Corkirish
Member Username: Corkirish
Post Number: 228 Registered: 10-2010
| Posted on Sunday, November 28, 2010 - 08:48 am: | |
Do chuir sé sneachta aréir sa bhaile 'na bhfuil cónaí orm - agus is go breá annamh an rud é an sneachta a luí ar an dtalamh i Sasana chomh luath san sa bhliain - do bhíos-sa ag brath air i mí na Feabhra, ach ní cuimhin liom aon uair eile go raibh sé ag cur sneachtaidh i mí na Samhna. Do thug na gardaí comhairle dhúinn gan dul amach mara mbeidh aon ghá leis. Níl aon trácht ar conas atá an domhan ag dul i dteocht anois díreach - ach is ait an scéal é, go mór mór a rá go nduairt an rialtas go mbeadh sé ar cheann des na bliantaibh is teo i mbliana. Go hobann, tá an abhar so curtha díobh ag an mBBC ar chuma éigin. Conas 'tá an lá in Éirinn inniubh? (Message edited by corkirish on November 28, 2010) |
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10796 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, November 28, 2010 - 10:20 am: | |
Thit sneachta maidin inné, agus bhí tintreach agus toirneach ann freisin; rud nach gcuimhin liom cheana i mí na Samhna. Thit breis sneachta aréir; ach níos lú ná orlach. Go bhfios dom tá na bóithre móra go breá, ach táid sleamhain thart ar an eastáit tithíochta abhus. |