mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2011 (January-February) » Archive through January 13, 2011 » "recently" « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Corkirish
Member
Username: Corkirish

Post Number: 536
Registered: 10-2010
Posted on Tuesday, January 04, 2011 - 08:58 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

le déanaí
le deireanaí (le deiriní)

is there any difference between these two? I don't think there is. Come to think of it, is there a difference between déanach and deireanach (deirineach)?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 11016
Registered: 08-2004


Posted on Tuesday, January 04, 2011 - 09:07 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

You can add "le deireanas" into the mix.

And I'm not aware of any difference in meaning, or any reason to prefer one over the other.

(But I'd usually use "le déanaí")

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 11017
Registered: 08-2004


Posted on Tuesday, January 04, 2011 - 09:08 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

quote:

is there a difference between déanach and deireanach (deirineach)?



Deireanach can mean last: déanach is not often used in that sense.

deireanach [aidiacht den chéad díochlaonadh]
déanach; chun deiridh, i ndiaidh gach uile shórt; mall.

déanach [aidiacht den chéad díochlaonadh]
deireanach, mall.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Carmanach
Member
Username: Carmanach

Post Number: 917
Registered: 04-2009
Posted on Tuesday, January 04, 2011 - 10:25 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

quote:

Deireanach can mean last: déanach is not often used in that sense.



Not true. Déanach and deireanach are interchangeable. Both mean "late" or "last" depending on the context.

le déanaí
le deireanaí
le deireanas
go déanach
go deireanach

All of the above mean "recently", "lately", "of late".

In Corca Dhuibhne deireanach is pronounced /d'ernəx/.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 11020
Registered: 08-2004


Posted on Tuesday, January 04, 2011 - 10:32 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Scríobh mé "not often" - i mo thaithí ar a laghad. Is fíor annamh a chuala nó a léigh mé déanach leis an gciall "last".

Nó an é go bhfuil taithí eile agat?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Carmanach
Member
Username: Carmanach

Post Number: 919
Registered: 04-2009
Posted on Tuesday, January 04, 2011 - 11:03 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

quote:

Scríobh mé "not often" - i mo thaithí ar a laghad. Is fíor annamh a chuala nó a léigh mé déanach leis an gciall "last".

Nó an é go bhfuil taithí eile agat?



I gcead duitse, a Aonghuis ach ní cainteoir dúchais Gaeltachta tu. Tá fuílleach samplaí agamsa do "déanach" agus ciall "last" leis. Seo dhuit dornán beag doibh:

Fágfaimid an focal déanach agatsa (An Saol ó Dheas, Mícheál Ó Sé)
b’shiní an phréamh dhéanach do mhuíntir Iarlaithe bhí i mBaile Mhúirne; and she was the last root, last of the Hurley stock, lineage in Ballyvourney, (Seanchas Amhlaoibh Í Luínse:1)
An Ula Mhuar Dhéanach; (SAL:21)
aimsir an chogaidh dhéanaigh; at the time of the last war, (Gaeilge Chorca Dhuibhne, Ó Sé:143),
Nach aon tSatharn déanach don mí; every last Saturday of the month, (GCD:72)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 11021
Registered: 08-2004


Posted on Tuesday, January 04, 2011 - 11:07 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Go breá; sin an freagra a bhí á lorg agam! Rud amháin brí a bheith ceart de réir na foclóirí; rud eile é bheith sa chaint. Mar is eol duit, is léitheoir leathan mé, agus is annamh a tháinig trasna go dtí seo ar an mbrí úd.

An bhfuil aon idirdhealú is féidir a dhéanamh idir na leaganacha seo?

Dála an scéil, cén saghas rud é "An Ula Mhuar Dhéanach"?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Carmanach
Member
Username: Carmanach

Post Number: 921
Registered: 04-2009
Posted on Tuesday, January 04, 2011 - 11:35 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

quote:

Rud amháin brí a bheith ceart de réir na foclóirí; rud eile é bheith sa chaint



Tá "late" agus "last" araon luaite le "déanach" sa dá fhoclóir, a Aonghuis.

quote:

An bhfuil aon idirdhealú is féidir a dhéanamh idir na leaganacha seo?



Mar a chéile iad.

quote:

Dála an scéil, cén saghas rud é "An Ula Mhuar Dhéanach"?



" 'An Ula Thosaig', 'An Ula Láir', 'An Ula Mhuar Dhéanach': mar a dtugathar an t'rus sa reilig i mBaile Mhúirne. Tá an Ula Thosaig i dtaobh amù do gheata na reilige. Tá an Ula Láir i dtaobh istig don gheata. Isé an teampall an Ula Mhuar Dhéanach. Gheofá* tímpal orthu so go léir nuair a bhefá a' rá na bpaidireacha" - Seanachas Amhlaoibh Í Luínse, lch 21

* = ghabhfá

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 11022
Registered: 08-2004


Posted on Tuesday, January 04, 2011 - 11:41 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

quote:

Tá "late" agus "last" araon luaite le "déanach" sa dá fhoclóir, a Aonghuis.



Rud nár shéan mé: ach is iomaí leagan atá sa bhfoclóir nach bhfuil sa chaint (níos mó) nó atá fíor annamh.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Carmanach
Member
Username: Carmanach

Post Number: 923
Registered: 04-2009
Posted on Tuesday, January 04, 2011 - 11:49 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

quote:

Rud nár shéan mé: ach is iomaí leagan atá sa bhfoclóir nach bhfuil sa chaint (níos mó) nó atá fíor annamh.



