Author |
Message |
Corkirish
Member Username: Corkirish
Post Number: 477 Registered: 10-2010
| Posted on Thursday, December 23, 2010 - 05:29 am: | |
I have modernised the spelling of PUL's Christmas Day sermon (taken from his Seanmóin is Trí Fichid) and it can be viewed at http://www.corkirish.com/wordpress/archives/1469 |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10936 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, December 23, 2010 - 05:55 am: | |
Bullaí fir. Céard é "Leamhnú Dé"? |
|
Corkirish
Member Username: Corkirish
Post Number: 478 Registered: 10-2010
| Posted on Thursday, December 23, 2010 - 05:56 am: | |
Leamhnú Dé = deonú Dé (the will of God) Leamhnú is cross referenced to deonú on Ó Dónaill's dictionary. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10937 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, December 23, 2010 - 05:59 am: | |
Maith agat. Níl an Dálach le lámh agam anseo. |
|
Corkirish
Member Username: Corkirish
Post Number: 479 Registered: 10-2010
| Posted on Thursday, December 23, 2010 - 06:09 am: | |
Ar léighis an seanmóin go léir? Cad a cheapann tú? Ar sheanmóin maith a thug sé uaidh? Tá an seanmóin sin ráite go díreach tar éis an soiscéil a léigheadh - agus mar sin tá an chéad abairt beagáinín doiléir "gan amhras do mheas an t-Impire ardchomhachtach san a bhí an uair sin ina cheann ar Impireacht na Rómha gur ag déanamh a thoile fein a bhí sé nuair a chuir sé amach an t-ordú san". Tá sé ag tagairt do dhaonáireamh na Impireachta gur thug Iósaf agus Muire go Betlehem - ach is dóigh liom gur thuigis ón gcomhthéacs é... |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10938 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, December 23, 2010 - 06:14 am: | |
Thuig, gan amhras. Is fada ó chuala mé aitheasc a bhí chomh bunaithe ar an soiscéal! Mar sin, togha aithisc is ea é, dar liom. Ach ba chróga an sagart a thabharfadh ceann mar é anois, agus ní i líonmhaire atá a leithéidí de shagart ag dul. quote:Sagart óir agus cailísí crainn A bhí le linn Phádraig in Éirinn; ach sagairt chrainn agus cailísí óir I ndeireadh an domhain dearóil. |
|
Corkirish
Member Username: Corkirish
Post Number: 480 Registered: 10-2010
| Posted on Thursday, December 23, 2010 - 06:23 am: | |
Tá an ceart agat, a Aonghus. Is fearr liomsa na sagairt a choimeád cóngarach don soiscéal ina aitheascaibh pé thuairimí air atá acu. Ach d'airíos go raibh i bhfad níos mó sagairt den tsaghas "fire and brimstone" agaibhse in Éirinn ná mar atá againne i Sasana - b'fhéidir ná fuilid siad mar sin a thuilleadh ar a ndrochuair! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10939 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, December 23, 2010 - 06:53 am: | |
Sílim gur fada ó bhí sin amhlaidh abhus. |
|
Carmanach
Member Username: Carmanach
Post Number: 874 Registered: 04-2009
| Posted on Thursday, December 23, 2010 - 08:02 am: | |
quote:Leamhnú is cross referenced to deonú on Ó Dónaill's dictionary. Ní hannamh l in inead d theas: leochaileacht - deochaileacht - táid araon ann. |
|
Corkirish
Member Username: Corkirish
Post Number: 481 Registered: 10-2010
| Posted on Thursday, December 23, 2010 - 08:22 am: | |
agus léas in inead dias ("ear of corn") chomh maith |
|
Carmanach
Member Username: Carmanach
Post Number: 876 Registered: 04-2009
| Posted on Thursday, December 23, 2010 - 08:49 am: | |
Go díreach é! |
|