Luaigh Ailín an sliocht seo:
" 'An Ula Thosaig', 'An Ula Láir', 'An Ula Mhuar Dhéanach': mar a dtugathar an t'rus sa reilig i mBaile Mhúirne. Tá an Ula Thosaig i dtaobh amù do gheata na reilige. Tá an Ula Láir i dtaobh istig don gheata. Isé an teampall an Ula Mhuar Dhéanach. Gheofá* tímpal orthu so go léir nuair a bhefá a' rá na bpaidireacha" - Seanachas Amhlaoibh Í Luínse, lch 21
* = ghabhfá
Agus mé ag léamh Camchuairt Chonamara Theas ar maidin tháinig mé ar seo:
Is é an seaniarsma is tábhachtaí atá ar Chnoc an Chaisil an tuama meigiliteach a dtugtar Altóir nó Altóir Ula ar go háitiúil.
(Ciallaíonn ula tuama nó ionad aithrí) http://www.litriocht.com/shop/product_info.php?products_id=4282 (Message edited by aonghus on January 11, 2011)