Rud nách fíor i gcás déanach - late agus déanach - last; tá san coitianta sa ghnáthchaint. Tá súil agam go dtuigeann gach éinne againn anso gurb ionann "sa chaint" agus "i mbeochaint na Gaeltachta" agus nach é "caint Ráth Fearnáin agus Stigh Lorgan" atátar a rá.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 11024
Registered: 08-2004


Posted on Tuesday, January 04, 2011 - 11:51 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ní chleachtaím ceachtar áit ró mhinic: agus gan amhras is caint na Gaeltachta a bhí i gceist agam. Ach is léir gur mithid dom éisteach níos géire!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Sineadw
Member
Username: Sineadw

Post Number: 562
Registered: 06-2009
Posted on Tuesday, January 04, 2011 - 02:31 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

And 'Ar na mallaibh' in Donegal.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Carmanach
Member
Username: Carmanach

Post Number: 928
Registered: 04-2009
Posted on Tuesday, January 04, 2011 - 02:46 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

quote:

And 'Ar na mallaibh' in Donegal.



Indeed. We also have "le gairid" in Connachta.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Corkirish
Member
Username: Corkirish

Post Number: 541
Registered: 10-2010
Posted on Tuesday, January 04, 2011 - 03:13 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

A mhná uaisle, a Charmanaigh agus a Aonghus! Ná bígis ag déanamh aighnis mar gheall ar mo cheist! B'fhéidir go bhfuil an dá fhocal curtha thrí chéile sa Ghaeltacht féin, ach, mar go bhfuil naisc idir "deireadh" agus "deirineach", ba chóir go mbeadh "last" mar bhrí le "deirineach", ní le "déanach".

Ach, a Charmanaigh, cad mar gheall air an "n" i lár "deirineach"? Tá leitriú deirineach ag an Athair Peadar...

[how do you say "what about?" I assumed "cad mar gheall ar", but haven't come across an appropriate thing]

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Carmanach
Member
Username: Carmanach

Post Number: 931
Registered: 04-2009
Posted on Tuesday, January 04, 2011 - 03:53 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

"A mhná uaisle"? An bhfuil bean eile sochas Sinéad farainn?

quote:

ba chóir go mbeadh "last" mar bhrí le "deirineach", ní le "déanach".



Cana thaobh? Ní hé sin an gnás. Níl aon deifir eatarthu ó thaobh céille dho; in aigne an Bhéarlóra amháin a meastar deifir a bheith ideir "late" agus "last".

quote:

Ach, a Charmanaigh, cad mar gheall air an "n" i lár "deirineach"? Tá leitriú deirineach ag an Athair Peadar...



Maith go leor. Sin é an leitriú a bhí aige féin nó a bhainis le Múscraí Thiar. Níl aon locht air.

quote:

[how do you say "what about?" I assumed "cad mar gheall ar", but haven't come across an appropriate thing]



Cad mar gheall air sin?
Cad é a déarfá leis sin?
Cad é do mheas air sin?
Cad é do thuairim air sin?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Corkirish
Member
Username: Corkirish

Post Number: 542
Registered: 10-2010
Posted on Tuesday, January 04, 2011 - 04:01 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

>>>n aigne an Bhéarlóra amháin a meastar deifir a bheith ideir "late" agus "last".
---------------------------------------

Ó! Dealraíonn sé go bhfuil an ceart agat! b'fhéidir gurbh é an focal céanna iad ar dtúis sa Bhéarla chomh maith?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Carmanach
Member
Username: Carmanach

Post Number: 933
Registered: 04-2009
Posted on Tuesday, January 04, 2011 - 04:13 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

quote:

b'fhéidir gurbh é an focal céanna iad ar dtúis sa Bhéarla chomh maith?



B'fhéidir é

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Taidhgín
Member
Username: Taidhgín

Post Number: 1108
Registered: 07-2006
Posted on Tuesday, January 04, 2011 - 04:46 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Mhoithigh mé "go deiridh" i gCill Ghallagáin, Iorrais. "Cén uair a bhí tú anseo go deiridh?" Glacaim leis gur "When last were you here?" ba bhrí leis.

Ní i mbun staidéir teangeolaíochta a bhíos ach ar mo bhealach abhaile ón Pub le fear an lóistín ina rabhas ag cur fúm. D'fheannfadh sé thú le caoile na gconsan caol aige. B'aigesean agus ag a chomhluadar a bhí an Ghaeilge ba bhinne dár chualas ariamh. Iad go léir ar shlí na fírinne anois, mo léan.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Corkirish
Member
Username: Corkirish

Post Number: 543
Registered: 10-2010
Posted on Tuesday, January 04, 2011 - 05:20 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Go deiridh = until the end.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Taidhgín
Member
Username: Taidhgín

Post Number: 1109
Registered: 07-2006
Posted on Tuesday, January 04, 2011 - 07:13 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

go deiridh - an adverb: lastly

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Sineadw
Member
Username: Sineadw

Post Number: 565
Registered: 06-2009
Posted on Wednesday, January 05, 2011 - 12:02 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Go deireanach is used like that by at least some native speakers in Conamara



©Daltaí na Gaeilge