Author |
Message |
Seamás91
Member Username: Seamás91
Post Number: 309 Registered: 10-2009
| Posted on Thursday, November 25, 2010 - 09:59 am: | |
Cén a bheadh an ghaelinn ar an n-abairt san? Bhíos ag smaoineamh (go héagórach, ar ndoigh) go mbeadh sé rud éigin mar seo: 'focail cáiliúil deireanach'. 'mar ná beidh ár leithidí arís ann' -Tomás O'Croitháin (An t-Oiléanach) |
|
Corkirish
Member Username: Corkirish
Post Number: 203 Registered: 10-2010
| Posted on Thursday, November 25, 2010 - 10:02 am: | |
Well, that would be just translated English - and really you need to find equivalent sayings in other languages rather than just translating such things. But the pl. of cáiliúil is cáiliúla and the pl. of deireanach is deireanacha. Focail cháiliúla dheireanacha |
|
Seamás91
Member Username: Seamás91
Post Number: 310 Registered: 10-2009
| Posted on Thursday, November 25, 2010 - 10:18 am: | |
Thanks but i feel a bit guilty about it being 'just translated english'. Is there any equivalent as gaelinn? 'mar ná beidh ár leithidí arís ann' -Tomás O'Croitháin (An t-Oiléanach) |
|
Carmanach
Member Username: Carmanach
Post Number: 682 Registered: 04-2009
| Posted on Thursday, November 25, 2010 - 10:25 am: | |
A phrase used to express disbelief, rejection, or self-deprecation. For example, They said we'd get an extra bonus at Christmas—famous last words! or This book is bound to make the best-seller list—famous last words! This expression alludes to grandiose statements about human affairs that prove to be untrue, such as “This is the war to end all wars,” or “We must make the world safe for democracy.” [Late 1930s] http://idioms.yourdictionary.com/famous-last-words Mar dhea! |
|
Corkirish
Member Username: Corkirish
Post Number: 204 Registered: 10-2010
| Posted on Thursday, November 25, 2010 - 01:30 pm: | |
Good thinking, Ailín. |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 1018 Registered: 07-2006
| Posted on Thursday, November 25, 2010 - 02:45 pm: | |
Ceist eolais: an ionann "mar dhea" agus "mar dhóigh dhe"? Déarfainn gurb é "mar dhea" an chéad fhocal Gaeilge a d'fhoghlaimíos i mo naí dhom sa chliabhán. Daoine an-díchreidmheach ab ea mo mhuintirse. Má bhíodar bocht ní rabhadar saonta. Thuigfidis an "4 Year Plan" go maith. |
|
Carmanach
Member Username: Carmanach
Post Number: 686 Registered: 04-2009
| Posted on Thursday, November 25, 2010 - 05:59 pm: | |
Ní dh'airíos-sa riamh "mar dhóigh dhe". Cá bhfeacaís nó cá n-airís féin é? Mar dhea, mar dhe, mar dhia - tá na trí leagan san ann. |
|
Carmanach
Member Username: Carmanach
Post Number: 687 Registered: 04-2009
| Posted on Thursday, November 25, 2010 - 06:03 pm: | |
quote:Déarfainn gurb é "mar dhea" an chéad fhocal Gaeilge a d'fhoghlaimíos i mo naí dhom sa chliabhán. Daoine an-díchreidmheach ab ea mo mhuintirse. Má bhíodar bocht ní rabhadar saonta. Thuigfidis an "4 Year Plan" go maith. "d'fhoghlaimíos"? "dhom"? "má bhíodar"?? "ní rabhadar"????? Th'anam 'on diucs, a Thaidhgín, ab ea ná fuil aon mheas in aon chor agat ar an gCaighdeán Oifigiúil??!!! LOL |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 1019 Registered: 07-2006
| Posted on Thursday, November 25, 2010 - 09:07 pm: | |
Coinbhéartaíoch mé. (coinbhéartach? / coinbhéartaí?) |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 1020 Registered: 07-2006
| Posted on Thursday, November 25, 2010 - 09:33 pm: | |
Leagan coitianta go leor sa chaint agam féin é "mar dhóigh dhe" agus "amhail is" nó a leithéid de chur i gcéill i gceist agam. Seans gur thángas air i scríbhinní Uí Chadhain tráth dá mbinn á léamh fadó. Tá siad go léir agam -- An Braon Broghach, Idir Shúgradh is Dáiríre, Cois Caoláire, An tSraith X 3, Cré na Cille, agus Barbed Wire, Mr Hill Mr Tara, agus Ar chuala sibh faoi Rath Cairn san áireamh -- ach is fada ó bhain mé an dusta díofa. Rinne mé iarracht iad uilig a léamh ach caithfidh gur éist mé leis an leagan raidió de Cré na Cille ó thús deireadh seacht nó ocht n-uaire agus mé sa charr. Tá sé ar fáil ar CD Rom-anna mar is eol daoibh. Ba bhreá liom a thuilleadh de litríocht na Gaeilge a bheith ar fáil ar an gcaoi chéanna: Cúirt an Mheáin Oíche, Na hAird Ó Thuaidh, Bríde Bhán, srl |
|