Author |
Message |
Áine Máire (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, December 01, 2010 - 11:04 am: | |
An bhfuil a fhios ag duine ar bith cad atá i gceist anseo? "Na piarachtaí atá ag baint leis an phost seo agus na dóigheanna a dtabharfainn féin fúthú dá gceapfaí mé." Níor chuala mé an focal "piarachtaí" riamh agus caithfidh mé a bheith cinnte faoin miniú mar seo rud a chaitheas mé a ullmhú do agallamh ar an Aoine! GRMA |
|
Carmanach
Member Username: Carmanach
Post Number: 721 Registered: 04-2009
| Posted on Friday, December 03, 2010 - 05:15 am: | |
Déarfainn ar a dhealramh go mb'fhéidir gur théarma éigineach Ultach é i bhfiainise "leis an phost", "na dóigheanna", "fúthú", ach féach an bhfeadarsa cad é a chiall . . . |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10828 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, December 03, 2010 - 05:58 am: | |
Dhá fhéidearthacht a ritheann liom a) na cúinsí nó b) na tosaíochtaí Ón gcuid eile den abairt shamhlóinn gurbh b) atá i gceist. Nach bhfuil aon meamraiméiseoir Ultach sa teach? (Message edited by aonghus on December 03, 2010) |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 3716 Registered: 01-2005
| Posted on Friday, December 03, 2010 - 07:51 am: | |
Meamraiméiseoir? Nil's agam an bhfuil a leithéid ann anseo. -) Ach cibé ar bith ta Gaeilg Uladh agam :-) In Ultaibh chan abartar "dóigheanna" ach "dóigheannaí", chan abartar "fúthú" ach "faofa", go bhfios domh. Agus sílim go n-abartar "posta" in áit "post". :-) Agus ar an drochuair, níl leid ar bith agam cad é is ciall le "piarachtaí" ach an oiread... Níl sé le fáilt ar Ghoogle ná in Tobar na Gaedhilge... Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/ |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 1031 Registered: 07-2006
| Posted on Friday, December 03, 2010 - 08:45 am: | |
Botún cló? Priarachtaí? Priorities? Tosaíochtaí? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10832 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, December 03, 2010 - 08:50 am: | |
Rith sin liom freisin agus tá tagairtí ar líne do "priarachtaí" a thabharfadh le fios gurbh é sin atá i gceist. |
|
Joe
Member Username: Joe
Post Number: 70 Registered: 09-2009
| Posted on Saturday, December 04, 2010 - 08:06 am: | |
Botún cló agus "Nuspeak" na Gaeilge |
|