mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2011 (January-February) » Archive through January 05, 2011 » Aomhóg < naomhóg etc. « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Carmanach
Member
Username: Carmanach

Post Number: 912
Registered: 04-2009
Posted on Monday, January 03, 2011 - 04:35 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Labhramair anso cheana ar leaganacha do shaghas "aomhóg" i nGaelainn Chorca Dhuibhne agus ar "Nerin" i nGaelainn Mhanann.

Dhá shampla eile ó Chorca Dhuibhne a rith liom inniu: "meach" mar ainmneach uatha in ionad "beach" agus rud is suimiúla fós "mhoing" mar ainmneach uatha is gach aon chás in ionad "moing" - an mhoing, na mhoinge, na mhoingeanna.

Is dócha go n-eascair "meach" mar ainmneach uatha as leaganacha leithéid "crónán na mbeach" inar tuigeadh do dhaoine gur "crónán na meach" é agus deineadh ainmneach nó dá réir sin do: an mheach, na meiche, na meacha, na meach.

Maidir le "mhoing", tá san aige Dáithí Ó Luineacháin in Cnuasach Focal ón gCom fé "vuing" d'fhonn a léiriú gur ainmneach ann féin an leagan san. Cím go bhfuil "víog - víogáil" luaite ag Ó Dónaill mar leaganacha malartacha do "bíog - bíogáil".

Bítear ag cnáimhseán coitianta ar an leitir v a bheith sa Ghaelainn scríte agus áitítear nách do dhúchas na teangan é /v'/ ná /v/ a bheith i dtosach focail mar bhunleagan ainmneach gan aon ní do shórt réamhfhocal nó ainmfhocal cinnte, abair, a theacht roimis a thabharfadh an séimhiú ar an gconsan tosaigh. Bréagnú air sin é "vuing" agus "víogáil" mar bhunleaganacha ainmneacha aige Ó Dónaill agus Ó Luineacháin. Mara leor san mar fhanaise féachaíg go bhfuil "véalbhach", leis, (in ionad "béalbhach") tugtha aige Diarmuid Ó Sé.



©Daltaí na Gaeilge