Author |
Message |
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 11113 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, January 07, 2011 - 03:54 pm: | |
Is minic aistí leis an teideal "On " sa Bhéarla; nó "De " sa Laidin. Cén ghlan Ghaeilge a d'fhéadfaí chuir ar sin? "Maidir le"? Mothaím go bhfuil "Ar " ciotach. |
|
Ggn
Member Username: Ggn
Post Number: 357 Registered: 08-2008
| Posted on Friday, January 07, 2011 - 03:58 pm: | |
Dùradh liomsa i gcònaì gurbh fhearr de rèir cheart na Gaeilge a bheith ag labhairt ar rud nà faoi rud, nìl a fhios s'agam beo mà tà sè si àbhartha ar chaoi ar bith. (Message edited by ggn on January 07, 2011) |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 11114 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, January 07, 2011 - 04:04 pm: | |
labhairt ar rud seachas faoi rud Cinnte; sin a bheadh agamsa. Ach mothaím go bhfuil, abair "Ar an idirlíon" mar theideal ciotach. |
|
Ed Foley (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Saturday, January 08, 2011 - 02:10 pm: | |
a Aonghuis, ní saineolaí mé ach, táim ag léamh 'Na hAistí' le Montaigne a aistrigh Breandán O Doibhlin ó Fhraincís go Gaeilge. Ta a lán teideal ar nós 'den phaidreoireacht' agus 'den léitheoireacht' istigh ann. Tá súil agam go gcabhraíonn sé seo leat. p.s. I'd just like to say that your posts have often been of great help to me in my struggles with the language. I'm sure that many other visitors to this site share my appreciation of your help. Please excuse my poor Irish above. Go raibh mile maith agat! |
|