Author |
Message |
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 1301 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, January 24, 2011 - 04:44 am: | |
Tá m'fhear céile ina athair baistí le cailín óg in iarthar na hÉireann, agus tá sí leis an gcéad Chomaoineach a dhéanamh mí na Bealtaine. Ní le hEaglais na Róimhe ceachtar againn agus níl mórán eolas againn i dtaobh an searmanais seo; tuigimid an brí spioradálta atá leis ach nílimid eolach air mar shearmanas. Iarradh orainn bheith i láthair, agus tá muid lántoilteanach a dhul ann ach níl muid cinnte an féidir linn, mar gheall ar an aistear. Cé chomh fada is a mhaireann aifreann an Chéad Chomaoineach de ghnáth? Arbh fhéidir dúinn freastal ar a leithéid in oirthear an Chláir (in aice leis an Scairbh) agus filleadh ar BhÁC le traen, bus nó eile in am d'eitilt ag a 5pm? Ní maith liom tiomáint ach is féidir liom í. Nó an gcuirfear party mór ar siúl sa tráthnóna agus an gá d'athair baistí bheith aige sin chomh maith? Caithfidh mé admháil nach bhfuil tuairim dá laghad agam céard a bhaineanns lena leithéid d'ócáidí in Éirinn. Ceist eile - dá mb'amhlaidh nárbh fhéidir dúinn dhul ann, cén sórt bronntanais a bheadh feiliúnach dar libh? (Message edited by Abigail on January 24, 2011) Tá fáilte roimh chuile cheartú! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 11275 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, January 24, 2011 - 04:52 am: | |
quote:Cé chomh fada is a mhaireann aifreann na Chéad Chomaoineach de ghnáth? Thart ar uair an chloig don Aifreann féin. Ach is minic go mbíonn ar a laghad lón/"bricfeasta" i gceist, agus shamhlóinn go mbeadh súil libh aige sin. Maidir le bronntanas, is eagal liom a rá gurbh airgead an ghnáth bronntanas. (Dá mba mise a bheadh ann, agus mé i mo Charas Chríost, is rud éigin a bhfuil baint aige leis an gCreideamh a thabharfainn - ach tuigim bhur gcás. Tá rudaí ar fáil anseo http://www.veritas.ie/Gifts/First_Communion/list2.aspx - b'fhéidir go mhaith libh smaoineamh ar slabhra nó a leithéidí?) |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 11276 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, January 24, 2011 - 04:56 am: | |
Maidir le bus nó traen, déan dearmad air. Fiú tiomáint bheadh dúshlán ag baint leis. An mbeadh eitilt ar fáil go dtí an Sionainn? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 11277 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, January 24, 2011 - 04:57 am: | |
|
|
Corkirish
Member Username: Corkirish
Post Number: 790 Registered: 10-2010
| Posted on Monday, January 24, 2011 - 05:04 am: | |
A Abigail, conas taíonn tú? Is fada nár chuiris teachtaireacht anso! Ní Éireannach me, ach tá 'fhios agam ní rud rómhór an Chéad Chomaoine. Ní mhaireann an tAifreann san níos sia ná mar is coitianta don Chomaoine - uair a' chloig, b'fhéidir. B'fhéidir go mbeadh party nó rud den tsórd san ann, ach rud is tábhachtaí, dar liom, an tseirbhís féin, agus an guna a chuireann na cailíní óga úmpu, agus an chaoi a bheadh ann grianghraif dheasa a thógaint. Máidir le bronntanas - ní dó' liom go mbeadh brath air go gceannófí bronntanas daor mar gheall air an gCead Chomaoine. B'fhéidir ná beadh brath air bronntanas ar bith? Ach mura bhfuil sibh ábalta ar dhul ann, b'fhéidir go gcuirfeadh sibh bronntanas tímpall le 20 iúró in inead dul ann? Ní dó' liom go mbeadh aon ghá agaibh le dul ann, go mór mór mura bhfuil sibh in úr gcónaí in Éirinn... Ní bheidís-sean ag brath air, ar ao' chuma... |
|
Corkirish
Member Username: Corkirish
Post Number: 791 Registered: 10-2010
| Posted on Monday, January 24, 2011 - 05:09 am: | |
Rud is símplí - fiche iúró a chur chun an cháilín óig le Paypal! Níos saoire go mór ná ticéad eitleáin a cheannach! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 11278 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, January 24, 2011 - 05:17 am: | |
quote:ní rud rómhór an Chéad Chomaoine Tá breall ort! Buaicphointe is ea é do na daoine óga: faraor ar chúinsí saolta seachas diaga. |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 1302 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, January 24, 2011 - 05:25 am: | |
B'fhéidir é. Tá a fhios agam nach bhfuil eitilt díreach idir aerfort na Sionainne agus áit ar bith san Eilvéis, ach más féidir stad a dhéanamh áit eicínt eile... (Is amhlaidh gur gá do m'fhear bheith ar ais ag obair maidin Dé Luain - sin é an fhadhb!) Tá fáilte roimh chuile cheartú! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 11279 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, January 24, 2011 - 05:37 am: | |
An ar Domhnach atá sé? Go hiondúil is ar Satharn a bhíonn na searmanais seo. |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 1303 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, January 24, 2011 - 06:15 am: | |
GRMMAibh as ucht an chomhairle go léir! Maidir le súil a bheith linn, is cosúil go bhfuil. Ní ag an gcailín óg féin ach ag a hathair agus ag a haintín go háirithe. Seanchara le m'fhear í siúd (.i. sean-Kollegin statt sean-Freundin - tuigeann tú mé, a Aonghuis!) agus is cosúil gur mar gheall uirthise a ainmníodh é ina chara Chríost sa gcéad dul síos. Ba mhór aici gan amhras muid a bheith ann... agus mar a dúirt mé cheana bheadh áthas orainn féin a bheith ann, ach an rud nach féidir linn, ní féidir dúinn é. B'éasca go mór cuairt a thabhairt orthu sa samhradh, nuair a bheas saoire againn beirt, ach mar a deir Aonghus is cosúil gur buaicphointe é seo i saol an ghearrchailín. Hmm. Déanfaimid ár ndícheall ach níl mé ró-dhóchasach. Tá fáilte roimh chuile cheartú! |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 1304 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, January 24, 2011 - 06:18 am: | |
quote:An ar Domhnach atá sé? Go hiondúil is ar Satharn a bhíonn na searmanais seo. Is dóigh liom gur 15 Bealtaine an dáta a luaíodh (agus sin Domhnach, nach ea?) ach cuirfidh mé ceist arís ar an aintín. Más ar an Satharn atá sé ní fadhb ar bith é! Tá fáilte roimh chuile cheartú! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 11280 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, January 24, 2011 - 06:29 am: | |
|
|