Author |
Message |
Seáiní_mac
Member Username: Seáiní_mac
Post Number: 10 Registered: 10-2010
| Posted on Thursday, November 11, 2010 - 09:41 am: | |
A Chairde Cad é an bhrí ar seo leanas: ar a bharr sin dá bharr sin ? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10664 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, November 11, 2010 - 09:49 am: | |
ar a bharr sin | chomh maith leis sin | dá bharr sin | toisc gur tharla sé sin |
|
|
Seáiní_mac
Member Username: Seáiní_mac
Post Number: 11 Registered: 10-2010
| Posted on Thursday, November 11, 2010 - 09:51 am: | |
mar sin, go mo leithsceal, i mBearla dá bharr sin - since that happened/because that happen An mbeadh sin i gceart? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10665 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, November 11, 2010 - 09:53 am: | |
Bheadh. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10666 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, November 11, 2010 - 09:54 am: | |
barr [ainmfhocal firinscneach den chéad díochlaonadh] gob, pointe (barr méire, barr pinn); an pointe is airde, mullach (barr crainn, barr cnoic); an pháirt uachtarach (barr tí, barr leathanaigh); uachtar (ar bharr talún, ar bharr an uisce); rud a fhásann ar bharr talún (barr coirce, barr prátaí); toradh (de bharr mo shaothair); breis (barr ar mhíle); bua (barr a bhreith ar dhuine); deireadh (tá mé i mbarr mo chéille acu). |
|
Seáiní_mac
Member Username: Seáiní_mac
Post Number: 12 Registered: 10-2010
| Posted on Thursday, November 11, 2010 - 10:01 am: | |
grma a chara |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10667 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, November 11, 2010 - 10:02 am: | |
Níl a bhuíochas ort. |
|
Carmanach
Member Username: Carmanach
Post Number: 566 Registered: 04-2009
| Posted on Thursday, November 11, 2010 - 10:19 am: | |
ar a bharr sin = chomh maith leis sin? Cá bhfeacaís san, a Aonghuis? de bharr = i dtaobh dea-thoradh a bheith ar rud de dheasca(ibh) = i dtaobh drochthoradh a bheith ar rud |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10668 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, November 11, 2010 - 10:35 am: | |
quote:ar a bharr sin = chomh maith leis sin? Cá bhfeacaís san, a Aonghuis? B'fhéidir go bhfuil breall orm faoi sin; is dócha go rabhas ag smaoineamh ar "on top of that" Béarla na hÉireann. Ach tá sé le feiceáil http://www.google.ie/search?hl=ga&client=firefox-a&hs=3au&rls=org.mozilla%3Aga-I E%3Aofficial&q=%22ar+a+bharr+sin%22&btnG=Cuardaigh |
|
Carmanach
Member Username: Carmanach
Post Number: 568 Registered: 04-2009
| Posted on Thursday, November 11, 2010 - 10:41 am: | |
quote:Ach tá sé le feiceáil Go sábhála Dia sinn! Google? Más dea-Ghaelainn athá uait, fan glan amach ar Google. Cífír nach aon tsórt fastaím air sin. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10669 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, November 11, 2010 - 11:00 am: | |
Ní raibh mé ag maíomh gur dea-Ghaeilge a bhí ann. Ní bheadh sé agam féin, ach thiocfadh sé go bhfaca Seáiní áit éigin é. |
|
Carmanach
Member Username: Carmanach
Post Number: 569 Registered: 04-2009
| Posted on Thursday, November 11, 2010 - 12:08 pm: | |
Tuigim ach sin an taobh go ndeirimse libh i gcónaí gan aon iontaoibh a thabhairt le haon ní ná fuil scríte nó ráite aige cainteoir maith Gaeltachta. |
|
Suaimhneas
Member Username: Suaimhneas
Post Number: 534 Registered: 08-2006
| Posted on Thursday, November 11, 2010 - 06:03 pm: | |
An aithne í sin? |
|
Carmanach
Member Username: Carmanach
Post Number: 571 Registered: 04-2009
| Posted on Friday, November 12, 2010 - 08:00 am: | |
quote:An aithne í sin? Mar is rogha leat féin, a Mhíshuaimhnis ach leanódsa orm lem chuid staidéir ar Iodáilis Roma, Firenze agus Torino agus séidfead Iodáilis Dhroichead Átha, Chill Dara agus an Inbhir Mhóir an fhuinneog amach . . . |
|
Suaimhneas
Member Username: Suaimhneas
Post Number: 535 Registered: 08-2006
| Posted on Friday, November 12, 2010 - 08:30 am: | |
Míshuaimhneas? Táim im shuí is cupán caife agam, An Blascaod Mór os mo chomhair. Níl faic ag cur isteach ormsa |
|