I am giving a lot of context here, as this ormsa is hard to understand:
quote:“Ó, tuigim,” arsa Amhlaoibh. “Agus tá do bhriathar rí tabhartha agatsa do Mhurchadh agus do Bhrian go ndéanfair do dhícheall chun an cinn a bhaint díom. Nách simplí na daoine iad! Ach ar ndóigh, táim féin chomh simplí le héinne acu. Dá mb’áil liomsa an ceann a bhaint d’fhear na gcos nuair a bhí greim agam air ní bheadh an ceann le baint díom féin anois, agus ní bheadh do bhriathar rí tabhartha uait agatsa chuige. Ach sin mar a imíonn i gcónaí ar an nduine ná baineann an ceann dá namhaid nuair a gheibheann sé an lom air. Gheobhaidh an namhaid sin lom air féin agus bainfidh sé an ceann de.”
“An neosfair don rí gur tháinig Maeleachlainn agus Murchadh anso?” arsa Sitric.
“Imeod soir láithreach agus neosfad an uile fhocal de dhó, agus neosfad dó go dtáinig fear na gcos anso in éineacht leo, agus ná tiocfadh dá mb’áil leis an rí leogaint domhsa an ceann a bhaint de in inead an phúicín a chur air,” arsa Amhlaoibh. “Chuirfinnse púicín air a chuirfeadh deireadh lena chuid spiaireachta. Ach ní haon mhaith bheith ag caint anois air mar scéal. An ceannaí! An peidléir! Is deas an obair bheith ag tabhairt ceart ceannaíochta dá leithéid sin! Ceart spiaireachta atá tugaithe dhó!”
“Agus go mór mór ós duine tusa ná déanfadh spiaireacht in aon chor! Ba lag leat a leithéid a dhéanamh!” arsa Sitric.
“Cuir uait an magadh, a rí,” arsa Amhlaoibh. “Ní cúrsaí magaidh é. Déanfaidh Donn mac Beathach díobháil fós dúinn, agus ní dhéanfadh dá ndeintí rud ormsa nuair a bhí greim againn air. Ach é a chur anall abhaile ina shaol agus ina shláinte! Ní féidir liom foighneamh leis mar scéal nuair a chuimhním air!”
So Amhlaoibh regrets that he did not cut off Donn mac Beathach's head when he had the chance. But why "ní dhéanfadh dá ndeinti rud ORMSA nuair a bhi greim againn air"? It would make sense to said AIRSEAN instead?
Also "Ach sin mar a imíonn i gcónaí ar an nduine": is there a missed out "sé" here? Sin mar a imíonn sé ar an nduine?