Posted on Wednesday, December 01, 2010 - 05:50 am:
Do cheapas go raibh a lán sneachtaidh ann an lá fé deireadh, ach ní raibh. I gcomparáid le hinniubh, ní raibh puinn de ann. Tá oiread agus troigh de ar an dtalamh inniubh, agus cé go bhfuil mo dhóthain bídh sa bhaile agam i gcomhair lae nó dhó, tá sé ag brú isteach ar aigne agam cad a dhéanfad ina dhiaidh san, go mór mór má thiteann a thuilleadh sneachtaidh. D'airíos ná fuil an scéal chomh holc san agaibhse in Éirinn, 'sea, níl aon rud le déanamh agam ach fanamhaint sa bhaile agus bheith ag foghlaim na Gaelainne! Tá an caife ídithe agam anois, agus níl aon rud ann le hól ach uisce!
(Message edited by corkirish on December 01, 2010)
Posted on Wednesday, December 01, 2010 - 06:17 am:
Cé go bhfuil sé ana-dheacair siúl sa sneachta, is álainn an fhéachaint óm fhuinneoig an sneachta a thitim! Ach ní fhéadfainn cónaí a bheith orm i dtír fhuath!
Posted on Wednesday, December 01, 2010 - 06:28 am:
quote:
i dtír fhuath!
Ná mise. Tír fhuair, sin ceist eile. Chaith mé na blianta i mBeirlín, bhí an chéad Gheimhridh dom ann ana dhian; bhí an Havel reoite ar feadh roinnt seachtainí.