Author |
Message |
Teachdorcha
Member Username: Teachdorcha
Post Number: 22 Registered: 09-2010
| Posted on Saturday, November 13, 2010 - 06:02 am: | |
Cad is brí le ma línte seo? "Loscadh sléibhe agus scalladh cléibhe ar an áit a éagadar is milléan crua" Tuigim 'Loscadh sléibhe' ach nílim cinnte cad atá i gceist sna línte go hiomlán. Tuigim go bhfuil liricí Béarla ar fáil ( http://www.cranfordpub.com/langan/anac_cuan.htm) ach ní hé sin an rud cheana (Message edited by teachdorcha on November 13, 2010) |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 1001 Registered: 07-2006
| Posted on Saturday, November 13, 2010 - 06:36 am: | |
Cuirm mo mhallacht is míle mallacht ar an áit ar tharla an timpiste, an áit ina bhfuair siad bás. |
|
Carmanach
Member Username: Carmanach
Post Number: 577 Registered: 04-2009
| Posted on Tuesday, November 16, 2010 - 05:43 am: | |
quote:"Loscadh sléibhe agus scalladh cléibhe ar an áit a éagadar is milléan crua" loscadh sléibhe = wildfire scalladh cléibhe = stinging pain in the chest éagadar = they died milleán crua = severe censure |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10682 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, November 16, 2010 - 06:14 am: | |
Cén brí a bheadh le "scalladh cléibhe" do áit? |
|
Carmanach
Member Username: Carmanach
Post Number: 580 Registered: 04-2009
| Posted on Tuesday, November 16, 2010 - 06:45 am: | |
quote:Cén brí a bheadh le "scalladh cléibhe" do áit? Ag mallachtú na háite athá an file is á tharrac san anuas air é. (Guím) Loscadh sléibhe agus scalladh cléibhe ar an áit a éagadar is milléan crua |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10683 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, November 16, 2010 - 06:57 am: | |
Tuigim sin go maith. Ach ní thuigim conas go ndéanfadh scalladh cléibhe, más cliabhrach duine atá i gceist, dochar do áit. Nó an amhlaidh atá an file ag guí go dtiocfadh scalladh cléibhe ar aoinne a leagan cos ar an áit? |
|
Carmanach
Member Username: Carmanach
Post Number: 581 Registered: 04-2009
| Posted on Tuesday, November 16, 2010 - 07:03 am: | |
quote:Tuigim sin go maith. Ach ní thuigim conas go ndéanfadh scalladh cléibhe, más cliabhrach duine atá i gceist, dochar do áit. Meafar is ea é, a Aonghuis! "Mallacht Dé ar an áit sin!" |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10684 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, November 16, 2010 - 07:31 am: | |
Tá go maith. Bhíos féin ag ceapadh go raibh ciall ar leith leis; ag smaoineamh ar chliabhán a bhíos, i. an file ag guí nach rugfaí aoinne ann riamh arís, mar shampla. Is dócha go rabhas ró chasta i mo thuairimí. |
|
Carmanach
Member Username: Carmanach
Post Number: 582 Registered: 04-2009
| Posted on Tuesday, November 16, 2010 - 07:47 am: | |
quote:Bhíos féin ag ceapadh go raibh ciall ar leith leis; ag smaoineamh ar chliabhán a bhíos Occam's razor! quote:an file ag guí nach rugfaí aoinne ann riamh arís Recte: "nach mbéarfaí", "go deo arís", "róchasta". |
|