Táim ag casadh leis an abairt seo a leanas a thuiscint:
quote:Agus thug sé leabhar Aifrinn leis don mhainistir, agus leabhar Soiscéal a bhí scríofa i Laidean. Ach ní raibh aon ní dár thug sé leis ba mhó gur deineadh ionadh dhe ná éide Aifrinn a bhí déanta d’éadach snáthóir agus gur dhóigh le duine gurbh ór ar fad í, bhí sí chomh greanta san.
Éadach snáthóir? Níl focal "snáthóir" le feiscint i bhfoclóir an Dálaigh, ach deir an Duinníneach gur brí le "snáthóir" ná "threadmaker". Ach ní dóigh liom go ngabann sé go maith san abairt sin, go mór mór toisc gan tuiseal ginideach a bheith ar an bhfocal snáthóir. Ní fheadar, arbh féidir gur bhrí le "snáthóir" ná "snáitheach" mar aidiacht, "threadlike" - threadlike clothes, clothing made of thread?
Cad a cheapann sibh?