriathartha ann a dh'úsáid mar a bheadh cuspóir briathair nó faisnéis na copaile ann. Féach, a leithéid seo:
Ní maith liom (é) a theacht anso chomh luath san ar maidin = I don't like him/his coming here so early in the morning
Ag labhairt ar na leanaí a dhul abhaile luath ón scoil a bhíomair = We were talking about the children going home early from school
Níl as bhéal an bhig is an mhóir fé láthair ach an Taoiseach a (dh')éirí as oifig = Everyone at the moment is talking about the Taoiseach resigning
Polaiteoirí a rá na fírinne, a deireann tú?! Nea-meabhair siar ó thuaidh! = Politician telling the truth, you say? Nonsense of the highest order!
Níor cheart "ag" a chuir in "a" in aon cheann dos na habairtí sin thuas.
quote:Ansin ciallann "le teacht" rud inteacht mar "ready to come" (no "in order to come" in abairti eile).
Is fíor dhuit, a Lughaidh.
Tá Síle le dul abhaile go Meirice amáireach = Síle is due/suppposed to go home to America tomorrow.
Tá an-chuid oibre le déanamh fós againn = We still have a great deal of work to do