mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2010 (November-December) » Archive through November 17, 2010 » Imitatio Christi « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Corkirish
Member
Username: Corkirish

Post Number: 53
Registered: 10-2010
Posted on Saturday, November 13, 2010 - 09:48 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

I have modernised the spelling of Peadar Ua Laoghaire's translation of the first chapter of Thomas à Kempis' Imitatio Christi:

LEAN CRÍOST AGUS TABHAIR DROIM LÁIMHE LE BAOIS AN TSAOIL.

1. An té a leanann Mise ní shiúlann sé sa doircheacht, a deir an Tiarna. Bréithre Chríost iad san. Cuirid siad in úil dúinn, más maith linn bheith gan doircheacht ná daille intinne, nách foláir dúinn, in ár mbeatha agus in ár mbéasaibh, aithris a dhéanamh ar Chríost féin.

Bímís, dá bhrí sin, ag síormhachnamh ar bheatha Íosa Críost.

2. Tá bua ag an dteagasc a thugann Críost uaidh ar theagasc na naomh go léir, agus an té go mbeadh an intinn cheart aige gheobhadh sé bia spioradálta sa teagasc san.

Ach ráiníonn dá lán daoine bheith ag éisteacht go minic leis an Soiscéal agus ná cuirid siad puinn suime ann, toisc gan intinn Chríost a bheith acu.

Ach an té gur mian leis bréithre Chríost do thuiscint i gceart, agus le sochar, ní foláir dó a dhícheall a dhéanamh chun a bheatha ar fad do chur ar aon dul le beatha Chríost.

3. Cad é an tairbhe dhuit bheith ábalta ar labhairt go léannta ar an dTríonóid, más duine gan umhlaíocht tú agus go gcuireann tú fearg ar an dTríonóid?

Is deimhin nách briathra doimhne a dheineann naomh ná fíréan de dhuine; ach gur beatha mhaith a tharraingíonn grá Dé ar dhuine.

B’fhearr liom an aithrí a bheith im chroí ná mé a bheith ábalta ar a dh’insint cad é an ní aithrí.

Dá mbeadh an Bíobla go léir de ghlanmheabhair agat, agus ráite na n-ollamh go léir, cad é an tairbhe dhuit é gan grá Dé agus grásta Dé a bheith agat?

Baois gach baoise agus baois ar fad is ea gach ní ach amháin grá a thabhairt do Dhia agus a thoil do dhéanamh.

Sid í an chiall is aoirde, neamhshuim do chur sa tsaol so agus ríocht na bhflathas do shaothrú.

4. Baois, dá bhrí sin, is ea dúil a chur i saibhreas agus bheith ag brath air, mar raghaidh sé ar neamhní.

Baois is ea dúil a chur in onóir, agus bheith ag rith i ndiaidh na huaisleachta.

Baois is ea toil a thabhairt do dhrúis, dúil a chur sa rud a chuirfidh pianta ifrinn ort ar ball.

Baois is ea dúil a chur i saol fada a dh’fháil, agus gan dúil a chur i saol fónta a chaitheamh.

Baois is ea féachaint chun na beatha so ar fad, agus gan cuimhneamh in aon chor ar an mbeatha atá romhainn.

Baois is ea mian ár gcroí do chur ins na nithibh atá ag imeacht uainn ar cosa in airde, agus gan brostú chun na háite ina mbeidh aoibhneas síoraí againn, agus go bhfanfaidh sé againn.

5. Cuimhnigh go minic ar an seanfhocal úd: Ní bhíonn an tsúil sásta lena bhfeiceann sí, ná an chluas lena n-airíonn sí. Breithnigh, dá bhrí sin, ar conas a choimeádfair do chroí ó ghrá dos na nithibh a chítear, agus ar conas a dh’iompóir ar na nithibh ná feictear. Óir, an mhuintir a leanann sásamh a ndrochmhian sailíd siad a gcoinsias, agus caillid siad grásta Dé.



©Daltaí na Gaeilge