mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2010 (November-December) » Archive through December 21, 2010 » /uːə/ > /oː/ « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Carmanach
Member
Username: Carmanach

Post Number: 791
Registered: 04-2009
Posted on Monday, December 13, 2010 - 03:32 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Chaintigh David ar an bhfocal "slua" agus na leaganacha a ghaibheann leis agus dúirt go ndeintear "sló" do "slua" i bhfoirmeacha áirithe i Múscraí. Luas-sa "cnuasach" agus "nua" agus "Béal Átha na Sluaighe" go ndeintear /oː/ do /uːə/ iontu. Sampla maith eile a rith liom ag siúl abhaile abhaile dhom, mar athá, an líne seo a leanas san amhrán "An Gamhnaichín", dá rá aige Diarmuidín Ó Súilleabháin ar an ndlúthdhiosca "Bruach na Carraige Báine":

"Bligeardaí na tuaithe á rá gurb in í suas í,
'Sé a dheinidís de thrua dhíom; "A' bhfuarais í, a Sheáin?"

"thró" /hroː/ a deir sé agus ní hé /hruːə/. Ní foláir nó go bhfuil samplaí eile ar fáil ach iad a chaimseach.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 3735
Registered: 01-2005


Posted on Monday, December 13, 2010 - 03:38 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Snó/snua and sluaite/slóite in certain songs
Fógra/fuagra

Btw, -ua- derives from -ó- in pre-historical Irish, so there's no wonder.

Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Corkirish
Member
Username: Corkirish

Post Number: 352
Registered: 10-2010
Posted on Monday, December 13, 2010 - 04:00 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Go raibh maith agaibh, a Ailín agus a Lughaidh, ach do bheadh sé orm an cheist seo a chur ar na cainteoiríbh is deise i Músgraí sara bhféadfainn deimhne a dhéanamh de conas do fuaimníodh an tAthair Peadar an focal so, toisc a mhinicí a dhein sé úsáid den leitriú chlaisiceach i measc na bhfoirmeacha mí-traidisiúnta do dhein sé féin do Ghaelainn Mhúsgraí. Ach tá do thuairim, a Ailín, buailte isteach im aigne anois, agus is dócha go raibh fuaimniú "ó" ag a lán focal leitrithe le "ua", go mór mór sa chaint tapaidh.

(Message edited by corkirish on December 13, 2010)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Carmanach
Member
Username: Carmanach

Post Number: 793
Registered: 04-2009
Posted on Monday, December 13, 2010 - 05:09 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

quote:

Btw, -ua- derives from -ó- in pre-historical Irish, so there's no wonder.



Thanks for that, Lughaidh. I wasn't aware of that.

quote:

is dócha go raibh fuaimniú "ó" ag a lán focal leitrithe le "ua", go mór mór sa chaint tapaidh.



Ní dó liom go mbaineann so le luas ná moille na cainte mar gurb é "cnósach" a deirtear i gcónaí, i gcaint mhall thomhaiste agus i gcaint thapaidh chomh maith céanna.



©Daltaí na Gaeilge