Corkirish
Member Username: Corkirish
Post Number: 407 Registered: 10-2010
| Posted on Thursday, December 16, 2010 - 07:27 pm: | |
Tá a lán duáilcí agam, ar an ndrochuair, ach ní har an gceist seo atháim ag tráchtadh anois...Ba mhaith liom a dh'fháil amach an amhlaidh go mbeadh "v" ann i nGaelainn Chorcaí nó ná beadh? Is é leitriú traidisiúnta ná dubháilce agus subháilce, agus dar le Brian Ó Cuív ba chóir /v/ á choimeád mar ba ghuta fada a leanadh é. Mar sin, b'fhéidir go mbeadh /də'vɑ:lʹkʹi/ agus /sə'vɑ:lʹkʹi/ ann. Cad a mheasann sibh air? |
Carmanach
Member Username: Carmanach
Post Number: 820 Registered: 04-2009
| Posted on Friday, December 17, 2010 - 05:57 am: | |
N'fheadarsa ach féach gur mar /dəˈvɑːn/ a deirtear "duán" (dubhán) i gCorca Dhuibhne. (Message edited by carmanach on December 17, 2010) |