mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2011 (January-February) » Archive through January 05, 2011 » Microsoft Office Home and Student 2007 - Ceist « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Carmanach
Member
Username: Carmanach

Post Number: 883
Registered: 04-2009
Posted on Friday, December 24, 2010 - 09:00 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

A Chairde,
Tá deacracht bheag agam le réiteach. Doiciméad Word go rabhas ag obair air ar mo ríomhaire féinig thíos i mBleá Cliath, thugas liom ar chuimhne sheachtrach é ó dheas go Loch Garman. Tá na bogearraí céanna suiteáltha agam ar an dá ríomhaire: Microsoft Office Home and Student 2007. Ach nuair a dh'osclaím an doiciméad anso i Loch Garman, ní dh'aithníonn an gléas cuid dos na comhairthaithe foghraíochta. Cuireann sé + in inead ː. Bhfuil aon leigheas air sin, an bhfeadrabhair? Tá an doiciméad in Compatability Mode - Microsoft Word non-commericial use.

Nollaig fé mhaise agus Bliain nú fé chúmpórd daoibh uile!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Carmanach
Member
Username: Carmanach

Post Number: 884
Registered: 04-2009
Posted on Friday, December 24, 2010 - 09:06 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Bheinn baoch d'éinne go mbeadh fuascailt na faidhbe seo aige nó aici!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 10946
Registered: 08-2004


Posted on Friday, December 24, 2010 - 09:09 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

An bhfuil na clóanna céanna ar fáil duit? Tharlódh sé go bhfuil an cló atá de dhíth ort in easnamh.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Carmanach
Member
Username: Carmanach

Post Number: 885
Registered: 04-2009
Posted on Friday, December 24, 2010 - 09:18 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

quote:

An bhfuil na clóanna céanna ar fáil duit? Tharlódh sé go bhfuil an cló atá de dhíth ort in easnamh.



Bhuel, ó luann tú liom é, maidir leis na clónna dho, tá dornán dos na comharthaithe foghraíochta in éamais ar an gcóras anso. In "Insert - Symbol" ba cheart dóibh a bheith. An bhfuil deifir éigint ideir bunleagan amach an dá ríomhaire agus má tá, cana thaobh?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 10947
Registered: 08-2004


Posted on Friday, December 24, 2010 - 09:26 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Tharlódh nach bhfuil clónna Unicode ar fáil duit.

An bhfuil leagan éagsúil de Windows i gceist?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Carmanach
Member
Username: Carmanach

Post Number: 886
Registered: 04-2009
Posted on Friday, December 24, 2010 - 09:39 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

quote:

An bhfuil leagan éagsúil de Windows i gceist?



Ní déarfainn é - ar a dheárthamh ach go háirithin. Tá an leagan amach céanna air. Tá an déanamh ceannann céanna ar Word ach a n-oscailíotar é. "Unicode - hex" athá ar an ríomhaire seo i mbosca na gcomharthaithe a chuir isteach (insert symbols box).



©Daltaí na Gaeilge