quote:
Ghabh na Gileádaigh áthanna na Iordáine ar na hEafráimigh. Ansin nuair a deireadh aon teifeach ó Eafráim: “Scaoil anonn mé!” deireadh fir Ghileád: “An as Eafráim duit?” Nuair a deireadh sé: “Ní hea,” deiridís leis: “Abair sibolet más ea,” agus deireadh sé: “Suibolet,” mar nach bhfeadfadh sé an focal a fhoghrú i gceart. Ansin ghabhaidís é agus chuiridís chun báis é ag áthanna na Iordáine.
Breit: 12 5-5 Mheabhraigh an t-alt úd a chuir Ailín nasc chuige an scéal seo dom: Téann an nós línte a tharraingt de réir urlabhra/canúint i bhfad siar!