mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2011 (January-February) » Archive through January 13, 2011 » Scéilín grinn don séasúr « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 11106
Registered: 08-2004


Posted on Friday, January 07, 2011 - 04:17 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

(Don lá inné, ó cheart)

Tháinig triúir manach chuig an stábla i mBeithil.

Dúirt an Proinsiasach le Muire: ofrálaim daoibh miorr mo bhochtanais.
Dúirt an Beinidicteach: ofrálaim daoibh tús m'urnaí.

Thóg an Íosánach Seosamh i leataobh agus chuir cogar ian chluas: "Fág a chuid oideachais siúd fúinne. Déanfaidh muide fear fiúntach de"

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Taidhgín
Member
Username: Taidhgín

Post Number: 1116
Registered: 07-2006
Posted on Friday, January 07, 2011 - 05:49 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Heh! Heh! Heh!

Agus ina ionad sin d'fhoghlaim sé eagna na nGiúdach sa Phailistín.

Tá fabht éigin sa stair ansin agat, a Aonghuis.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Taidhgín
Member
Username: Taidhgín

Post Number: 1117
Registered: 07-2006
Posted on Friday, January 07, 2011 - 06:18 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Meabhraíonn scéal scéal eile:

Chuaigh Oliver Flanagan, TD, ar cuairt chun na Róimhe go bhfeiceadh sé an Pápa. Fear diaganta cráifeach ab ea Oliver mar is eol do chách.

Ar shroichint na Róimhe dó d'aimsigh sé Cearnóg Pheadair agus rinne sé a bhealach ar chaoi éigin go dtí tosach an tslua chun go bhfeicfeadh an Pápa é.

Faoi chionn scaithimh chonaic sé an Pápa ag siúl anuas ina threo agus bhí sé cinnte go labhródh sé leis. Thit an lug ar an lag ar Oliver nuair a chuaigh an Pápa thairis go dtí bodach bóthair a bhí taobh leis, rug barróg air, phóg a leicne ar chlé is ar dheis, agus labhair go cneasta de chogar ina chluais.

Abair díomá. D'fhéach Oliver ar an mbodach agus ar na giobail a bhí air. D'airigh sé seanbholadh bréan an bhochtanais. Bhuail smaoineamh é.

An lá dár gcionn sheas Oliver san áit chéanna i mbealach an Phápa agus é gléasta in éadaí an bhochtáin. Tháinig an Pápa anuas i measc na ndaoine á mbeannú ar dheis is ar chlé. Thug sé an fear bocht truacánta faoi deara. Dhírigh sé air. Rug barróg air. Phóg a leicne. Labhair sé os íseal leis agus dúirt:
"Shíl mise go ndúirt mise leatsa inné bailiú leat agus gan teacht ar ais anseo go deo arís!"

Sin m'aistriúchánsa ar a chuid focal. Ní "bailigh leat" a dúirt sé áfach ach rud éigin cosúil le "blíp blíp" in Iodáilis.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 11107
Registered: 08-2004


Posted on Friday, January 07, 2011 - 06:35 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Togha!



©Daltaí na Gaeilge